‘In ainm an Athar, an Mhic agus an Spiorad Naomh. Fair play do Stephen Roche…’

Léim Stephen Roche ar a rothar i Creteil ar an Domhnach ar an 26 Iúil 1987 agus a fhios aige go mbeadh sé ar an gcéad Éireannach a bhuaigh an Tour de France nuair a shroichfeadh sé Páras

‘In ainm an Athar, an Mhic agus an Spiorad Naomh. Fair play do Stephen Roche…’

Stephen Roche ag ceiliúradh in 1987. INPHO/Billy Stickland

An Satharn deireanach d’Iúil 1987 bhí slua beag deas idir chuairteoirí, mhic léinn samhraidh agus mhuintir na háite bailithe isteach ag aifreann an tráthnóna i gCill Éinde i sráidbhaile an Spidéil nuair a choisric an tAth. Colm ’Ac Suibhne é féin.

‘In ainm an Athar, an Mhic agus an Spiorad Naomh. Fair play do Stephen Roche,’ a d’fhógair an ceiliúraí agus cé go mba í a dhroim a bhí iompaithe liom, bhí a fhios agam go mba mheangadh gáire a bhí trasna a bhéil, m’fhearacht féin.

Uair an chloig roimhe sin a chríochnaigh an dara staid dheireanach den Tour de France i Dijon – rás aonair 38k in aghaidh an chloig. Ghlac an Róisteach seilbh ar ais ar an ngeansaí buí agus mar a thuig an domhan fré chéile anois, ní áirím pobal agus ceiliúraí an Aifrinn, ní raibh ag Roche ach fanacht sa diallait go sroichfí Páras lá arna mhárach agus bhí an rás rothaíochta is cáiliúla ar domhan curtha aige leis an Giro d’Italia, a bhí buaite aige 6 seachtaine roimhe.

Le linn an Tour bhí an bhratach trídhathach ar foluain taobh amuigh de theach an Ath. Colm ar an Sídheán Rua, trasna an bhóthair ó gheata Choláiste Chonnacht , mar a bhíodh i gcónaí agus údar ceiliúrtha ar bith ag Éireannaigh. Fear spóirt go smior ab ea é, trócaire air. Ba iad na Cluichí Gaelacha a chleacht sé féin ab ansa leis, ach má bhí ainm na tíre in airde ar bhealach ar bith, bhíodh an tAth. ’Ac Suibhne sásta.

Ag deireadh an tséasúir rothaíochta i 1986 agus an Tour buaite cúig huaire aige, thug Bernard Hinault le fios go raibh sé lena rothar a fhágáil le claí agus le dul ag feilméaracht sa mBriotáin, áit ar tógadh é. I dtús na bliana dár gcionn goineadh an seaimpín reatha, Greg Lemond, de thimpiste agus é ag foghlaeireacht agus nuair a bhuaigh Stephen Roche an Giro, tosaíodh ag tuairimíocht go raibh an seans ann go dtabharfadh sé an Tour leis freisin – rud nach raibh déanta ach ag Hinault, Eddy Merckx, Faustino Coppi agus ag Jacques Anquetil.

Faoin tráth sin bhí ainm an Róistigh an airde le sé bliana, ach d’fhág tinnis, gortuithe agus easaontas lena fhoireann, Peugeot, nach raibh barr a chumais sroichte aige san achar sin.

D’aistrigh sé chuig foireann Iodálach Carrera, a bhí urraithe ag comhlacht déanta éadaí agus tar éis dó an Tour de Normandie a bhuachan i dtús ’87, rinne sé amhlaidh sa Giro.

Bhí a chonspóid fhéin ag baint leis an mbua sin mar go raibh buaiteoir na bliana roimhe, Roberto Visentini é féin, ar fhoireann Carrera agus go mb’fhearr leis na húinéirí dá mba eisean a thabharfadh an chraobh leis mar go mba Iodálach a bhí ann. Ainneoin é a bheith ráite leis gan a leithéid a dhéanamh, thug Roche dúshlán Visentini sna sléibhte agus cé gurbh shin a d’fhág an Giro aige, bhí amhras ar an Éireannach ina dhiaidh an mbeadh an chuid eile de rothaithe Carrera dílis dó.

Ní raibh caite ach dhá lá den Tour de France 1987 nuair a chruthaigh siadsan go raibh.

I mBeirlín na Gearmáine a caitheadh tús na hiomaíochta agus Roche sa tríú háit agus an Prologue críochnaithe. Maidin an dara lá sa gcathair agus an chéad cheann de dhá staid críochnaithe, bhí sé tite chun deiridh, ach an tráthnóna sin sa rás foirne in aghaidh an chloig, chrom Carrera ar an obair agus chinntigh gur fhill an tÉireannach ar an tríú háit.

Ar thalamh cothrom, réidh a chaith na rothaithe an tseachtain dár gcionn agus iad ag déanamh an bhealaigh trasna na Fraince i dtreo na Briotáine. Do na rábálaithe, nó na ‘sprinters’, ab fheiliúnaí an t-aistear sin agus de réir a chéile thosaigh an Róisteach ag sleamhnú siar go raibh sé sa 25ú háit nuair a bhaineadar Renazé, ó dheas de Rennes amach agus trian den rásaíocht déanta.

Ach bhí dhá lá sna Piréiní, cúig lá sna hAlpa agus cúpla rás in aghaidh an chloig le theacht fós – an cineál iomaíochta ab fhearr le Roche.

Iomaíocht aonair in aghaidh an chloig a chuir ar a chosa arís é nuair a bhuaigh sé Staid 10 go Futurascope agus bhí sé fós san áit sin dhá lá dár gcionn nuair ab éigean do Seán Kelly éirí as agus é gortaithe i dtimpiste.

Agus Sléibhte na bPiréiní fágtha ina ndiaidh ag na rothaithe bhí de Róiste fós sa tríú háit faoin am ar tháinig an lá sosa agus sé lá caite ag an ngeansaí buí ar dhroim an Fhrancaigh, Charly Mottet.

Ar an gcéad lá iomaíochta sna hAlpa, an Domhnach ar bhuaigh Tiobraid Árann Craobh Iomána na Mumhan den chéad uair le 16 bliain, bhí Roche gafa sa dara háit agus ar an Luan, an 20 Iúil 1987, ba leis an geansaí buí sa mbaile sciála Villard de Lans – ba iad Shay Elliott agus Seán Kelly an dá Éireannach eile a chaith an ball éadaigh sin.

Ní mórán caithimh a thug Roche don gheansaí, mar in imeacht lae bhí sé bainte de ag Pedro Delgado agus barr L’Alpe d’Huez sroichte acu sa 21ú Staid. B’fhearr leis an Spáinneach a bheith ag rothaíocht sna sléibhte ná a bheith ag ithe a bhéile agus ba leis an geansaí buí na trí lá eile a chaith siad sna hAlpa.

Ach ainneoin a chumais chinn ar Delgado éalú ón Éireannach. Ag tráth amháin lá arna mhárach thug sé faoi sin a dhéanamh agus iad ag tabhairt aghaidh ar na 11 míle is uachtaraí ar shliabh La Plagne. Agus leath na dreapadóireachta déanta bhí tús nóiméid ag Delgado ar Roche agus é ag féachaint leis sin a mhéadú. Ach nuair a bhreathnaigh sé ina thimpeall agus é ag trasnú na líne cé a d’fheicfeadh sé ag teacht timpeall an chúinne deiridh ach an tÉireannach Roche agus gan de bhearna anois eatarthu ach cúig soicind.

Chaith an tÉireannach cúpla uair an chloig in ospidéal, ach bhí a fhios aige go raibh sé ionann agus cinnte anois faoin am a dtiocfadh an rás aonair in aghaidh an chloig i Dijon cúpla lá ina dhiaidh sin go dtabharfadh sé isteach an 21 soicind a bhí eatarthu.

Rinne sin go slachtmhar – 61 soicind chun cinn ar Delgado nuair a chríochnaigh sé an 38k sin.

Léim Stephen Roche ar a rothar i Creteil ar an Domhnach ar an 26 Iúil 1987 agus a fhios aige go mbeadh sé ar an gcéad Éireannach a bhuaigh an Tour de France nuair a shroichfeadh sé Páras a bhí 119k uaidh.

Léim Charlie Haughey ar bord eitleáin i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ansin roimhe.