Tá deireadh le m’oilithreacht agus míle míle curtha díom ó d’fhág mé Indreabhán

In ainneoin easpa trócaire lucht na rothar leictreach, tá greim faighte ag an gCamino ársa ar ár ndialannaí taistil agus níl sé réidh léi fós

Tá deireadh le m’oilithreacht agus míle míle curtha díom ó d’fhág mé Indreabhán

Tá deireadh le m’oilithreacht agus 1,038km curtha díom ó d’fhág mé Indreabhán cúig lá dhéag ó shin. Ba é an turas seo an dúshlán fisiciúil is deacra a rinne mé riamh gan aon agó – an turas 3,500km chun na Gréige agus Maratón Nua-Eabhrac san áireamh.

Ba dheacra é fiú ná an turas in 2019 nuair a shiúil mé Conair na bhFrancach.

Is breá liom taifead a choinneáil de rudaí – dialannaí, costas mo chairr, leabhair a léigh mé agus thar rud ar bith eile na gníomhaíochtaí aclaíochta a dhéanaim ar an aip Strava.

Ní raibh le déanamh agam ach breathnú siar ar an méid a bhí déanta agam leis an bpian i mo cheathrúna a thuiscint. Níor thada é an 1,038km le hais géire an aird a rinne mé san achar sin – 12,441m. Is ionann sin agus dreapadh níos airde ná buaic Chnoc Mhaol Réidh, an sliabh is airde i gCúige Chonnacht chuile lá ar feadh coicíse.

Is mór an t-ionadh gur bhain mé ceann scríbe amach ar chor ar bith. D’fhág an díle bháistí ag an deireadh seachtaine drochbhail cheart ar mheicníocht an rothair agus sa deireadh chlis ar an aistreoir slabhra agus mé ar tí dul suas an sliabh is airde uilig ar an gConair go O Cebreiro.

Chuir sé iontas agus olc orm go ndeachaigh daoine ar rothair leictreacha tharam gan stopadh agus mé sínte faoin rothar bunoscionn ar thaobh an bhóthair. Ní duine mé a chaitheann uasal le híseal le lucht na rothar leictreach – is dóigh liom gur iontach na rudaí iad agus gur maith an bealach iad le daoine a gcuireann fisiciúlacht na rothaíochta bac orthu a mhealladh chuig saol níos sláintiúla.

Ach rith rud liom agus mé ar chlár mo dhroma ag baint an aistreoir slabhra as a chéile – an féidir gur sórt rothaithe AI as na scannáin ficsean eolaíochta iad seo? Dála na n-andróideach, an féidir go bhfuil colainn an rothaí acu ach go bhfuil anam an rothaí ar lár?

Ba í an chéad Samárach a stop an Ceanadach mná a bhí ag siúl na Conaire. Rothaí gan rothar a bhí inti féin agus ba mhaith a thuig sí an crá croí. Níorbh fhéidir léi rud ar bith a dhéanamh ach ba mhór agam a trua. Chuaigh cúpla duine eile ar rothair leictreacha eile tharam, iad ag dul suas an cnoc go héasca le cúnamh a mbatairí.

Rothaí ‘acústach’ eile an chéad duine eile a stop, Catalónach a raibh eolas maith aige ar an gceantar. Rinne sé tréaniarracht meicneoir áitiúil a aimsiú dom agus chabhraigh sé liom caoi éigin a chur ar an rothar. Casadh orm é lá ina dhiaidh sin agus mé ar an mbóthar arís tar éis dom siopa rothar a aimsiú in Sarria agus bhí comhrá breá againn faoin turas – a fhad is a chuaigh beirt de na rothaithe gan anam tharainn suas cnoc gan oiread is claonadh cinn ná caochadh súl uathu.

Agus mé i mo shuí anseo i gCathair Shéamuis, mo compostela faoi mo lámh agus mo leabhrán sínithe lán ainmneacha cairde nua (Susann, Andreas, Isabel, Mario…) agus mo thicéad abhaile ceannaithe agam, tá mé ag breathnú chun cinn ar an gcéad iarracht eile a thabharfaidh mé ar an gConair. Tá greim ag an mbealach ársa seo orm, agus níl sé réidh liom fós. Ar an credencial tá boscaí ann le tabhairt le fios do lucht na hardeaglaise cén chaoi ar tháinig tú go Santiago. Tá an siúl agus an rothaíocht déanta agam agus mo shúil anois ar an marcaíocht agus an tseoltóireacht. Nár bhreá húicéir a sheoladh as Conamara go dtí an Ghailís?

Santiago de Compostela – 1,038km

Fág freagra ar 'Tá deireadh le m’oilithreacht agus míle míle curtha díom ó d’fhág mé Indreabhán'

  • WTF

    Camino na tinte ii?
    As do mheabhair ataoi!

  • Mick Bairéad

    Sár-éacht é sin -Togha fir, a Mhaitiú!

  • Seán Hade

    Ard-fhear!

  • Niall Mac Aindriú

    Ard-fhear, a Mhaitiú
    Bainim sult mór as do scéalta uilig, nach mór an spórt thú!