- Tugaimis ar dhaoine an t-ainm a thugann siad féin orthu féin.
- Bain úsáid as an mBéarla, ach ná lig don Bhéarla úsáid a bhaint asat
- I gconcas na coilíneachta, chuir an teanga an bhail chéanna ar intinn an dream a ndearnadh coilíneacht orthu agus a chuir an claíomh ar a gcorp.
- Má tá teangacha uile na cruinne ar eolas agat ach gan do theanga dhúchais agat, sin sclábhaíocht. Ach do theanga dhúchais agus an uile theanga eile a bheith agat, sin agat cumhacht.
- Agus mar sin an té ar a mbíodh Nguigi air tráth, James Ngugi atá anois air, an té arbh lena mhuintir féin é tráth is leis an Sasanach anois é, an té a bhí á rialú ag córas ainmneacha de chuid na hAfraice tráth, tá sé á rialú anois ag córas ainmneacha Shasana. Nuair a thuig mé an méid sin, thosaigh mé ag diúltú don ainm James agus ag freagairt arís don ainm Afracach a bronnadh orm nuair a rugadh mé, sin Ngugi wa Thiong’o, a chiallaíonn Ngugi, mac Thiong’o.
- An Chríostaíocht, an Tráchtáil, an tSibhialtacht. An Bíobla, an Bonn, an Gunna – an Tríonóid Naofa.
- Bíonn dhá ghné ag baint le teanga, teanga ar bith: is meán cumarsáide agus seachadóir cultúir í.
- Bíonn cultúr na muintire ar iompar ina dteanga; bíonn luachanna na muintire ar iompar ina gcultúr: is iad na luachanna sin is bonn le féiniúlacht na muintire.
- Is é an toradh a bhíonn ar bhuama cultúrtha go scriosann sé an mhuinín atá ag daoine ina n-ainmneacha, ina dteangacha, ina dtimpeallacht, i stair a dtroda, ina n-aontas, ina mbuanna agus, ar deireadh thiar, ina muinín iontu féin. Cuirtear ar a súile dóibh gurbh ionann a stair agus fásach nach ndearnadh tada fiúntach riamh ann, agus spreagann sé iad le cúl a thabhairt leis an bhfásach sin. Spreagann sé iad dul leis an rud is faide uathu féin: mar shampla, teangacha daoine eile seachas a dteangacha féin.
Glactar leis gur aisling sheafóideach dhoshroichte a bheith ag taibhreamh faoi ghradam nó bua. An t-éadóchas, an dólás agus an mhian chomónta chun an bháis an toradh a bhíonn air. Sa bhfásach seo atá cruthaithe ag an impiriúlachas, is é an t-impiriúlachas féin a chuirtear i láthair mar leigheas.
- Sílimse gurb í sin an abairt is deise ar fad san úrscéal: ‘Aistrithe ó shaothar Gikuyu, ag an údar féin.’
Eoghan Ó Néill
Úaú, tá fírinne in é sin!
alan titley
Go dtuga Dia agus Ngai síocháin dó.
Gabriel Rosenstock
Díchoilíniú na haigne, straitéis nach múintear dúinn ar scoil, mar is teagasc dainséarach é;
d’fhéadfadh sé tú a shaoradh!
https://www.ttbook.org/show/decolonizing-mind
WTF
Sár-mhaith!
Pádraig
Nach iontach an léargas tugtha i mbeagán focal!
Caitríona Weafer
Ar fheabhas. Míle buíochas. Saoi a bhí ann gan dabht. Ba chóir go mbeadh a leabhar Decolonizing The Mind ar an gcuraclam sa mhéanscoil.
Caitríona Weafer
1. Tugaimis ar dhaoine an t-ainm a thugann siad féin orthu féin.
Mar shampla
Cymu, Cymraeg, Cymreig.
Gaeilge: Cuimrí, Cuimris, Cuimreach
Ní ainm le ‘beag’ ann. Sin díspeagadh.
Fergus na Foghraíochta
Toisc gur teangacha impiriúla iad an Fhraincis, an Ghearmáinis, an Olannais, an Spáinnis, An Phortingeilis, an Iodáilis níl tuiscint acu ar an gcoilíniú aigne. Sin atá ar siúl i measc na nEorpach atá brea sásta an Béarla do bheith mar lingua franca ar an Mór Roinn.
Tá teangacha na hEorpa i mbaol anois toisc go bhfui an Béarla in uachtar i dtionscal na turasóireadchta, ag an triú leibheal, ar an idirlín, ag Parilimint agus Coimisiún an AE.
“English, the perfect language to sell pigs in” mar a dúirt Mícheál Ó hAirtnéide sa dán “Farewell to English”
,