Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce

Bhí an chéad bhabhta vótála lán teannais agus chuir Recep Tayyip Erdogan agus Kemal Kilicdaroglu i leith a chéile go raibh daoine á gcur amú acu trí eolas míchruinn a scaipeadh

Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce

Is cosúil gur vóta réitigh atá i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce, agus an tUachtarán Recep Tayyip Erdogan agus a chéile comhraic Kemal Kilicdaroglu beirt ag áiteamh go diongbháilte gur leo féin a bheidh an lá.

De réir na réamhthorthaí beidh coicís eile ag Erdogan, a bhfuil 20 bliain caite i gcumhacht aige, lena chur ina luí ar vótóirí gur fiú téarma eile a thabhairt dó.

Ina aghaidh sa vóta réitigh ar an 28 Bealtaine, an chéad uair gur tharla a leithéid de vóta sa Tuirc,  beidh Kemal Kilicdaroglu, ceannaire an fhreasúra agus iarrthóir a bhfuil sé pháirtí ag tacú leis ar mhaithe le dúshlán Erdogan a thabhairt.

De réir torthaí neamhoifigiúla an chéad bhabhta bhí 49.4% den vóta ag Erdogan agus beagáinín faoi bhun 45% ag Kilicdaroglu.

Ní mór os cionn 50% den vóta a fháil chun an uachtaránacht a bhuachan.

D’éirigh le comhghuaillíocht Erdogan móramh a fháil sa pharlaimint chomh maith, de réir na dtorthaí sealadacha, rud a bheadh ina údar spreagtha eile aige roimh an vóta réitigh.

Bhí an chéad bhabhta vótála lán teannais agus chuir Erdogan agus Kilicdaroglu i leith a chéile go raibh daoine á gcur amú acu trí eolas míchruinn a scaipeadh.

Nuair a toghadh Erdogan ar dtús in 2003 bhí tréimhse fáis ann ó thaobh na heacnamaíochta ach

de réir a chéile mhéadaigh ar an gcáineadh a dhéantaí air, go háirithe mar gheall ar a chur chuige uathlathach.

Tá de cháil ar Erdogan go mbíonn daoine nach mbíonn ar aon phort leis á mbrú go leataobh aige agus go mbíonn sé ag cur de shíor leis an méid cumhachta atá aige féin.

Ag an Tuirc atá ceann den 20 geilleagar is mó ar domhan, tír ina bhfuil 85 milliún duine ina gcónaí, agus naisc pholaitiúla agus eacnamaíochta aici le tíortha éagsúla ar fud na cruinne.

Fág freagra ar 'Vóta réitigh i ndán d’iarrthóirí thoghchán uachtaránachta na Tuirce'