100,000 cainteoir laethúil faoi 2032 agus deontas tithíochta do mhuintir na Gaeltachta i measc ghealltanais Pháirtí an Lucht Oibre

Deir Páirtí an Lucht Oibre nach bhfuil an méid atá déanta go dtí seo chun cur le húsáid na Gaeilge ag obair agus go mbeidh cur chuige nua ag an bpáirtí chun é sin a chur ina gceart

100,000 cainteoir laethúil faoi 2032 agus deontas tithíochta do mhuintir na Gaeltachta i measc ghealltanais Pháirtí an Lucht Oibre

Tá sprioc 100,000 cainteoir laethúil Gaeilge faoi 2032, bliain scoile iomlán trí Ghaeilge agus deontais tithíochta do chainteoirí dúchais sa nGaeltacht agus ‘Lárionad Náisiúnta um Fhoghlaim na Gaeilge’ i measc na mbeartas teanga atá luaite ag Páirtí an Lucht Oibre ina bhfórógra toghcháin.

Deirtear sa bhforógra, Building Better Together, gurb é an “misean” atá ag an bpáirtí ná “an Ghaeilge a chosaint agus a fhorbairt mar theanga bheo, aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá aici inár bhféiniúlacht náisiúnta agus chultúrtha agus tabhairt faoi shochaí atá dátheangach amach is amach a fhorbairt”.

Deir Páirtí an Lucht Oibre nach bhfuil an méid atá déanta go dtí seo ó thaobh na teanga ag obair agus go mbeadh cur chuige nua ag an bpáirtí.

I measc na mbeartas agus na spriocanna atá luaite ina bhforógra, deir Páirtí an Lucht Oibre go mbeadh sé mar aidhm acu 100,000 cainteoir laethúil Gaeilge a bheith ann faoi 2032.

Tá líon na gcainteoirí laethúla tite le dhá dhaonáireamh anuas agus 71,968 duine sa stát a thug le fios in 2022 go labhraíonn siad an Ghaeilge gach lá lasmuigh den chóras oideachais.

Tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh “feachtas uaillmhianach” a fhorbairt chun an figiúr sin a mhéadú go dtí 80,000 faoin gcéad daonáireamh eile in 2027 agus an 100,000 a bhaint amach cúig bliana ina dhiaidh sin.

B’ionann moladh Pháirtí an Lucht Oibre agus an sprioc atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, go mbeadh 250,000 cainteoir laethúil ann faoi 2030, á chaitheamh i dtraipisí. Tá ráite ag iar-airí Gaeltachta cheana gur chóir dearmad a dhéanamh ar an sprioc ceathrú milliún.

Deir Páirtí an Lucht Oibre go ndéanfadh siad athbhreithniú ar an Straitéis 20 Bliain chomh maith agus go gcuirfeadh tús le plean nua a mhairfeadh go dtí 2050.

Is iad Páirtí an Lucht Oibre an chéad dream go dtí seo a gheall ina bhforógra toghcháin go gcuirfidís plean infheistíochta Chonradh na Gaeilge don teanga i gcrích.  Nach mór €200 milliún breise faoi 2029 do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a lorgaítear sa phlean sin.

Bhunódh Páirtí an Lucht Oibre, a deir siad, lárionaid teanga i ngach cathair agus baile agus chuirfeadh siad áiseanna ar nós caiféanna, siopaí leabhar agus spásanna taibhealaíon ar fáil do phobal na Gaeilge.

Deirtear i Building Better Together go dtabharfaí scéim isteach a spreagfadh lucht gnó san earnáil phríobháideach chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge agus go mbunófaí seirbhís aistriúcháin fhóirdheonaithe chun “spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí príobháideacha agus deonacha” seirbhís dhátheangach a sholáthar.

Tá roinnt beartas chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa gcóras oideachais luaite i bhforógra Pháirtí an Lucht Oibre, ina measc go bhforbrófaí polasaí nua don teanga ón luath-óige go dtí an tríú leibhéal. Deirtear go gcuirfí an bhéim ar an teanga “mar ghnáth-theanga labhartha” agus go ndéanfaí athbhreithniú ar na curaclaim atá ann cheana.

Chuirfí scéim phíolótach ar bun ag leibhéal na bunscoile ina mbeadh an teagasc trí mheán na Gaeilge ar feadh bliana. Chomh maith leis sin mhúinfí ábhar eile amhail ealaín, ceol nó drámaíocht trí Ghaeilge sa bhunscoil.

Deir Páirtí an Lucht Oibre go dtacódh siad le tuilleadh Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a fhorbairt agus go mbreathnófaí chomh maith ar bhealaí le scoileanna lán-Bhéarla a mhealladh le hathrú ina scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá athbhreithniú ar chóras na ndíolúintí i measc na mbeartas eile atá luaite sa bhforógra. Bhunófaí freisin ‘Lárionad Náisiúnta um Fhoghlaim na Gaeilge’, bunaithe ar eiseamláir na Breataine Bige.

Sa nGaeltacht, deirtear go gcuirfí tuilleadh maoinithe ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun cúrsaí eacnamaíochta agus pobail a fhorbairt agus go dtabharfaí cumhachtaí tithíochta don eagraíocht forbartha.

Dhéanfaí cinnte go gcuirfí tithíocht shóisialta agus inacmhainne ar fáil sa nGaeltacht agus deirtear go dtabharfaí an chéad rogha ar aon teach a chuirfí ar díol do nGaeltacht don Údarás ionas go bhféadfaí a chinntiú go gcuirfí ar fáil do chainteoir Gaeilge é.

Thabharfaí ‘Beartas Náisiúnta um Pleanáil Tithíochta sa Ghaeltacht’ isteach agus, mar chuid de sin, bhunófaí scéim deontais a bheadh dírithe ar chainteoirí dúchais.

Reáchtálfaí suirbhéanna rialta maidir le cúrsaí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta chomh maith chun tithe tréigthe nó tithe nach bhfuil in úsáid a aithint agus a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí sa gceantar.

Tá tuilleadh airgid do TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió Rí-Rá luaite i bhforógra Pháirtí an Lucht Oibre chomh maith, mar atá bunú ‘Lárionad Cultúrtha Náisiúnta’ a bheadh dírithe ar an gcultúr Gaelach.

Maidir le cúrsaí inimirce, deirtear go gcuirfí cúrsaí Béarla, Gaeilge, cultúir agus saoránachta ar fáil saor in aisce d’inimircigh agus go bhféadfaí scrúduithe sa mBéarla, sa nGaeilge agus sa tsaoránacht a thabhairt isteach d’inimircigh, mar a bhíonn acu sa bhFrainc.

I measc na mbeartas eile atá luaite sa bhforógra, tá scéim cúram poiblí do leanaí a chinnteodh go mbeadh áit ag gach páiste i seirbhís luathbhlianta. Deirtear go n-íocfaí bliain iomlán saoire thuismitheoireachta le tuismitheoirí.

Deir Páirtí an Lucht Oibre go dtógfaí breis is 50,000 teach sa mbliain idir 2025-2029 chun dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta dá mbeadh an páirtí sin i gcumhacht

Fág freagra ar '100,000 cainteoir laethúil faoi 2032 agus deontas tithíochta do mhuintir na Gaeltachta i measc ghealltanais Pháirtí an Lucht Oibre'