Cuirfear tús anocht leis an dara sraith de Scéalta na gCorn agus Gráinne McElwain ag taisteal ar fud na hÉireann agus í ag insint scéalta na ndaoine a bhfuil coirn na gCluichí Gaelacha ainmnithe ina n-onóir.
Déantar corn a cheiliúradh nuair a éiríonn le foireann ceann acu a bhaint ach is annamh go mbíonn mórán eolais ag daoine faoi shaol na ndaoine a bhfuil a n-ainmneacha greanta ag bun na gcorn. Tabharfar cuid de na scéalta sin chun solais sa tsraith nua agus súil le caitheamh ar choirn atá ainmnithe in ómós do thírghráthóirí réabhlóideacha de chuid na hÉireann amhail Tomás Ághais agus Joe McGarrity, cuid eile atá ainmnithe i ndiaidh laochra spóirt amhail Nicky Rackard agus Dermot Earley agus tuilleadh corn atá ainmnithe in ómós do ghnáthbhaill an chumainn.
Tosaíonn an tsraith nua anocht, Dé Céadaoin, le Gráinne McElwain ar cuairt ar chroílár na hiomána in Éirinn, Staid Semple i nDurlas, áit a gcloisfidh sí faoi choirn atá ainmnithe as beirt a throid in Óglaigh na hÉireann le linn Chogadh na Saoirse, Dan Breen agus Seán Treacy.
Tabharfaidh sí cuairt fosta ar an tseoid cheilte sin, Músaem Lár na Páirce, le hamharc ar chuid dá bhfuil i dtaisce ann, chomh maith le bheith ag foghlaim faoi thrófaí ar chruth aisteach ar cosúil é le ceann de shainchomharthaí na tíre – Trófaí Chros Phádraig. Cloisfidh Gráinne fosta faoi bhás tragóideach iománaí óg de chuid Thiobraid Árann, imreoir a maireann a ainm ar Chorn Dillon Quirke.
Sa dara clár den tsraith, tabharfar cuairt ar Chiarraí chun eolas a fháil ar chuid de na coirn a bhronntar sa chontae sin. Ina measc, beidh Corn Dermot Earley, a bhronntar ar bhuaiteoirí chomórtas sinsear na bhfear ag Comórtas Peile Pháidí Uí Shé i gCeann Trá gach bliain.
Díreoidh na cláir ina dhiaidh sin ar choirn i Loch Garman, An Dún, Tír Eoghain agus An Cabhán.
Imagine Media a léirigh Scéalta na gCorn, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin Thuaisceart Éireann.
– Craolfar an chéad chlár sa tsraith nua de Scéalta na gCorn Dé Céadaoin, 5 Meitheamh, ag 8.30pm ar TG4
Fág freagra ar 'Tuilleadh scéalta fúthusan a bhfuil coirn ainmnithe ina n-ómós le hinsint ar TG4'