‘Dúchas agus Dóchas’ – iarracht ar bhearna bhás na Gaeltachta sa Chlár a líonadh

Tugtar le chéile sa cheolchoirm Dúchas agus Dóchas: A Clare Songline meitheal ceoltóirí, faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite, chun traidisiún amhránaíochta chontae an Chláir a chur i láthair

‘Dúchas agus Dóchas’ – iarracht ar bhearna bhás na Gaeltachta sa Chlár a líonadh

Tá seó ceoil a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht amhránaíochta chontae an Chláir ag dul ar camchuairt ar fud na Gaeltachta.

Tugtar le chéile sa cheolchoirm Dúchas agus Dóchas: A Clare Songline meitheal ceoltóirí, faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite, chun traidisiún amhránaíochta chontae an Chláir a chur i láthair.

Tháinig an saothar as taighde a rinne Diarmuid de Faoite ar thraidisiún amhránaíochta an chontae. “Dhá bhliain go leith ó shin, thosaigh mé ag iarraidh teacht ar an dtraidisiún amhránaíochta Gaeilge sa Chlár. D’éirigh liom teacht ar go maith os cionn céad tríocha amhrán agus tá an figiúr sin ag dul i méid i gcónaí,” a deir an t-aisteoir agus scríbhneoir.

Iarracht ar athbheochan a dhéanamh ar an traidisiún amhránaíochta go náisiúnta atá sna ceolchoirmeacha.

“Leis an gcamchuairt náisiúnta seo tá mé ag iarraidh an obair atá déanta sa Chlár a cheangal isteach le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus lucht an cheoil ar fud na tíre chun bearna a líonadh sa traidisiún amhránaíochta, toisc bhás na Gaeltachta i dTuadhmhumhain [Tuamhain] go léir, agus an droichead a atógáil idir traidisiún na  Mumhan agus na gcúigí eile.”

Deis a bheidh sa gcamchuairt seo amhráin nua, idir sheanamhráin a ligeadh i ndearmad, amhráin nua-chumtha agus foinn nua-chumtha, a sholáthar d’amhránaithe traidisiúnta na hÉireann agus dá bpobal éisteachta. Tá sí urraithe ag an gComhairle Ealaíon, Ealaín na Gaeltachta agus an Galway Culture Company.

Tá seoda aimsithe ar fud an chontae ar fad – i gCorca Baiscinn, Cill Bhriocáin, Cill Mháille, Cill Mhichíl, Cill Dalua, Sráid na Cathrach, Inis Díomáin, Inis, Croisín, Leac an Éadain agus áiteanna eile.

Deir de Faoite gur iomaí ábhar a phléitear sna hamhráin – an pholaitíocht, an briseadh croí, an greann, an iomáint is an pheil. Léiriú iad na hamhráin chomh maith, a deirtear, ar stair an chontae.

Beidh buíon mhór ceoltóirí ag glacadh páirt sa gcamchuairt.

Deir Diarmuid de Faoite go bhfuil  ‘Dúchas agus Dóchas’ ag iarraidh a bheith ina eiseamláir do phobail eile ar fud na tíre ó thaobh cultúr a chaomhnú, an nua-chumadóireacht a spreagadh agus pobail a ghríosú chun breith ar a n-oidhreacht féin agus tógáil uirthi.

“Más beatha teanga í a labhairt, beatha amhráin é a rá. Ní ann don amhrán gan amhránaí agus ní ann don ghlór sin gan an chluas a chloisfidh é. Cothaíonn rud amháin an rud eile, is ar scáth a chéile atá siad. Gan an taibhiú beo níl againn ach taighde ag bailiú dusta.”

Leanfaidh an chamchuairt ar aghaidh go dtí an 22 Meitheamh, tráth a mbeidh seó in Áras Éanna in Inis Oírr. Tabharfaidh siad cuairt ar Ionad an Bhlascaoid, ar Ráth Chairn agus áiteanna eile idir an dá linn.

Dátaí agus ionaid na camchuairte

Halla Colmán, Seanphobal, an Rinn, Aoine 3 Bealtaine, 20.00i.n

Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin, Sathairn, 4 Bealtaine, 18.00i.n.

Oriel Centre, Dún Dealgan, Aoine 10 Bealtaine, 20.00i.n.

Ráth Chairn, Co. na Mí, Sathairn 11 Bealtaine, 20.00i.n.

Baile Bhuirne, Contae Chorcaí, Aoine 24 Bealtaine, 20.00i.n.

Fleadh Nua@50, Cois na hAbhna, Inis, Céadaoin, 29 Bealtaine, 19.00i.n.

St. John’s Theatre, Lios Tuathail, Aoine, 21 Meitheamh, 20.00i.n.

Áras Éanna, Inis Oírr, Sathairn, 22 Meitheamh, 20.00i.n.

Fág freagra ar '‘Dúchas agus Dóchas’ – iarracht ar bhearna bhás na Gaeltachta sa Chlár a líonadh'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    D’éist mé leis an gclár raidió faoin gcúis 7 thaithin sé liom go seoighe! Go deimhin, tá an taifeadadh go léir i dtaisce agam :-)