TURAS TOGHCHAÍN: Páidí Ó Lionáird, Rick Astley agus ‘Healy RaeNua sa Dáil?’

Sa cholún toghcháin seo caitear súil go heasurramach ar imeachtaí Olltoghchán 2016…

Toghchán StrapPIC 1jpg

PIC 2

PIC3

PIC 8

PIC 9

PIC 6

PIC 10


Paiste seoigh le Páidí tar éis am dúnta…

An bhfaca éinne agaibh an clár breise idirlín a bhí ar TG4 tar éis Vóta 2016? Ní fhaca.

Is trua sin. Mar chaill sibh amach ar an mír is aistí agus is iontaí a craoladh le linn an toghcháin ar fad – an tráchtaire Páid Ó Donnchú ag casadh ‘Never Gonna Give You Up’ Rick Astley do Pháidí Ó Lionáird.

Murab leor sin, scaoil Páidí beagáinín le snaidhm a charbhait le cur ina luí orainn gur sa síbín anois a bhíomar.

Paidí Tie

Mar fhocal scoir, ba chóir do TG4 an gif thíos a úsáid mar fhógra dá gclúdach toghcháin ag an deireadh seachtaine. Cén duine a dhiúltódh don fhear seo?

Paidi-Wink


Leithscéal an toghcháin…

‘Táim féin chomh spréachtaí leatsa faoi!’ a dúirt Éamon Ó Cuív le Gormfhlaith Ní Thuairisg ar Adhmhaidin ar RnaG nuair a cheistigh an láithreoir an Teachta Dála faoin scéal go raibh bileoga dá chuid á scaipeadh sa Ghaeltacht agus iad i mBéarla amháin.

Bhaineamar féin triail as an gcleas céanna ar maidin agus eagarthóir Tuairisc.ie míshásta linn nach raibh aon radharc fós ar Turas Toghcháin. “Táimidne chomh spréachtaí leat féin faoi!” a dúramar.

Níor cheadaigh sé dúinn a fhreagra a fhoilsiú, ach is leor a rá go raibh dul amú orainn.


Amhrán an lae (1)

Ná bímis ródhian orthu siúd atá ag dul sa bhearna bhaoil amárach. Mar a deir Neil Young ‘even Richard Nixon has got soul’.


 

Súil le cúiteamh a chailleas an cearrbhach?

Deir geallghlacadóir amháin gurb é Danny Healy Rae an t-iarrthóir is mó a bhfuil airgead curtha air le linn an toghcháin.

Ba é Gaillimh Thiar an dáilcheantar is mó a mheall lucht an chearrbhachais agus ba é dáilcheantar Laoise is lú a mhúscail a suim.

Ba iad na hiarrthóirí is mó ar mhéadaigh a seans ar shuíochán, de réir an gheallghlacadóra, ná Niall Ó Tuathail (DS) i nGaillimh Thiar a d’imigh ó 33/1 go dtí 10/3 le linn an fheachtais, Noeleen Moran (FF) i ndáilcheantar an Chláir a d’imigh ó 10/1 go dtí 4/9, Jackie Cahill (FF) i dTiobraid Árann a d’imigh ó 14/1 go dtí 1/3 agus Danny Healy Rae a d’imigh ó 8/1 go dtí 1/8.

Is maith linn an moladh a dhéantar ar Comhar na míosa seo don cheannlíne ba cheart a scríobh sa chás go dtugann Danny an lá leis i gCiarraí: ‘Healy RaeNua sa Dáil’.

Idir an dá linn, má tá fonn oraibh geall beag a chur ar ‘long shot’, is dóigh le Turas Toghcháin gur fiú an ‘fiver’ Paul Gogarty ag 9/1 i mBaile Átha Cliath Lár Thiar. Sea, an Paul Gogarty sin.

B’fhiú súil a choimeád freisin ar Cian O’Callaghan (DS) atá ag seasamh i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus 5/1 ar fáil air. Deirtear linn chomh maith go bhfuil seans níos mó ag Joe Carey (FG) ar a shuíochán a choimeád ná mar a shíltear. 11/10 atá ar fáil air sin.


‘Celebrity endorsement’ an fheachtais…

Más fíor gurb iad lucht na caide na déithe beaga atá ag an gCiarraíoch, ba dhóigh leat go mbeadh an-sheans ar shuíochán ag Norma Moriarty (FF)!


Turas Toghcháin fós ar an mbóthar…

Scúp eisiach againn! Beidh Tuairisc.ie ag tuairisciú beo le linn na deireadh seachtaine seo agus beidh Turas Toghcháin ag déanamh amhlaidh agus súil á caitheamh go heasurramach againn ar an gcomhaireamh…


Amhrán an lae (2)

Dea-chomhairle ó Sunnyland Slim…

Fág freagra ar 'TURAS TOGHCHAÍN: Páidí Ó Lionáird, Rick Astley agus ‘Healy RaeNua sa Dáil?’'