Uisce faoi thalamh sa linn snámha, an Conallach cantalach ag teacht i gcabhair ar Éirinn

Sa cholún seo, tugtar léargas ar roinnt scéalta beaga, móra, aisteacha agus iontacha ó shaol an spóirt

Uisce faoi thalamh sa linn snámha, an Conallach cantalach ag teacht i gcabhair ar Éirinn

Uisce faoi thalamh sa linn snámh

Agus muid fós i lár toghchán uachtaránachta, is beag suntas a tugadh do scéal a tháinig an tseachtain seo caite go raibh an snámhaí Shane Ryan ag éirí as a bheith ag snámh i gcomórtais idirnáisiúnta. Ní réalta mhór a bhí i Ryan ach ní hin le rá nár bhain sé go leor amach. Ba é an chéad snámhaí Éireannach a ghlac páirt i dtrí cinn de Chluichí Oilimpeacha agus bhuaigh sé boinn dhomhanda agus Eorpacha sa linn snámha ach bhí an chuma ar an scéal go raibh Ryan chun imeacht leis go ciúin.

D’athraigh sé sin ar an Luan nuair a d’fhógair an Rianach go raibh sé le páirt a ghlacadh sna Enhanced Games an bhliain seo chugainn. Is éard atá i gceist leis na cluichí seo ná comórtais ina mbeidh cead acu siúd a bheidh páirteach iontu leas a bhaint as drugaí atá faoi chosc a chuireann leis an bhfeidhmiú.

An fear gnó Aron D’Souza a chum an plean in 2022 agus ó shin tá tacaíocht faighte aige ó chaipitlithe fiontair, an billiúnaí Peter Thiel ina measc, duine de chomhbhunaitheoirí PayPal agus fear a bhfuil an-suim aige i gcúrsaí frith-aosaithe agus ábhair aisteacha eile.

Deir lucht na Enhanced Games gurb í an sprioc atá acu ná acmhainn is cumas an duine a fheabhsú nó mar a deirtear i mbéarlagair na hearnála sin “an teorainn atá le feidhmiúchán an duine a leathnú” agus tá airgead mór á thairiscint do lúthchleasaithe chun tabhairt faoin triail.

Tá an snámhaí Sasanach Ben Proud, a bhuaigh bonn airgid sna Cluichí Oilimpeacha i bPáras anuraidh, ina measc siúd atá tar éis a fhógairt go mbeidh siad ag glacadhe agus tá Shane Ryan ar an gcéad Éireannach a rinne amhlaidh.

Agus é ag labhairt sna meáin an tseachtain seo, d’admhaigh Ryan, a rugadh i Meiriceá ach arb as contae Laoise dá athair, gurb é an t-airgead a mheall é. Ní bhfuair sé riamh níos mó ná €20,000 sa mbliain de mhaoiniú nuair a bhí sé ag snámh d’Éirinn ach deir sé go mbeidh nach mór $200,000 ag dul dó as páirt a ghlacadh sna Enhanced Games mí Bealtaine soe chugainn agus go bhféadfadh sé beagnach leathmhilliún eile a fháil má éiríonn go maith leis.

“Ar deireadh thiar …is é an t-airgead is tábhachtaí,” a dúirt Ryan san Irish Times. Níl sé ag cur i gcéill, ar a laghad.

Tá Cumann Snámha na hÉireann agus Spórt Éireann tar éis díomá a léiriú faoi chinneadh Ryan agus cáineadh déanta air sna meáin agus sna meáin shóisialta freisin ach is beag a chuireann an chaint as do Ryan, is léir. “Ní chuireann tuairimí daoine bia ar an mbord,” a dúirt sé ach b’fhéidir go mbeadh fadhb aige go fóill leis an duine a chuireann an béile os a chomhair sa mbaile.

“Yeah, my mom’s not a big believer in it,” a d’admhaigh Ryan agus imní ar a mháthair faoi tionchar a bheidh ag an scéal uile ar shláinte a mic.

 


Seamus Coleman. Pictiúr: INPHO/Nick Elliott

An Conallach cantalach

37 bliain d’aois atá Séamus Coleman agus a bhreithlá aige thall i Liospóin Dé Sathairn seo caite agus cé nach raibh mórán le ceiliúradh ag fear na gCealla Beag sa gcailliúint 1-0 in aghaidh na Portaingéile, léirigh Coleman a thábhachtaí atá sé d’fhoireann na hÉireann go fóill.

Tá Coleman ciaptha ag gortuithe le bliain anuas agus roghnaigh bainisteoir na hÉireann Heimir Halgrímsson é a fhágáil ar lár don chéad dá chluiche sa gcomórtas cáilithe ach bhraith foireann na hÉireann uaithi ceannaireacht an Chonallaigh thall san Airméin nuair a rinneadh scrios ar Éirinn.

D’fhill Coleman ina dhiaidh sin agus cuireadh isteach díreach sa bhfoireann é don chluiche as baile i gcoinne na Portaingéile. Bhí cosaint na hÉireann i bhfad níos fearr i Liospóin agus ní raibh Coleman ar an bpáirc faoin am ar scóráil an Phortaingéil an t-aon chúl sa chluiche in am cúitimh.

Bhí cantal ar Coleman nuair a baineadh den pháirc é sa gcluiche sin agus bhí cantal go fóill ar an gcosantóir i mBaile Átha Cliath oíche Dé Máirt ach is taispeántas a chomrádaithe a bhí ag cur oilc ar Coleman. Is ag an Airméin a bhí an deis scórála is fearr sa gcéad leath den chluiche sin, Eduard Spertsyan ag lascadh na liathróide ar fóraoil in ainneoin nach raibh aon chosantóir gar dó. Scaoil Coleman faoi Jake O’Brien agus Nathan Collins agus an bheirt dall ar an mbaol a bhí ann ach eachtra eile luath sa dara leath a léirigh ceannaireacht agus gliceas Coleman.

Bhí cúrsaí leamh go maith ar an bpáirc agus i measc an tslua agus níor athraigh sin nuair a rug cúl báire na hAirméine ar liathróid a thit go bog isteach ina lámha théis ionsaí lag de chuid na hÉireann. Cé go raibh an deis caillte, choinnigh Coleman air i dtreo an chúil amhail is go raibh sé ag iarraidh an liathróid a bhuachan ach bhí sé soiléir nach raibh uaidh ach gualainn a bualadh ar an gcúl báire, rud a rinne sé.

Spréach imreoirí na hAirméine, spréach imreoirí na hÉireann mar fhreagra agus d’ardaigh an slua faoi dheireadh. Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, chaill captaen na hAirméine Tigran Barseghyan an cloigeann agus cuireadh den pháirc é nuair a thug sé sonc do Finn Azaz lena cheann agus bhí ceannas tógtha ag Éirinn ar chúrsaí ina dhiaidh. Cantal an Chonallaigh ba chúis leis.

Fág freagra ar 'Uisce faoi thalamh sa linn snámha, an Conallach cantalach ag teacht i gcabhair ar Éirinn'