Zelensky ag iarraidh dul chun cainte le Putin

Deir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, go bhféadfadh an Rúis airm cheimiceacha sa úsáid toisc Putin a bheith ‘i ladhair an chasúir’ sa chogadh

Zelensky ag iarraidh dul chun cainte le Putin

Tá cruinniú iarrtha ag Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky le hUachtarán na Rúise chun plé a dhéanamh ar dheireadh a chur leis an gcogadh. 

Deir Zelensky nach bhféadfaí teacht ar chomhréiteach a chuirfeadh deireadh le hionradh na Rúise mura mbuailfeadh an bheirt uachtarán acu le chéile.

Deir Zelensky go bhfuil ag éirí le fórsaí na hÚcráine moill a chur le dul chun cinn na Rúise, ach tá sé ina imní go bhféadfadh an Rúis dul i muinín airm cheimiceacha, bhitheolaíochta nó núicléacha.

Thug Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Joe Biden, foláireamh go bhféadfadh an Rúis na hairm sin a úsáid toisc Putin a bheith “i ladhar an chasúir” sa chogadh.

Deir an Úcráin, áfach, go bhfuil níos mó eitleán ag an Rúis in aerspás na tíre agus tá cabhlach na Rúise tosaithe ar ionsaithe sliogán a dhéanamh ar imeall Odesa in iarracht na hUcránaigh a scaradh amach ón Muir Dhubh. 

Cháin an tUachtarán Zelensky chomh maith ionsaí a rinneadh ar lucht agóide i gcathair Kherson i ndeisceart na tíre agus ionsaithe a rinneadh ar cheantar Zaporizhzhia sna oirdheisceart. Tuairiscítear gur tugadh ceathrar páistí chun ospidéil i ndiaidh na n-ionsaithe ar Zaporizhzhia.

Dúirt Zelensky gur scaoil trúpaí de chuid na Rúise le grúpa daoine in Kherson “a bhí amuigh ar na sráideanna ag agóid go síochánta ar son a saoirse – ar son ár saoirse”.

“Ní thuigeann saighdiúirí na Rúise conas mar a bhraitheann sé a bheith saor fiú,” arsa Zelensky.

 “Cuireadh iachall orthu a bheith anseo, déanta na fírinne, mar a mbeadh pianbhreith á gearradh orthu – pianbhreith a fhágann nach bhfuil i ndán dóibh ach an bás agus an náire.”

Idir an dá linn, tá 100,000 teanntaithe i gcónaí i gcathair faoi léigear Mariupol mar a bhfuil a bhformhór ar foscadh faoi thalamh agus gan mórán bia ná uisce fágtha acu. Dúirt  Zelensky go raibh an chathair “á dó go talamh”. Dúirt ceannasaí gnóthaí eachtracha an Aontais Eorpaigh, Josep Borrell, gur “coir chogaidh mhillteanach” a bhí i mbombardú Mariupol atá faoi léigear le trí seachtaine anuas”. 

Foilsíodh eolas ar sheirbhís nuachta de chuid na Rúise gur maraíodh 10,000 saighdiúir Rúiseach ó thús an ionraidh agus gur gortaíodh 16,000. 

Dúirt lucht na seirbhíse, áfach, gurb amhlaidh gur deineadh haiceáil ar a suíomh.

Fág freagra ar 'Zelensky ag iarraidh dul chun cainte le Putin'