Sásta, an-sásta, moladh, fáilte agus céim mhór chun cinn. Aithneoidh tú na focail in áit na mbonn agus polaiteoirí agus lucht na teanga ag ceiliúradh airgid bhreise.
Sea, bhí an damhsa bliantúil againn arís, céilí mór na cáinaisnéise, cor seisir deontas, an oíche dheireanach ar an chúrsa, an phóg thapa roimh scaradh an bhealaigh go ceann bliana eile.
Tá €78 milliún san iomlán as buiséad €17.75 billiún faighte ag pobal na Gaeltachta agus eagraíochtaí teanga agus is iad atá, ahem, sásta. €14.8 milliún breise a fuair rannóg na Gaeltachta as an bhuiséad “is mó ó thaobh infheistíochta ó bhunú an Stáit” mar a scríobhadh anseo. Ardú 23% a bhí ansin, i gcomparáid le hardú 70% do chúrsaí cultúir agus ealaíon sa Roinn chéanna. Ardú €50 milliún a fuair an Chomhairle Ealaíon, €1.77 milliún a fuair an Foras Teanga – Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise.
Fuair rannóg na Gaeltachta 7.2% den bhuiséad breis is billiún euro a tugadh don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Fágadh, an iarraidh seo, “díomá”, “fearg”, “míshásta” i bhfoclóir cáinteach na nGael.
(Ná bíodh imní ort, seans mór go mbeidh na focail sin in úsáid go luath amach anseo. Bímis dóchasach go mbeidh. Ní Gael go gearán!)
“Céim mhór chun cinn” a bhí san airgead breise, a dúirt Aire na Gaeltachta, Catherine Martin. Bheadh deis aici “níos mó airgid a dháileadh ar na heagraíochtaí éagsúla”, is é sin, mura ndéanann Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, an dáileadh roimpi nó sin an plean ceannann céanna agus atá aige féin, an rógaire beag!
“Mór-ghníomh” a bhí san ardú buiséid, a dúirt Martin, agus bhí Chambers “an-sásta” leis an ghníomh mhór chéanna.
Ach nach tiarnúil an focal sin “dáileadh”? M’anam le Dia, chonaic mé na huaisle ag déanamh déirce ar na hísle. Sea, sin agat an cainteoir dúchais, cultúr ársa na Gaeltachta agus an Ghaeilge bheo, ábhar déirce. Dáileadh.
Cuimhnigh ar an fhocal sin nó sin is caidreamh anois ann idir polaiteoirí agus lucht na Gaeilge; na daoine a dháileann agus na daoine ar a ndáiltear.
Dúirt cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Pól Ó Gallchóir, go raibh sé “sásta” agus thug príomhfheidhmeannach an fhorais, Seán Ó Coinn, le fios gur “méadú suntasach” a bhí san airgead breise; €1.8 milliún ina gcás féin. (Ní heol dúinn go fóill cad é an sciar den airgead sin a bheidh le fáil ag an fhoras nuair a bheas a gcuid déanta ag na bráithre Ultaise.) Bíodh sin mar atá, bhí “achar eile” le siúl sula mbíonn an buiséad ar comhchéim le buiséad 2008 nó tá “isteach is amach ar €5 milliún de bhuiséad bonnlíne” an fhorais imithe idir an dá linn, a dúirt Ó Coinn.
Tá an foras, an réiteoir agus imreoir ar pháirc na himeartha, sásta le “méadú suntasach” ar bhuiséad nach dtagann faoi scairt asail de chúiteamh a dhéanamh ar bhuiséad a briseadh 12 bliain ó shin. 12 bliain ó shin! An féidir linn a rá, mar sin, gur méadú “suntasach” é sin i ndáiríre?
Bhuel, tá siad sásta ar a laghad ar bith.
Bhí an port thuas seal, thíos seal céanna ag Conradh na Gaeilge. Bhí “an-fháilte” acusan roimh an airgead ach, ach, ach bhí, fan, fan, fan go fóill, bhí “obair mhór fós le déanamh”. Tháinig an t-airgead breise “mar thoradh ar fheachtas láidir pobail” agus ba mhaith é. Chuir lucht na teanga brú ar pholaiteoirí le go gcuirfí “maoiniú suntasach” ar fáil.
Ach ar cuireadh?
Thug urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aonghus Ó Snodaigh, le fios gur “éagóir” a rinneadh ar lucht na Gaeltachta agus lucht na Gaeilge. Caitheadh “go dona leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht trí chéile,” a dúirt sé. (Ach cad é faoin fháilte, mholadh agus tsásamh a bhí ar bheola gach aon duine eile? Cad é atá ort ar chor ar bith?)
Thagair an Snodach don difríocht mhór idir an t-ardú don Ghaeilge agus an t-ardú do chúrsaí ealaíon.
Anois, níl a fhios agam cad é an brú ar pholaiteoirí ná feachtas láidir pobail a d’eagraigh aos dána na hardchathrach, ach a chairde Gael, tá sé in am Béarla a fhoghlaim, droim láimhe a thabhairt le heagraíochtaí teanga agus ealaíontóirí aonteangacha Duibhlinneacha a cheapadh leis an fheachtas láidir pobail a reáchtáil as seo amach. Cuirtear fógra ar líne láithreach: ‘Wanted: arts organisation to show Irish-language groups how to get big money. An ability to speak Irish would be desirable but not necessary.’
Sea, tá lucht na Gaeltachta agus na Gaeilge i ndiaidh dhá chupán uisce a fháil as an tobar – a fhad agus atá daoine eile ag líonadh a gcuid linnte snámha as an tobar chéanna.
Ach, hé, má tá tusa sásta, tá mise sásta go bhfuil tú sásta. Bímis uilig sásta. Is maith bheith sásta.
Fág freagra ar 'WANTED – grúpa ealaíne le múineadh do lucht na Gaeilge cén chaoi an ‘big money’ a fháil'