100 post nua le cruthú ag comhlacht déantúsaíochta feistí leighis sa Spidéal

Táthar ag súil go mbeidh 400 duine ag obair do Freudenberg Medical ina n-ionad i nGaeltacht Chonamara taobh istigh d'ocht mí dhéag

100 post nua le cruthú ag comhlacht déantúsaíochta feistí leighis sa Spidéal

Tá 100 post nua le cruthú ag comhlacht déantúsaíochta feistí leighis sa Spidéal i nGaeltacht Chonamara.

Chuir Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra Freudenberg Medical go mbeidh na postanna nua á gcruthú ag ionad déantúsaíochta an chomhlachta.

Beidh an tAire Stáit sa Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Dara Calleary, ar cuairt ar an Spidéal inniu, mar a mbeidh an t-ionad nua á oscailt go hoifigiúil ag Príomhfheidhmeannach an ghrúpa Freudenberg, Dr. Mohsen Sohi.

€2 milliún atá curtha isteach ag Údarás na Gaeltachta sa chomhlacht. 300 duine atá ag obair le Freudenberg Medical ar an Spidéal agus méadú 50% á chur ag ag an gcomhlacht leis an ionad atá acu ansin.  Táthar ag súil go mbeidh 400 duine ag obair do Freudenberg Medical ina n-ionad i nGaeltacht Chonamara taobh istigh d’ocht mí dhéag.

Tá na postanna á gcruthú i réimsí na hinnealtóireachta, na déantúsaíochta,  i seirbhísí cáilíochta agus tacaíochta agus sa taighde agus forbairt. Deir Freudenberg Medical go bhfuil tús curtha cheana féin leis an earcaíocht don 100 post.

Deirtear go bhfuil an comhlacht ag cur lena gcuid gnó ar an Spidéal mar gheall ar an ardú atá tagtha ar fud an domhain ar an éileamh a bhíonn ar a dtáirgí leighis.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin gur “údar mórtais” don Údarás “a bheith mar chuid den fhorbairt shuntasach seo in earnáil atá ag fás i gcónaí”.

“Tá postanna ar ardchaighdeán á gcur ar fáil anseo i gceartlár na Gaeltachta. Tá muid sásta go raibh ar ár gcumas an t-infreastruchtúr cuí a chur ar fáil do Freudenberg le go bhféadfaí na postanna sin a chruthú anseo.”

Fág freagra ar '100 post nua le cruthú ag comhlacht déantúsaíochta feistí leighis sa Spidéal'

  • Liam

    Scéal iontach don Spidéal.