Cainteanna Stormont agus ceist an Achta Gaeilge fós idir dhá cheann na meá

Tá ceist an Achta Gaeilge ina dris chosáin mhór sna cainteanna atá ar bun i láthair na huaire faoi athbhunú an fheidhmeannais ó thuaidh agus gan fágtha ag na páirtithe ach go dtí tráthnóna inniu chun teacht ar réiteach

Cainteanna Stormont agus ceist an Achta Gaeilge fós idir dhá cheann na meá

Tráthnóna inniu an sprioc do pháirtithe Stormont teacht ar aontú a chuirfeadh an feidhmeannas ar bun athuair agus a bhfuil i ndán do na cainteanna fós idir dhá cheann na meá.

Ma theipeann ar na páirtithe teacht ar réiteach faoi thráthnóna, déanfaidh Státrúnaí Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, cinneadh cé acu an mbeifear ag filleadh ar an riail dhíreach ó Westminster nó an bhfágfar riar an stáit faoi státseirbhísigh go dtí go n-eagrófar babhta idirbheartaíochta eile san fhómhar.

Tá seans éigin ann freisin go mbeadh toghchán tionóil eile ann má theipeann ar chainteanna an lae inniu, cé go meastar gur beag éileamh atá i measc an phobail ar an tríú toghchán in imeacht 18 mí.

Tá a bhfuil i ndán don éileamh ar Acht Gaeilge ó thuaidh fós idir dhá cheann na meá ar maidin chomh maith agus é ar an dris chosáin is mó atá roimh athbhunú an fheidhmeannais.

Tá brú á chur ag an DUP ar Shinn Féin gan ligean do na cainteanna teip mar gheall ar cheist an Achta Gaeilge agus rabhadh tugtha ag iarcheannaire an pháirtí dóibh, Peter Robinson, nach maithfeadh muintir an Tuaiscirt a leithéid don pháirtí náisiúnach.

Idir an dá linn tá brú á chur ar an DUP féin gan géilleadh don éileamh ar Acht Gaeilge, bíodh sé ina acht neamhspleách Gaeilge nó ná bíodh.

Tá an DUP ag maíomh gur cheart go luafaí an Ultais agus an cultúr Oráisteach in aon reachtaíocht nua. Tá Sinn Féin, an SDLP agus an Alliance den tuairim, áfach, gur cheart go mbeadh reachtaíocht ann a dhéileálfadh leis an nGaeilge go sonrach.

Tá a gcuid tacaíochta tugtha ag an Taoiseach Leo Varadkar agus an Rialtas ó dheas don éileamh ar Acht Teanga don Ghaeilge amháin.

Chuir an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, in iúl do Phríomh-Aire na Breataine, Theresa May, agus do James Brokenshire, go bhfuil a thacaíocht tugtha ag Varadkar don éileamh sin.

Ó tharla nár chloígh na páirtithe leis na spriocanna a leagadh síos do na cainteanna cheann, níl ach caolseans ann go gcuirfear síniú breise leis an sprioc. Dúirt Brokenshire féin i mí an Mhárta nár mhaith leis go dtabharfaí riail dhíreach ó Westminster isteach arís ach go bhféadfadh sé tarlú sa chás nach dtiocfaí ar réiteach.

Moladh cheana go mbeadh chomhrialú de shaghas éigin ann idir an rialtas i dTeach Laighean agus an rialtas i Westminster ach níl aon ullmhú déanta dona leithéid go fóill agus is beag seans go dtiocfaí ar aontú faoin gcineál sin réitigh go luath.

Dúirt cathaoirleach náisiúnta Shinn Féin, Declan Kearney, nach nglacfadh an páirtí ach le hAcht don Ghaeilge amháin agus gur loic an DUP ar ghealltanais a tugadh cheana maidir lena leithéid d’Acht a thabhairt isteach.

Dúirt iarcheannaire an DUP Peter Robinson gur “díol trua agus áiféise” a bheadh ann dá gcuirfeadh Sinn Féin i gcoinne athbhunú Fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an éileamh ar Acht Gaeilge.

Dúirt Robinson i bpostáil ar na meáin shóisialta go bhféadfaí aitheantas a thabhairt don Ghaeilge agus don Ultais araon in aon reachtaíocht a thabharfaí isteach de thoradh na gcainteanna.

Dúirt ceannaire Alliance Naomi Long go raibh “an-droch-chuma” ar na cainteanna agus nach raibh ann ach caolseans go n-éireodh leis na páirtithe teacht ar réiteach roimh thráthnóna amárach, an spriocam is déanaí.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer, gur “Acht Gaeilge láidir, ceartbhunaithe agus neamhspleách” a theastaigh.

“Is í seo uair na cinniúna chun Acht Gaeilge atá láidir a chur i bhfeidhm. Tugadh gealltanas do phobal na Gaeilge breis agus 10 mbliana ó shin go mbeadh athruithe ann. Ní mór Acht Gaeilge atá láidir, atá bunaithe ar chearta, agus neamhspleách a bheith mar chuid de chomhaontú ar bith,” a dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.