Céard atá i ndán do thír na Breataine Bige má bhíonn flaithiúnas ag Albain?

TUAIRISC ÓN mBREATAIN BHEAG: Tá baol mór nach mbeidh sa tír ach páirc saoire má bhíonn na Tóraithe i bhfad i réim, agus gan srianta Aontas na hEorpa ar a gcuid aicmeachais

Céard atá i ndán do thír na Breataine Bige má bhíonn flaithiúnas ag Albain?

Dé Luain seo caite d’fhógair Nicola Sturgeon scéal an dara reifreann in Albain. Lá arna mhárach, bhí macalla na bhfocal sin i ráiteas le ceannaire Plaid Cymru, Leanne Wood: reifreann don Bhreatain Bheag.

Chuir an fógra sin déistin ar Andrew Davies, ceannaire na dTóraithe sa mBreatain Bheag. Maidir le Príomh-Aire na Breataine Bige, Carwyn Jones (Páirtí an Lucht Oibre), is le muintir na hAlban cinneadh a dhéanamh ar a son féin, dar leis, ach ní neart go cur le chéile, agus b’fhearr aontas ná scoilt.

Céard atá i ndán do thír na Breataine Bige má bhíonn flaithiúnas ag Albain, agus deireadh leis an Ríocht Aontaithe dá réir? Céard atá i ndán do Cymru má tharlaíonn athaontú na hÉireann, rud a chuirfeadh deireadh le Tuaisceart Éireann? Céard atá i ndán má thriomaíonn airgead na hEorpa, agus gan sa mBreatain Bheag ach an sop i ndiaidh na seanscuaibe – seanscuab Shasana?

Sin iad na ceisteanna a bhí ag déanamh tinnis dom agus mé ag tiomáint ó Pontypool go Brecon inné. Sa Little Crown a chaith mé an oíche. Is déanamh seanmhianach guail atá ar chuid den óstán. Músaem. Lampaí na mianadóirí, agus sleachta as nuachtáin na linne ag clúdach na mballaí. ‘We can never forgive her’, arsa alt amháin, pictiúr de Thatcher os cionn na bhfocal agus an béilín tóin circe uirthi. ‘Never’? B’fhéidir é. Ach seo ceantar a vótáil ar son Brexit anuraidh.

Soir liom ar maidin i dtreo Aberhonddu. Bhí moill ar an trácht. Tá bóthar mór ceithre lána á thógáil idir Abergavenny agus Merthyr Tydfil. Cén lógó a bhí ar an bhfógra? ‘Aontas na hEorpa’. Níltear ach i dtús na hoibre ann. An gcríochnófar an bóthar seo, nó ar solas síordhearg a bheas ann?

Ó na caogaidí anall, is solas glas a bhí againn, agus is ag laghdú a bhí spleáchas na Breataine Bige ar rialtas lárnach Londan. I 1951, cuireadh post aireachta ar bun i gcomhair na tíre. I 1964, bunaíodh an oifig baile, craobh de rialtas Westminster i gCaerdydd. Nuair a gaireadh an chéad reifreann i 1979 le Seanad ar leith a bhunú sa tír, is amhlaidh a diúltaíodh don smaoineamh. Is i 1997, aimsir an dara reifreann, a chaith an móramh vóta ar son an tSeanaid. In 2007 is ea a tháinig an t-acht rialtais i bhfeidhm. Dá réir seo, is de chumhacht rialtas na Breataine Bige a chuid reachtaíochta féin a cheadú i réimsí faoi leith, cúrsaí oideachais agus cúrsaí sláinte, cuir i gcás. Ansin faoi Mhárta 2011, bhí reifreann eile ann, agus vótáil na daoine ar son breis cumhachtaí don Seanad. Ó bhí Acht an Aontais ann le Sasana i 1536, ní raibh oiread neamhspleáchais ag an mBreatain Bheag riamh.

Ach is gearr a mhair an dóchas mór. Ceithre bliana. In earrach na bliana 2015, níor éirigh le Plaid Cymru ach trí shuíochán a fháil i gCaerdydd. Tháinig méadú 12% ar vóta UKIP. Aon suíochán déag a thug na Tóraithe leo, méadú 33%. Dá dhonacht olltoghchán 2015 nuair a d’éirigh leis na Tóraithe móramh iomlán a fháil i Londain, is annus horribilis a bhí in 2016 nuair a vótáil an Bhreatain Bheag ar son an Bhreatimeachta. An dul chun cinn a bhí déanta le leathchéad bliain roimhe sin, rinneadh smionagar de ar leac na míthuisceana.

Is cinnte nach bhfuil ach líon an-bheag daoine ar son neamhspleáchais don Bhreatain Bhig agus dealú na tíre ó Shasana. Más 3% a bhí sa mhionlach sin in 2014, is 28% atá ann feasta, de réir chuid de na pobalbhreitheanna. Tá glór na ndaoine sin le cloisteáil, agus tá tuilleadh ann nach séanfadh go bhfuil todhchaí na tíre le plé. Agus déanann brobh beart: dá ndeireadh duine deich mbliana ó shin gur ghearr go mbeadh Albain ag iarraidh neamhspleáchais di féin, is beag aird a bheadh air.

Ní fios céard atá i ndán i gcás na Breataine Bige más ea. Ach tá baol mór nach mbeidh sa tír ach páirc saoire má bhíonn na Tóraithe i bhfad i réim, agus gan srianta Aontas na hEorpa ar a gcuid aicmeachais, ar a gcuid uabhair, agus ar a gcuid éagóra.