Lucht na heite clé radacaí chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre den chéad uair…

Le tamall fada, bhíothas ag caint faoi chríoch a chur le polaitíocht an chogaidh chathartha, ach seans maith go bhfeicfear a leithéid go luath…

28/02/2015. Labour - 68th National Conference. Pic

Den chéad uair riamh, tá pobalbhreith ag tabhairt le fios go bhfuil lucht na heite clé radacaí chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre.

Níor tugadh mórán airde ar an bpobalbhreith a d’fhoilsigh an Sunday Times Dé Domhnaigh seo caite toisc go raibh na leathanaigh nuachta lán le scéalta faoin uafás i bPáras.

Ach is buille trom é an cor seo don pháirtnéir sóisearach rialtais.

Bhí Páirtí an Lucht Oibre ag súil go dtabharfadh an cháinaisnéis preabadh don pháirtí, agus rinne siad argóint láidir i gcoinne olltoghchán a reáchtáil i mí na Samhna ar an ábhar gur chóir am a ligean do dhaoine buntáistí na cáinaisnéise a bhlaiseadh.

Is léir ón bpobalbhreith seo nach aon tairbhe é an cháinaisnéis don pháirtí, ná don rialtas. Tá an Lucht Oibre tite pointe amháin ar ais go dtí seacht faoin gcéad, agus tá amhras mór ann an mbeidh siad in ann suíochán ar bith a ghnóthú san olltoghchán, gan trácht ar an seachtar Teachtaí Dála a bheith acu a bheadh riachtanach le go mbeadh cearta cainte mar ghrúpa acu sa Dáil nua.

Le cúpla seachtain anuas freisin, táthar ar an ionsaí i gcoinne Shinn Féin, agus líomhaintí curtha i gcló ag na meáin go bhfuil baint ag Poblachtánaigh le coiriúlacht sna ceantair cois teorainn. Agus ar fhaitíos go raibh an pobal ag déanamh dearmaid ar líomhaintí i dtaobh Mháiría Cahill, ceapadh í féin mar Sheanadóir le brú breise a chur ar Shinn Féin.

Agus an toradh? Tá Sinn Féin imithe in airde go 21%, an leibhéal is airde acu sa tsraith pobalbhreitheanna seo le bliain anuas, agus é nach mór cinnte anois go ndúblóidh an páirtí a líon suíochán san olltoghchán.

Ach is é an scéal is spéisiúla gan dabht ná cé chomh maith is a d’éirigh leis an aontas idir an Chomhghuaillíocht in Aghaidh na Déine (AAA) agus Daoine Roimh Brabús (PBP), an lucht na heite clé radacaí, más mian leat.

D’éirigh leis an dá dhream seo, faoin ainm ‘an Aontacht Chlé’, cúig shuíochán a fháil san olltoghchán deireanach. Cuireadh leis an líon sin sin le buanna sna fothoghcháin i mBaile Átha Cliath Thiar agus i mBaile Átha Cliath Thiar Theas.

Clare Daly. Pictiúr: Leah Farrell/Photocall Ireland

Mar sin féin, tá beirt a toghadh faoin mbrat sin– Clare Daly agus Séamus Healy – neamh-rannpháirteach san aontacht nua, cé go bhfuil a gcuid suíocháin féin slán, is cosúil.

I bhfianaise na bhfigiúirí tacaíochta seo, caithfidh go bhfuil seans láidir ag an aontacht nua in áiteacha ar nós Bhaile Átha Cliath Lár Theas (le Gino Kenny), Corcaigh Lár Thuaidh (le Mick Barry) agus Cathair Luimnigh (le Cian Prendiville) – mar aon leis na suíocháin atá acu cheana.

Cé chomh láidir is ata an aontacht nua seo, ámh?

Bhí easaontas sa chéad ghrúpa, an Aontacht Chlé, faoi cé ba phríomhdha a labhródh ar son an ghrúpa, agus is dócha go mbeidh na deacrachtaí sin ann arís.

Ach ar leibhéal níos bunúsaí, tá Daoine Roimh Brabús ag glacadh le prionsabail Right2Change, a chuir roinnt ceardchumann le chéile ag iarraidh aontas a chothú ar an eite chlé. Ach tá páirtí Joe Higgins, Paul Murphy agus Ruth Coppinger go nimhneach in aghaidh aon chomhoibrithe le Sinn Féin, ag maíomh fiú nach páirtí sóisialach é na Poblachtánaigh.

Agus an AAA ag fanacht amach ó aon aontas mór den chlé, agus go fiú na Daonlathaigh Shóisialta de chuid Róisín Shortall is Catherine Murphy ag diúltú comhoibriú freisin, is léir nach féidir rialtas den eite chlé a chur le chéile fiú dá mbeadh méadú ar a líon vótaí.

Tá muid ar ais ag an bpointe gur dóichí gur rialtas mhionlaigh de chuid Fhine Gael a bheas ann agus tacaíocht theoranta acu ó Fhianna Fáil.

Ach is léir gur rialtas lag a bheadh anseo, rialtas nach mairfeadh rófhada.

Agus má theipeann chomh tubaisteach sin ar Pháirtí an Lucht Oibre – mar atáthar a thuar sna pobalbhreitheanna seo – beidh ar an bpáirtí sin dianmhachnamh a dhéanamh ar a straitéis is ar gcuid aidhmeanna. Athbhunú an pháirtí le ceangal láidir leis na ceardchumainn a bheas á bhrú orthu.

Beidh dianmhachnamh den chineál céanna ag teastáil ó Fhianna Fáil freisin: cén fáth an páirtí a bheith ann?

Le tamall fada, bhíothas ag caint faoi chríoch a chur le polaitíocht an chogaidh chathartha, ach seans maith go bhfuil muid ar tí a leithéid a fheiceáil.

Níl na meáin ag déanamh aon phlé ar na féidearthachtaí seo, ach tá ceist shimplí amháin ann fúthu: an mbeidh fíor-athbhunú ar siúl i dtaobh na polaitíochta, nó an mbeifear ag iarraidh leanacht leis an seandearcadh faoi chló úr.

Lárnach dó sin, ar ndóigh, tá an cheist maidir le cén seasamh a ghlacfaidh na páirtithe faoi neamhspleáchas is athaontú na tíre.

Mar a dúirt Seán Murray, Ard-Rúnaí tráth den Pháirtí Cumannach: is féidir neamhaird a thabhairt ar an cheist náisiúnta, ach ní thabharfaidh an cheist náisiúnta neamhaird ort!

Fág freagra ar 'Lucht na heite clé radacaí chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre den chéad uair…'