Gá le straitéis earcaíochta nua sa státchóras chun dul ngleic le heaspa seirbhísí Gaeilge – tuairisc ón Acadamh

Tá moltaí déanta i dtuairisc de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi chás na teanga sa státchóras, sa teaghlach, i gcúrsaí oideachais agus sna meáin

Gá le straitéis earcaíochta nua sa státchóras chun dul ngleic le heaspa seirbhísí Gaeilge – tuairisc ón Acadamh

Tá idir “díomá” agus “imní” ar phobal na teanga maidir lena laghad seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil as Gaeilge, de réir na tuairisce a chuir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ, Gaillimh, i dtoll a chéile bunaithe ar thuairimí an phobail faoi Straitéis 20 Bliain na Gaeilge.

Tá an cháipéis seo, a bhfuil cóip di feicthe ag Tuairisc.ie, bunaithe ar thuairimí a léirigh an pobal faoin Straitéis ag sraith cruinnithe poiblí a d’eagraigh Roinn na Gaeltachta agus ar 89 aighneacht a fuarthas ón bpobal.

Deirtear i dtuairisc an Acadaimh gur chuir an pobal a n-imní in iúl “maidir leis an leibhéal íseal inniúlachta Gaeilge atá sa Státchóras trí chéile mar aon leis an leibhéal íseal feasachta maidir le cearta agus mianta an phobail agus iad ag éileamh seirbhís phoiblí as Gaeilge”.

Bunaithe ar thuairimí sin an phobail, moltar sa tuairisc go dtabharfaí straitéis earcaíochta isteach “a rachadh i ngleic níos fearr leis na heasnaimh reatha maidir le soláthar seirbhís Ghaeilge ar fud an státchórais”.

“Ba inmhianaithe dá ndíreodh an straitéis seo orthu siúd a bhfuil cumas sa Ghaeilge acu cheana féin. Ba den riachtanas freisin é go gcinnteofaí seasmhacht sna leibhéil seirbhíse beag beann ar athruithe inmheánacha foirne,” a deirtear i dtuairisc an Acadaimh.

Moltar chomh maith go gcuirfí feachtas feasachta ar bun sa státchóras maidir leis an tábhacht a bhaineann le seirbhís Ghaeilge a sholáthar don phobal, go háirithe iad siúd “arb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga laethúil chumarsáide”.

Maidir le cur chun cinn na teanga sa teaghlach, moltar go gcuirfí feachtas feasachta ar bun “a léireodh do thuismitheoirí óga agus do dhaoine nach tuismitheoirí go fóill iad céard iad na buntáistí a bhaineann le bheith ag tógáil clainne le Gaeilge”.

Moltar i dtuairisc an Acadaimh chomh maith go bhféachfaí ar Oifigigh Buanaithe Teanga a chur ag obair sa Ghaeltacht agus deirtear go gcabhródh a leithéid “go sonrach le tuismitheoirí agus iad ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge”.

Ba chóir freisin tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil chun freastal ar riachtanais chúraim leanaí na dteaghlach atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

I réimse an oideachais, moltar iniúchadh a dhéanamh ar “ábharthacht” shiollabas Gaeilge na hArdteiste do “shainriachtanais oideachais agus teanga an dalta a bhfuil ardleibhéal cumais sa teanga aige”.

Ba cheart freisin scrúdú a dhéanamh ar spriocanna agus ar fheidhmeanna na hearnála réamhscolaíochta Gaeilge agus “tacú leis an earnáil sin mar chéad chéim teagmhála an teaghlaigh agus an duine óig leis an nGaeilge”.

Tuairiscítear i gcáipéis an Acadaimh chomh maith gur tugadh le fios le linn na díospóireachta go raibh “díomá ar bhaill de phobal na Gaeilge gur cuireadh deireadh le nuachtán náisiúnta clóite Gaeilge, cé gur tugadh ardmholadh don tseirbhís nuachta ar líne atá ar fáil”.

Bunaithe ar an tuairimíocht sin, moltar “go dtacófaí le meáin chlóite Ghaeilge ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta” agus go ndéanfaí “ceist an nuachtáin náisiúnta chlóite a scrúdú an athuair”.

Agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cúig bliana ar an bhfód ag deireadh na bliana 2015, lorg Roinn na Gaeltachta aighneachtaí scríofa ón bpobal agus reáchtáladh sraith cruinnithe poiblí chun tuairimí an phobail i leith na Straitéise a mheas.

Reáchtáladh trí chruinniú le tuairimí phobal na Gaeltachta faoin Straitéis a fháil, ceann in Indreabhán, ceann i gCill Airne agus ceann i nGaoth Dobhair. Reáchtáladh ‘cruinniú mullaigh’ i mBaile Átha Cliath ag ar phléigh grúpaí éagsúla saincheisteanna éagsúla maidir leis an Straitéis.

D’iarr Roinn na Gaeltachta ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tuairisc a ullmhú bunaithe ar na tuairimí a tháinig chun tosaigh ag na cruinnithe agus sna haighneachtaí agus moltaí maidir le tosaíochtaí na Straitéise a dhéanamh dá réir.