‘Ulster says no!’ arís agus an chluas bhodhar á tabhairt dóibh arís…

Is iomaí duine a dúirt le Arlene Foster agus an DUP nach bhfanfadh na Caomhaigh dílis dóibh ach fad is a d’fheil sé sin dóibh féin. Ní ligfeadh an sotal ná an hubris don DUP glacadh leis an gcomhairle sin…

‘Ulster says no!’ arís agus an chluas bhodhar á tabhairt dóibh arís…

Ian Paisley, an DUP, agus James Molyneaux, an UPP, i mbun agóide i gcoinne Chomhaontú Angla-Éireannach Hillsborough i 1985. Pictiúr: Rollingnews

An 15 Samhain 1985. Aontachtaithe, idir lucht UUP agus lucht DUP, ag screadach agus ag bagairt mar go raibh ‘feall’ déanta orthu ag Príomh-Aire Caomhach na Breataine, Margaret Thatcher. Shínigh sí féin agus an Taoiseach Garrett Fitzgerald an Comhaontú Angla-Éireannach i gCaisleán Chromghlinne a thug ról den chéad uair do rialtas na hÉireann i ngnóthaí an Tuaiscirt. 

Léim ar aghaidh go dtí an tseachtain seo agus an 15 Samhain 2018. Tá an DUP le báiní arís is iad ag cur na feille i leith Príomh-Aire Caomhach eile, Theresa May. 

33 bliain ó shin baineadh siar as ceannaire an UUP, James Molyneaux, a shíl go raibh cairde aige i gcúirt na dTóraithe. Bhí an DUP ag fonóid faoina shoineantacht ach tháinig an dá pháirtí le chéile i bhfeachtas ‘Ulster Says No’ ag baile. Lean léirsithe, oll-slógadh, círéibeacha agus stailc aon lae. Sa Pharlaimint in Westminster bhí súil acu go gcuideodh a gcairde sna Tóraithe leo chun an Comhaontú a chur ar ceal. Níor chuidigh. Sheas dornán leo ach ghlac feisirí leis an gComhaontú le móramh an-mhór.

Líomhain na hAontachtaithe go raibh sláine na Ríochta Aontaithe curtha i mbaol, an port ceannann céanna a bhí ag an DUP le seachtain agus iad ag ionsaí Theresa May agus a margadh Breatimeachta. Chuir an tUrramach Ian Paisley i leith Margaret Thatcher go raibh an cuspóir nach raibh an IRA in ann a bhaint amach le buamaí agus piléir géillte aicise. Thug Sammy Wilson rabhadh don Phríomh-Aire May nach ligfí di féin ná a dréachtréiteach leis an Aontas Eorpach aidhmeanna an IRA – riail Bhaile Átha Cliath – a bhaint amach. 

Is léir, agus is iontuighthe, go mbeadh gléchuimhne ag an DUP ar fheachtas an IRA ach ní léir go bhfuil meabhair bainte ag an bpáirtí as na cleasanna ar bhain siad úsáid astu in aisce cheana. Is minic a cuireadh fainic ar an DUP le bliain go leith anuas gur dhíchéillí an mhaise dóibh a bheith taobh le Westminster amháin agus go háirithe a bheith ag brath ar dhílseacht na dTóraithe. 

Is iomaí duine a dúirt le Arlene Foster, Nigel Dodds agus an naonúr feisirí eile go mbeadh na Caomhaigh dílis dóibh fad is a d’fheil sé sin dóibh féin. Ní ligfeadh an sotal ná an hubris don DUP glacadh leis – bhí siadsan níos cumhachtaí agus níos cumasaí ná mar a bhí dream aontachtach ar bith rompu, dar leo féin. Anois tá siad ag clamhsán gur buaileadh bob orthu, go ndearnadh feall orthu agus gur chlis May ar a focal.

Mí nó sé seachtaine ó shin nuair a thosaigh a muinín i Theresa May ag creimeadh, threisigh feisirí ón DUP ar a gcaidreamh leis na hEoraisceiptigh is díograisí, leithéidí Jacob Rees-Mogg, David Davis agus Boris Johnson. An bhfuil cúis ar bith acu a chreidiúint gur tairbhí dóibh an chuimilt meala seo ná a dtacaíocht do May? 

An seasfadh na daoine sin leo mura bhfeilfeadh sé dóibh féin? Ar éist siad lena mbíonn le rá ag na fir sin faoi Thuaisceart Éireann? Gan ach beagán a lua, dúirt Rees-Mogg ag cruinniú poiblí gur cheart a bheith in ann daoine a scrúdú nó faire orthu (‘to inspect’) is iad ag trasnú na teorann ‘mar a rinneadh i rith na dtrioblóidí’. Dúirt Johnson go raibh ‘an giolla ina mháistir’ agus é den tuairim go raibh iomarca airde á tabhairt ar cheist na teorann.

Cén fáth gurb é freagra an DUP ar gach tionscnamh nua a rá gur chontúirt do shláine na Ríochta Aontaithe é? Paranóia nó cleasaíocht? Tá an diúltachas, an neamhghéilliúlacht agus an scanradh ina gcomharthaí sóirt ar an bpáirtí sin ón lá ar bhunaigh Ian Paisley é. Bhí rath ar na teaicticí sa mhéid is go bhfuair siad an ceann is fearr ar ‘aontachtachas an tí mhóir’, an UUP, agus gur éirigh leo a bheith i dtús áite mar gur imir siad an cárta oráiste chun teacht i dtír ar an bhfaitíos. 

Ach cén chaoi ar éirigh leis na roghanna eile? Feachtas in aghaidh an éacúiméineachais –  teip. Feachtas ‘save Ulster from sodomy’ – tá homaighnéasachas dleathach agus tá bac ar an bpósadh comhghnéis. ‘Smash Sinn Féin’ – roinn siad cumhacht leo ar feadh deich mbliana agus tá an dá pháirtí ionann is cothrom.

Lean siad an nós céanna i dtaca leis an mBreatimeacht, iad cíocrach chun an tAontas Eorpach a fhágáil cé gur sárú é sin ar thoil an phobail abhus. Ar bhealach aisteach níor chuir a roghanna contráilte isteach ar fhás an pháirtí, go dtí seo, ar aon nós. 

Anois, tá siad ag tabhairt an eiteachais do stádas speisialta do Thuaisceart Éireann, socrú a thabharfadh an craiceann is a luach don lucht gnó, a deir ionadaithe na dtionsclóirí agus na gcomhlachtaí iompair. Dúirt urlabhraí den chuid an ceann lucht gnó leis an DUP, ‘get over yourselves’. Ní thuigeann sibh an cás, arsa Jeffrey Donaldson, príomhaoire an DUP. 

Níl siad in ann na ‘coscáin a úsáid’, ní áirím cúrsa a athrú agus i bhfianaise na gcomhghuaillithe is deireanaí atá roghnaithe acu, ní mian leo a dhul ar mhalairt treo. Ach cá dtabharfaidh siad sinn? Cá bhfios? 

Fág freagra ar '‘Ulster says no!’ arís agus an chluas bhodhar á tabhairt dóibh arís…'