Nuair a roghnaigh an tUachtarán tofa, Catherine Connolly, labhairt i nGaeilge don chéad leath dá céad óráid i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ba ghníomh radacach a bhí ann.
Is aisteach an rud é go ndéarfá gur gníomh radacach a bhí ann gur labhair Uachtarán nua-thofa ar náisiún sa gcéad teanga oifigiúil den náisiún sin. Léirigh sí crógacht agus muinín agus ómós don Ghaeilge ó cheart seachas an béalghrá a chloiseann muid go minic.
Níl aon locht ag éinne ar an gcúpla focal sa gcomhthéacs poiblí. Bheadh sí ceart mura ndéarfadh sí ach ‘go raibh maith agaibh’ ag tús a hóráide agus é a fhágáil aige sin.
Ach séard a rinne Connolly ná gur lean sí uirthi agus labhair sí ‘for quite some time’ i nGaeilge mar rinne an colúnaí Alison O’Connor cur síos air agus í ag scríobh sa Sunday Times i gcolún faoin teideal Spare a Thought for Those Who Don’t Talk the (Irish) Talk.
Thart ar 10 nóiméad cainte a rinne Connolly i nGaeilge agus rinne sí beagnach a oiread céanna arís i mBéarla ina dhiaidh. Chuir an chaint a rinne Connolly an-imní ar O’Connor faoi lucht an Bhéarla agus bhí an-trua aici go háirithe don Tánaiste Simon Harris.
Seans gurb í óráid Catherine Connolly ceann de na dreasanna cainte is faide a rinne aon Uachtarán i nGaeilge sa gCaisleán ó bunaíodh an stát, ach shílfeá nach bhfuil sé iomarcach deich nóiméad cainte i nGaeilge a dhéanamh anois is arís. Déarfainn go mbeidh lucht an Bhéarla ok. Tiocfaidh siad as.
Mura mbeadh a fhios agat a mhalairt, déarfá gur ar son na ndaoine nach labhraíonn Gaeilge a bhí formhór na smaointe a cuireadh i láthair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath riamh anall. Déarfá seans go raibh sé thar am ag duine éigin ‘thought’ a spáráil do na Gaeilgeoirí.
Ach bheadh dul amú ort. Má leantar ar aghaidh mar seo, is gearr go mbeidh deighilt ann idir na ‘Irish-language snobs’ a luaitear sa cholún agus na créatúir eile nach bhfuil acu ach Béarla agus a gcearta teanga faoi ionsaí.
Meastar gurb é an ‘Kneecap effect’ is cúis leis an ardú spéise atá á léiriú i measc an phobail sa nGaeilge. Daoine óga is mó atá á spreagadh ag teachtaireacht neamhbhalbh rapálaithe Bhéal Feirste agus athshealbhú á dhéanamh acu ar an gné sin dár gcultúr agus ar an nGaeilge féin.
Ba iad na daoine óga a thiomáin feachtas Uachtaránachta Connolly freisin, de réir na bpobalbhreitheanna, cé gur deacair a rá cé chomh cruinn is atá sé sin nuair a fuair sí tromlach na vótaí i mbeagnach gach toghroinn. Caithfidh go raibh pobal leathan as gach aoisghrúpa ag vótáil di. Poblacht nua atá ó dhaoine, dar le Connolly, agus is poblacht dhátheangach atá uathu, a deir sí.
Nuair a labhair sí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, ní dhearna sí aon rapáil agus labhair sí go réidh, ach d’fhéadfá a rá go raibh óráid Connolly chomh ‘punk’ agus réabhlóideach le Kneecap. Labhair sí Gaeilge ar dtús agus ar feadh tréimhse réasúnta, sin an méid, agus ba leor sin.
***
Ní hí an Nollaig í…
Rud amháin a tugadh faoi deara ag an Oireachtas i mBéal Feirste an tseachtain seo caite ag an Oireachtas ná go bhfuil daoine an-tógtha le hOíche Shamhna. Chuala mé ó fhear amháin gur dhúirt freastalaí i KFC ‘Happy Halloween’ leis, agus níl sé baileach ceart ó shin. Is dóigh nach féile í Oíche Shamhna a shamhlófá leis an áthas, dá mba ‘mallachtaí na Samhna’ ort a bheadh ann, ghabhfadh sé níos fearr leis an réasún.
Ar ais ó dheas agus tá dearmad déanta ar Oíche Shamhna cheana féin ag na gasúir ar an mbaile seo agus iad ag caint ar an Nollaig. Ní túisce na milseáin cruinnithe ó na comharsana agus slogtha ná gur thosaigh an chaint sin.
‘Nollaig shona’ a bhí na leadsaí ar an tsráid a rá lena chéile maidin lá arna mhárach i ndiaidh Oíche Shamhna agus iad ag ciceáil liathróide ar an tsráid. Amach le leaid amháin agus geansaí na Nollag air.
Is breá liom an Nollaig, agus murach í, caithfidh mé a rá nach bhfuil a fhios agam cén chaoi a dtiocfainn tríd an tréimhse seo ó athraíonn na cloig go Lá Fhéile Bhríde. Ach airímse féin go bhfuil an chéad lá de mhí na Samhna róluath. Má thosaíonn muid anois beidh muid tuirseach den Nollaig sula dtiocfaidh sí ar chor ar bith. Tar ar ais chugam faoi cheann míosa.
***
Ag éisteacht le…
Aiséirí
Albam ar an gcláirseach le Emer Ní Scolaí. Dhá thraic déag agus meascán de cheol nua-chumtha, leithéidí ‘Aistear’, agus ‘Réalt na Farraige’, agus foinn agus poirt thraidisiúnta, ‘An Goirtín Eornan’ agus ‘An Lon Dubh’ ina measc.
Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)
Aontaím gur maith am na Nollag maidir le solas 7 sólas a thabhairt isteach inár saol 7 na hoícheanna ag éirí dorcha… ach b’fhéidir nach é an t-am go fóill é! :-)
Carraig
Tugaim faoi deara gur ‘talk Irish’ a úsáideann daoine go coitianta in Éirinn nuair a bhíonn siad ag iarraidh caitheamh anuas ar ár dteanga dhúchais.
Nach ‘speak Irish’ an Béarla ceart?
Ní chloisim ‘talk French’ etc á rá acu, mar shampla.
Nó b’fhéidir go bhfuil siad chomh haineolach céanna ar an mBéarla.
Dá ndéarfadh duine leat “I can talk French’ bheifeá go mór in amhras faoi dhintiúirí an duine sin nuair nach féidir leis an Béarla féin a labhairt (ná a scríobh) mar is ceart!!