Níor chuimhnigh mé riamh ar ‘éalú’ as Éirinn

Déanann muintir na hÉireann dearmad gur oileánaigh muid agus go bhféachann daoine eile orainn mar dhream atá scoite amach ón gcuid eile den Eoraip agus den domhan

Níor chuimhnigh mé riamh ar ‘éalú’ as Éirinn

‘Nach n-airíonn tú gur sáinnithe san oileán sin thiar atá tú?’

Cé gur duine mé a bhíonn in oileáin sceirdiúla ar an iargúil go minic mé, ní ar sceireacha agus scairbheacha na Gaillimhe a bhí mo chara as an Ísiltír ag caint ach ar oileán uile na hÉireann.

Bhog cara mór scoile liom as Éirinn go dtí an Eilvéis tamall de bhlianta ó shin agus tá sé féin is a chéile, an tÍsiltíreach, ina gcónaí i measc na nAlp. Agus muid inár suí timpeall an phota fondú, tosaíodh an chaint ar an taisteal agus na turais atá tugtha acu ar thíortha na Mór-Roinne óna n-árasán álainn i gcroí na hEorpa.

‘Nach n-airíonn tú gur sáinnithe san oileán sin thiar ina bhfuil tú? Agus ní féidir leat éalú go tír eile go héasca nuair is mian leat? Más maith liomsa dul abhaile go tuaisceart na hÍsiltíre, níl le déanamh agam ach léim sa charr agus m’aghaidh a thabhairt ó thuaidh,’ a dúirt sí.

Caithfidh mé a rá nár chuimhnigh mé ar ‘éalú’ as Éirinn riamh ach is dóigh gurb in ceist eile.

Feictear dom go ndéanann muintir na hÉireann dearmad gur oileánaigh muid, agus go bhfuil muid, i súile mhuintir na Mór-Roinne, scoite amach ón gcuid eile den Eoraip agus den domhan. Más maith linn dul go tír eile, caithfidh muid cúpla uair a chloig a chaitheamh san aerfort nó turas fada farraige a chur dínn.

Ní dóigh liom go gcuireann sé sin isteach orainn, mar is mar sin a bhí an saol ó rugadh muid ach tuigim cén fáth, ar bhealach, nár mhaith leis an Ísiltíreach seo aistriú go tír a fir.

An t-aon rud a chuireann isteach ormsa faoin taisteal as an tír seo ná an costas mór a bhíonn ar an té atá ag iarraidh an taisteal glas a dhéanamh. Chosain mo thuras báid chun na Spáinne os cionn €150 orm an mhí seo caite. Chosain an turas abhaile ar eitleán €20.

Ní féidir le chuile dhuine an bád a thógáil ceal ama (thóg sé 32 uair a chloig orm dul ó Ros Láir go Bilbao agus dhá uair a chloig orm dul ó Santiago go Baile Átha Cliath) ach níor cheart go mbeadh an costas ina bhac ar dhuine ar bith.

Ní íocann aerlínte cáin ar an gceirisín agus is ar éigean a íoctar cáin ar dhíolachán ticéad. Íocann lucht na mbád na cánacha seo agus tuilleadh, rud a fhágann gur ar an taistealaí féin a thiteann go leor den chostas.

Is siúlach an dream iad na hÉireannaigh agus ní dóigh liom gur fiú a bheith ag iarraidh a chur ina luí orainn gur cheart dúinn éirí as an taisteal ar fad. Is féidir an taisteal glas a dhéanamh i bhfad níos mealltaí agus i bhfad níos saoire ach an toil pholaitiúil a bheith ann.

Tá sé i gceist agam féin iarracht a dhéanamh ‘turas glas’ a dhéanamh an mhí seo chugainn chuig an mBreatain Bheag. Cheana féin, áfach, tá a fhios agam go mbeidh sé níos costasaí orm na traenacha, busanna, agus bád a thógáil ná mar a bheadh sé eitilt ann.

Is duine mé a bhfuil spéis aige sa taisteal glas, agus bainfidh mé taitneamh as an iarracht, ach is gá dár bpolaiteoirí – idir na comhairleoirí, na teachtaí Dála agus feisirí Eorpacha – breathnú go géar ar an gceist seo sna blianta amach romhainn le go mbeadh an taisteal glas ina rogha cheart ag an ngnáthdhuine.

Fág freagra ar 'Níor chuimhnigh mé riamh ar ‘éalú’ as Éirinn'