Vóta caite ag muintir Thoraí ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’ agus moltaí Uí Ghallchóir

Móramh beag – 52% - a vótáil ar son na moltaí, rud a léiríonn an scoilt i measc phobal an oileáin mar gheall ar an gceist

Vóta caite ag muintir Thoraí ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’ agus moltaí Uí Ghallchóir

Vótáil muintir Thoraí inniu ar son glacadh leis an Queen of Aran mar bhád farantóireachta ach coinníollacha éagsúla a bheith curtha i bhfeidhm agus seirbhísí éagsúla eile a bheith curtha ar fáil.

112 duine a vótáil ar son glacadh leis na moltaí sa tuarascáil a réitigh Pól Ó Gallchóir faoin aighneas maidir le seirbhís farantóireachta an oileáin agus 103 duine a vótáil in aghaidh na moltaí.

Mar sin, móramh beag – 52% – a vótáil ar son na moltaí, rud a léiríonn an scoilt i measc phobal an oileáin mar gheall ar an gceist. Bhí aighneas inniu ann i ndiaidh na vótála agus roinnt daoine míshásta faoi ghnéithe den chóras vótála.

D’fháiltigh Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh tráthnóna roimh thoradh na vótála.

Ceapadh iarcheannasaí TG4, atá ina Chathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge, mar idirghabhálaí idir an Roinn agus Comharchumann Thoraí an tseachtain seo caite agus leagadh mar chúram air tuairisc a chur le chéile chun iarracht a dhéanamh leigheas a fháil ar an aighneas maidir leis an tseirbhís farantóireachta.

Dhearbhaigh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le déanaí nach raibh aon dul siar ar an gcinneadh go rachaidh an ‘Queen of Aran’ i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraí ón 1 Aibreán.

Bhí sé i gceist ag muintir Thoraí go gcuirfí bac ar ché an oileáin an lá sin dá ndéanfadh an bád farantóireachta iarracht teacht go dtí an t-oileán agus iad den tuairim go raibh an bád róshean agus nach raibh sí sábháilte dá bharr.

Agus míshástacht ann i gcónaí i measc chuid mhaith de phobal an oileáin faoin ‘Queen of Aran’, ní fios go fóill cé chomh réidh is a bheidh a cúrsa ar an 1 Aibreán.

Bhí muintir an oileáin ag iarraidh go gcuirfí ar ceal an conradh seirbhíse farantóireachta cúig bliana a bronnadh ar an gcomhlacht Réalt na Maidne, ar leo an ‘Queen of Aran’.

Agus an chosúlacht ar an scéal nach raibh aon fhuascailt i ndán don aighneas cheap Roinn na Gaeltachta Ó Gallchóir mar idirghabhálaí agus chuaigh sé i mbun oibre an tseachtain seo caite.

Is iad na príomh-mholtaí i dtuairisc Uí Ghallchóir ná go mbeadh dhá bhád farantóireachta ag an oileán– an ‘Queen of Aran’ agus bád beag eile a chuirfeadh seirbhís ‘ghasta’ ar fáil do 12 paisinéir – fad is a bheifí ag fanacht ar an mbád nua atá geallta do mhuintir Thoraí.

Go dtí go mbeadh bád nua  amach anseo go ndéanfaí an ché ag Machaire Rabhartaigh a fhorbairt chun cur leis an tseirbhís nua a gcuirfear tús léi ar an 1 Aibreán.

Sa chás go ndéanfaí forbairt ar an gcé, chuirfí seirbhís ‘ghasta’ ar fáil le bád beag eile a d’fhéadfadh idir 12 agus 20 paisinéir a iompar.

Moltar i dtuarascáil Uí Ghallchóir chomh maith go mbunófaí Coiste Thoraí 2018 chun monatóireacht a dhéanamh ar an dá sheirbhís nua. Ó Gallchóir féin a bheadh ina chathaoirleach ar an gcoiste a d’fhoilseodh tuarascáil i mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Moltar freisin go mbunófaí Coiste Bhád Úr Thoraí chun tuarascáil a ullmhú laistigh de shé mhí maidir leis an mbád nua farantóireachta atá geallta don oileán.

Moltar go gcuirfí san áireamh tuairimí na n-oileánach féin agus aon bhád úr á dhearadh don oileán. Moladh chomh maith go luafaí spriocdháta cinnte le tógáil agus le seoladh an bháid nua. Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil an tseachtain seo go raibh súil aige go mbeadh a leithéid de bhád tógtha taobh istigh de 2-3 bliana.

Dúirt Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, Aodhán Mac Cormaic, níos túisce an mhí seo gur faoi Oifig an tSuirbhéara Mhuirí atá sé a rá an bhfuil an ‘Queen of Aran’ sábháilte nó nach bhfuil agus go raibh an Roinn “muiníneach” go bhfaighidh an bád teastas sábháilteachta ó Oifig an tSuirbhéara.

 

Fág freagra ar 'Vóta caite ag muintir Thoraí ar son glacadh leis an ‘Queen of Aran’ agus moltaí Uí Ghallchóir'

  • Aoife

    Caithfidh na daoine ar thorthaí vótáil in aghaidh an bád aosta Queen of Aran a úsáid