Uisce: céard is fiú geallúint?

Cé acu is mó a chuireann olc ar vótóirí: comhlíonadh geallúintí nach maith leo nó cliseadh ar gheallúintí místuama?

Pictiúr: Photocall Ireland
Pictiúr: Photocall Ireland

Is go mall agus go drogallach atá an rialtas ag tabhairt aghaidh ar an bpraiseach a rinneadh de cheist na dtáillí uisce.

Ní léir fós go bhfuil siad tagtha ar an tuiscint a theastóidh leis an achrann a mhúchadh. Ní síorchaint ar sceitheadh, ar shoiléiriú, ná ar éagumas Uisce Éireann a theastaíonn faoin am seo, ach malairt treo iomlán.

Beidh idir athrú meoin agus chur chuige cruthaitheach ó thaobh na cuntasóireachta de ag teastáil chun go sásófar an pobal agus Aontas na hEorpa.

Ach dúiseoidh an scéim nua táillí atá geallta ag an Taoiseach ceist mhór ar an taobh eile den argóint: céard a shásóidh an pobal?

Is fiú mar sin cuimhneamh ar na geallúintí a thug na príomhpháirtithe roimh an olltoghchán i 2011.

Ní raibh a fhios ag duine ar bith an uair sin go spreagfadh na táillí agus an comhlacht a bunaíodh le hiad a chur i bhfeidhm an oiread míshásaimh.

Ach is fiú smaoineamh ar an rogha a rinne an pobal trí bliana ó shin.

  • Thug  47 faoin gcéad de na vótóirí  tacaíocht do pháirtithe (Fine Gael, Fianna Fáil) a mhol táillí uisce.
  • Vótáil 29 faoin gcéad do pháirtithe (an Lucht Oibre, Sinn Féin) a bhí ina gcoinne.

Ba léir ag an am an t-easaontas réamhthoghcháin idir na páirtithe a chuaigh isteach sa Rialtas le chéile ina dhiaidh sin, ach tháinig siad ar aon tuairim faoi tháillí ina dhiaidh.

Is ó Fhine Gael a tháinig an gheallúint is soiléire go raibh táillí uisce beartaithe ag an bpáirtí dá mbeidís i mbun rialtais:

“Fine Gael will introduce a fair funding model to deliver clean and reliable water. We will not ask home owners to pay for a broken and unreliable system and that is why Fine Gael will only introduce water charging after the establishment of a new State owned water utility company to take over responsibility from the separate local authorities for Ireland’s water infrastructure and to drive new investment.”

Ní raibh an cur síos a rinneadh i bhforógra toghcháin an Lucht Oibre chomh cuimsitheach, ach mar sin féin, thug an páirtí geallúint shoiléir nach gcuirfidís táillí i bhfeidhm:

“Labour does not favour water charges, which do not address the immediate needs of those who currently receive intermittent or poor water supplies. Labour will continue to invest in the water services programme as part of the capital budget, focusing on minimising treated water lost through leakage.”

Ní réiteofar go deo an bhuncheist a spreagann geallúintí dá leithéid.

Cé acu is mó a chuireann olc ar vótóirí: comhlíonadh geallúintí nach maith leo nó cliseadh ar gheallúintí místuama?

Ach is léir an dainséar polaitiúil atá ag bagairt ar pháirtithe an rialtais mar gheall ar ar gheall siad faoin ábhar seo.

Chaith an Lucht Oibre a ndúirt siad faoi tháillí uisce roimh an toghchán i leataobh ina dhiaidh.

Ní léir fós an maithfear an t-athrú intinne seo don pháirtí.

Ní féidir tarcaisne dá leithéid a chur i leith Fhine Gael. Ach is údar mór imní do bhaill an pháirtí é éidreoir an rialtais agus an éiginnteacht pholaitiúil agus eacnamaíochta a chothóidh sé ar feadh i bhfad.

Fillfidh mé go luath ar chontúirt ‘uisce’ níos doimhne: an drochmheas ar an gcóras polaitiúil iomlán agus an easpa muiníne atá á chothú i gcónaí dá bharr.

– Is láithreoir ar an gclár ‘Morning Ireland’ é ar RTE é Cathal Mac Coille

Fág freagra ar 'Uisce: céard is fiú geallúint?'