An dara duine básaithe in eachtra a bhain le Ophelia agus fear maraithe i dTiobraid Árann

Maraíodh bean sna caogaidí taobh amuigh den Eaglais i bPort Láirge nuair a thit crann ar a carr ar maidin

An dara duine básaithe in eachtra a bhain le Ophelia agus fear maraithe i dTiobraid Árann

Tá an dara duine básaithe inniu in eachtra a tharla le linn na stoirme Ophelia, agus fear sna tríochaidí maraithe i dTiobraid Árann i dtimpiste.

Maraíodh é agus é ag gearradh crainn a thit ar an mbóthar taobh amuigh den Chathair le sábh slabhraí. Gortaíodh leis an sábh é agus fuair sé bás. Aistríodh a chorp go hOspidéal Chluain Meala.

Tá iarrtha arís eile ag an nGarda Síochána ar an bpobal fanacht istigh agus gan taistil le linn na stoirme agus ina diaidh mura mbíonn géarghá leis an turas. Dúirt urlabhraí de chuid na nGardaí tráthnóna go mbeidh contúirt ann fiú i ndiaidh na stoirme mar gheall ar chrainnte a bheith tite, smionagar a bheith caite ar na bóithre agus fuarlaigh a bheith in áiteanna.

Níos túisce ar maidin, maraíodh bean sna 50idí i bPort Láirge nuair a thit crann ar a carr. Bhí sí ag tiomáint gar don Eaglais in iarthar an chontae, in éineacht le bean eile, atá sna seachtóidí, nuair a leag an ghaoth an crann.

Gortaíodh an bhean eile agus aistríodh go hOspidéal Réigiúnach Phort Láirge, áit a bhfuil cóir leighis á cur uirthi faoi láthair.

Idir an dá linn, tá cáineadh déanta ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus ag an nGarda Síochána sa chathair ar dhaoine a chonacthas ag siúil agus ag snámh ag Bóthar na Trá.

Tá seirbhísí traenach agus bus curtha ar ceal ar fud na tíre agus Bus Éireann, Iarnród Éireann, LUAS, Bus Átha Cliath agus comhlachtaí príobháideacha. Táthar ag súil le seirbhísí a chur ar fáil arís ar maidin.

Fág freagra ar 'An dara duine básaithe in eachtra a bhain le Ophelia agus fear maraithe i dTiobraid Árann'