‘We’re not going to ciorcal comhrá our way out of this’ – múnla tithíochta do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath le scagadh

Deir Daithí de Buitléir ón dtogra nua An Chomhairle Chraiceáilte go bhfuil fúthu Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath a spreagadh le beartais nua a fhorbairt chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair

‘We’re not going to ciorcal comhrá our way out of this’ – múnla tithíochta do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath le scagadh

“We’re not going to ciorcal comhrá our way out of this.”

B’in a bhí le rá ag Daithí de Buitléir ag cruinniú de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus é ag trácht ar na deiseanna atá ann agus an obair atá le déanamh ag an gComhairle chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phríomhchathair.

Tá de Buitléir, duine de mheitheal bhunaithe an chumainn lán-Ghaeilge CLG Na Gaeil Óga, ag obair le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun teacht ar smaointe agus ar bhealaí nua chun úsáid na Gaeilge a spreagadh agus a éascú i measc phobal na cathrach.

Agus Seachtain na Gaeilge linn, is minic d’údaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí béim a chur ar na ciorcail chomhrá nó na ranganna Gaeilge a chuirtear ar fáil d’fhostaithe, ach deir de Buitléir go bhfuil cur chuige nuálach ag teastáil má tá dul chun cinn suntasach le déanamh maidir leis an teanga.

“Go rómhinic, tá muid ag filleadh ar rudaí nach bhfuil tar éis oibriú le 50, 60, 70 bliain anuas,” arsa de Buitléir agus é ag labhairt le Tuairisc. “Leanann muid orainn á ndéanamh agus súil againn le torthaí difriúla. Ansin tagann an daonáireamh amach gach cúig bliana agus bíonn díomá ar gach duine [faoi fhigiúirí na gcainteoirí Gaeilge].”

Is ag iarraidh teacht ar na smaointe nua sin atá de Buitléir leis an dtionscadal ‘An Chomhairle Chraiceáilte’, clár a spreagann agus a chuireann ar chumas fostaithe de chuid na Comhairle tacú le labhairt na Gaeilge.

Seachas díreach a bheith ag iarraidh daoine a chur ag labhairt Gaeilge lena chéile ar mhaithe leis an teanga, tá an clár nua ag iarraidh saineolas fhostaithe na Comhairle a úsáid chun deiseanna praiticiúla a fhorbairt chun an teanga a labhairt.

“Ceann de na rudaí atá easnamhach faoi dhioscúrsa na Gaeilge le fada ná go minic, bailíonn muid daoine le chéile mar ghrúpa le spéiseanna ginearálta agus pléann muid leo conas gur féidir linn rudaí ginearálta a bhaint amach. An rud atá difriúil anseo, b’fhéidir, ná go bhfuil muid ag tógáil daoine a bhfuil an paisean sin acu don teanga ach ag cur ceisteanna níos sainiúla orthu,” arsa de Buitléir.

“Níl muid ag rá conas gur féidir labhairt na Gaeilge a láidriú, tá muid ag rá conas gur féidir labhairt na Gaeilge a láidriú tríd na leabharlanna nó trí thithíocht nó trí sheirbhísí custaiméara nó trí pé réimse saineolas atá acu.”

Tá seirbhísí leabharlainne, an turasóireacht teanga-bhunaithe agus seirbhísí custaiméirí i measc na réimsí a bhfuil rannpháirtithe an chláir an díriú orthu i láthair na huaire, mar atá an fhéidearthacht múnlaí tithíochta teanga-bhunaithe a fhorbairt do chainteoirí Gaeilge sa chathair.

“Tá duine ón roinn tithíochta sa Chomhairle ag breathnú ar an bhféadfadh muid macasamhail Theach na Gaeilge a bhíonn acu sna hollscoileanna a athchruthú sa phobal anseo,” a deir de Buitléir.

Deir sé go bhfuil moltaí maidir le pobal Gaeilgeoirí a bhunú sa chathair tagtha chun cinn anois agus arís le blianta fada anuas ach, cé go bhfuiltear fós luath go maith sa bhfiosrúchán seo a deir sé, tá cur chuige réadúil in úsáid.

“Tá mise tar éis go leor den chaint sin a chloisteáil le 15 bliain anuas ach feictear dom go bhfuil ceann nó péire de na cuir chuige a bhfuiltear ag breathnú orthu anois níos réadúla ná aon rud atá feicthe agam riamh. Bheadh siad ag breathnú ar leas a bhaint as roinnt de na scéimeanna rialtais atá ann cheana féin.”

Tráthúil go leor, bhí an tAire Tithíochta Darragh O’Brien ar dhuine den thart ar 300 duine a bhí i Halla na Cathrach i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag taispeántas inar cuireadh tograí na Comhairle Craiceáilte chun cinn.

Ar cheann de na smaointe eile atá ann, tá moladh déanta úsáid a bhaint as an drámaíocht chun an Ghaeilge a mhúineadh do nua-Éireannaigh.

“Tá go leor daoine ann agus tagann siad go hÉirinn agus tagann siad ó chúlra ilteangach agus cuireann siad an-luach ar an ilteangachas agus ba mhaith leo teanga na tíre seo a fhoghlaim. B’fhéidir go bhfuil na háiteanna atá ann chun é a fhoghlaim beagáinín leadránach agus táthar ag rá canathaobh nach féidir iad a mhúineadh trí dhrámaíocht. Tá go leor den stuif neamhbhriathartha, tá an comhrá struchtúrtha agus is doras deas isteach go dtí an tumadh teanga atá ann do dhuine atá nua-thagtha go hÉirinn.”

Agus blianta caite aige ag obair san earnáil phríobháideach, deir de Buitléir go raibh amhras air an mbeadh sé ag cur amú a chuid ama ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn sa Chomhairle agus tuairim ann lena nglactar go forleathan gurb í an státseirbhís is cúis le meath na Gaeilge. Thuig sé luath go maith, áfach, go bhfuil an-chuid daoine “atá an-díograiseach” i leith na Gaeilge agus “a bhfuil paisean acu don Ghaeilge” ag obair i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, dar leis.

Léiriú air sin a bhí i gcruinniú míosúil na Comhairle an mhí seo, a reáchtáladh go hiomlán trí Ghaeilge den chéad uair riamh agus seirbhísí ateangaireachta curtha ar fáil dóibh siúd i seomra na Comhairle.

Moladh go bpléifí míreanna de chruinnithe na Comhairle i nGaeilge níos minice as seo amach agus tá an Chomhairle le dul i dteagmháil freisin leis na húdaráis áitiúla eile ar fud na tíre chun comhairle a thairiscint maidir le reáchtáil cruinnithe trí Ghaeilge.

Fág freagra ar '‘We’re not going to ciorcal comhrá our way out of this’ – múnla tithíochta do Ghaeilgeoirí i mBaile Átha Cliath le scagadh'

  • Fergus na Foghraíochta

    “Teach na Gaeilge”
    Eastát do Ghaeilgeoirí mar a bhí á phleanáil do Bhaile Munna??
    Bloc-árasán do Ghaeilgeoirí??

    An mbeadh “co-op lease” mar a bhíonn i Nua Eabhrac i agus gan cead an árasán / teach a dhíol le duine ar bith ach le cead an an bord bainistíochta den “c0-0p”.

    Theastódh scaifte saineolaithe chun comhairle a chur ar fail faoi chúrsaí pleanala, dlí na húinéireachta, teangeolaíocht srl

  • Pól Ó Braoin

    Míreanna de chruinnithe na Comhairle, ná comhairle ar bith eile, i nGaeilge, ní mhairfidh mé fada a dhóthain leis an lá sin a fheiceáil ná mo gharchlann ach an oiread. Cloisimid an chaint chéanna arís agus arís eile thart ar an am seo bliana agus an chuid eile den bhliain muid ar ais ar an seanród caite.
    Feicim dóchas beag amháin sa scéal ann. Chuaigh neart daoine óga ag an ngaelscoil agus bíonn siad níos toilteanaí labhairt i nGaeilge liom. Deir siad nach mbíonn áit ar bith ann leis an nGaeilge a d’fhoghlaim siad a chleachtadh agus ar ndóigh níl teacht ar bith ar mheanscoil ghaelach. Tús maith a bheidh ann seans a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a úsáid, ach ar ndóigh toil na n-údarás a theastós… a thugann ar ais go dtí an tús mé.

  • Billy an Ghoirt

    Nár thóg muintir Bhóthar Seoighe i mBeal Feirste a dtithe lena chuid lámha féin!?

    Is iontach an rud é tacaíocht ón stát nuair a bhíonn síad sásta cothrom na féinne a thabhairt dúinn (annamh) – ach ba bhotún do lucht na Gaeilge BÁC é a bheith ag brath go hiomlán ar an stát – caithfidh síad a bheith réidh dul ag obair go neamhspleách, neamhleithscéalach agus as a stuaim féin.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Is maith liom an smaointiú atá ag Fergus na Foghraíochta thuas. Tá’n chóras seoirt céanna sa tSualainn – bloc árasáin i lár na cathrach agus coiste bainistíochta na gcónaitheoirí ina mbun. Bíonn ar chónaitheoir úr agallamh a dhéanamh ar dtús agus má éiríonn leo thig leo an árasán a cheannacht – le coinníollacha.