An bréag-Éireannachas a loiteann ‘Bodkin’, scéinséir grinn mhuintir Obama

Cé nach bhfuil an tsraith ‘Bodkin’ gan a maitheasaí ní aimsíonn sí an sprioc agus tá an iomad den bhréag-Éireannachas inti

An bréag-Éireannachas a loiteann ‘Bodkin’, scéinséir grinn mhuintir Obama

Mná rialta i mbun ióga, tarracóir dioscó agus mac tíre ag éalú timpeall – an t-iomlán léir. Sin agat an tsraith Bodkin (Netflix); scéinséir grinn lonnaithe in iarthar Chorcaí a  bhfuil muintir Obama sa mheitheal léiritheoirí feidhmeacha aige. Bímid ar tinneall aon uair go dtagann na Poncánaigh ‘on dúthaigh le saothar a dhéanamh inár measc; eagla orainn go raghfar i muinín na begorrahs, na leipreachán agus na maidineacha maithe.

Chonac cheana tú faoi mar a dúrt an cat leis an mbainne te. Cé nach bhfuil an saothar seo gan a mhaitheasaí titeann sé isteach sa ghaiste sin. Cé nach le drochrún a deintear sin beidh an tÉireannach ag cneadaíl nuair a fhéachann sé air seo; bean tí ag iarraidh ar dhuine ó Chicago an bhfuil aithne aige ar dhuine éigin eile ón gcathair, piseoga á gcur os ár gcomhair amhail is go gcreideann gach duine iontu, smut den begorrah agus bean rialta ag ól maide pínt cois cuntair. Fiú na hainmneacha áite; Bodkin, Ailbhe’s Hollow srl. Tá an saothar déanta don ghoile Meiriceánach.

Tosnaíonn rudaí go maith leis an amhrán ‘Peacach’ le IMLÉ ár dtionlacan tríd na creidiúintí tosaigh. Buailimid leis an iriseoir Dove (Siobhán Cullen ) atá ag obair ar scéal tromchúiseach don Guardian.

Nuair a chuireann foinse dá cuid lámh ina bhás féin seolann a heagarthóir ar ais go hÉirinn í ar feadh scaithimh ar mhaithe léi féin, leis an scéal agus an páipéar. Drogall ar an mBleá Cliathach filleadh ar a tír dhúchais chúlánta; seanchiúta agus meirg air.

An cúram atá uirthi ná an podchraoltóir coirscéalta fírinneacha Gilbert (Will Forte) agus an taighdeoir Emmy (Robyn Cara) a threorú timpeall. A súile ar leathadh acu beirt faoi iontaisí na tíre miotasaí seo. Conach is mífhoighne ar Dove. Taispeántais bhreátha uathu ar fad ach iad ag titim isteach sa characatúr ábhairín rímhinic.

Sé Bréantrá Iarthar Chorcaí atá mar cheann scríbe acu mar a ndéanfaidh Gilbert podchraoladh faoi na daoine a d’imigh ar iarraidh Oíche Shamhna blianta roimhe sin (nó Sam-Hen faoi mar a thugann Emmy air). Fan na slí buaileann siad le meascán de charachtair éagsúla atá á léiriú ag leithéidí David Wilmot, Ger Kelly, Pat Shortt agus Chris Walley.

Níl aon rud míthaitneamhach faoin rud ar fad ach go bhfuil cuma sheanchaite, róshaothraithe air. Deirtear linn go pointeáilte (ar mhaithe leis na Meiriceánaigh) gurb í Éire lárionad na teicneolaíochta san Eoraip agus dhein fear áitiúil a chóta bán i Meiriceá agus anois tá braisle freastalaithe oscailte aige ar an bhfód dúchais. Lena chois sin níl an saothar chomh greannmhar agus ba cheart, is a d’fhéadfadh sé, a bheith.

Ní nach ionadh tosnaíonn an triúr ag tochailt, cúpla cor agus casadh, faightear uisce fé thalamh agus tagann rúin chun solais. Fé mar a deirtear in Iarthar Duibhneach; dhera, tá sé alraight ina shlí féin.

Fág freagra ar 'An bréag-Éireannachas a loiteann ‘Bodkin’, scéinséir grinn mhuintir Obama'