Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan aon Bhord, ach ‘súil’ acu go gceapfar bord nua roimh Nollaig

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain, ach táthar fós ag fanacht ar cheapachán an bhoird nua

Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan aon Bhord, ach ‘súil’ acu go gceapfar bord nua roimh Nollaig

Tá an cruinniú a bhí le bheith ag bord Údarás na Gaeltachta Dé hAoine curtha ar athló – toisc nach bhfuil aon bhord ag an eagraíocht fiontraíochta faoi láthair.

Tháinig deireadh le tréimhse cúig bliana an bhoird dheireanaigh ar an 20 Samhain agus táthar ag fanacht go fóill ar Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh chun an bord nua a cheapadh.

Dúirt Gearóid Breathnach, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáide Údarás na Gaeltachta, ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tráthnóna go raibh súil ag an eagraíocht go mbeadh bord nua ann roimh an Nollaig agus “sraith tograí ann a bhí réidh le ceadú”.

Dúirt sé, áfach, nach gcuirfeadh sé isteach ar na tograí sin mura bhfógródh an tAire Stáit Gaeltachta bord nua roimh Nollaig.

Chuir Tuairisc.ie ceist inniu ar Roinn na Gaeltachta cathain a raibh sé i gceist ag an Aire an bord nua a fhógairt, ach ní bhfuaireamar aon fhreagra ar an gceist sin.

Chuir Roinn na Gaeltachta tús sa bhfómhar leis an bpróiseas maidir le Bord nua a cheapadh ar Údarás na Gaeltachta, ach níl aon duine ceaptha ar an mbord fós, cé go bhfuil ainmniúcháin déanta ag na Comhairlí Contae.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhaltaí.

Sheol an Roinn litreacha chuig Comhairlí Contae na Gaillimhe, Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus Chiarraí le déanaí ag tabhairt cuireadh dóibh duine a ainmniú a bheadh le ceapadh ag Aire na Gaeltachta ar Bhord na heagraíochta fiontraíochta.

Ba é an 9 Samhain an spriocdháta le hiarratas a dhéanamh chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (nó PAS) don seacht bhfolúntas ar an mbord (an Cathaoirleach ina measc) agus tuigtear do Tuairisc.ie go ndearna 41 duine iarratas ar bheith ina gcomhaltaí. 

Meastar go ndéanfar an Cathaoirleach reatha, Anna Ní Ghallachair, a athcheapadh le haghaidh tréimhse eile.

Tuigtear go bhfuil triúr atá ina gcomhaltaí faoi láthair ach nach bhfuair ainmniúcháin óna gComhairlí Contae an iarraidh seo i measc an dá scór duine a léirigh spéis sa chúram don tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Rinne toscaireacht ó Údarás na Gaeltachta cur síos i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar an bplean trí bliana atá ag an eagraíocht.

Tá súil ag an eagraíocht a bheith ag tacú le 8,000 post sa Ghaeltacht faoi 2020, nó glanmhéadú 200 post in aghaidh na bliana as seo go ceann trí bliana. Thug Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach an Údaráis le fios chomh maith go raibh sé i gceist ag an eagraíocht 30 mol digiteach a fhorbairt ar fud na Gaeltachta. I measc na bpleananna eile a luadh, bhí forbairt Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara mar “eiseamláir náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

“Tá an obair phleanála do Pháirc na Mara, páirc nuálaíochta mara i gCill Chiaráin i gConamara tosaithe agus táimid ag tabhairt aghaidh go fonnmhar ar an togra straitéiseach mara seo áit a mbeidh gníomhaíochtaí taighde agus tráchtála araon ann,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach.

Dhéanfaí forbairt chomh maith, a dúirt sé, ar 15 togra straitéiseach turasóireachta ar fud na Gaeltachta.

Dúirt Mícheál Ó hÉanaigh gur “ábhar dóchais” é go bhfuil an bonn fostaíochta i gcomhlachtaí Gaeltachta “ag leibhéal seasmhach agus ag an leibhéal is airde le seacht mbliana”. Ag deireadh 2016 bhí 7,348 post lánaimseartha agus 615 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fhaigheann tacaíocht ón Údarás.

Dúirt sé go raibh  “dhá bhunphrionsabal” i straitéis an Údaráis don tréimhse trí bliana 2018-2020, “An Ghaeilge agus Nuálaíocht agus Fostaíocht”.

Thug sé le fios go mbeifí ag díriú ar cheantair ar leith sna blianta amach romhainn.

“Díreoidh Fóram Fiontraíochta Ghaoth Dobhair, atá ag teacht chun críche agus Tascfhórsa Idirghníomhaireachta Uíbh Ráthaigh atá ina thús, ar fhorbairt na fiontraíochta agus deiseanna fostaíochta a mhéadú agus an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní ar fad atá sna ceantair sin.

“Bunaíodh Fóram Fiontraíochta Ghaeltacht na Mí le seachtain anuas chun fócas nua a chur ar na deiseanna forbartha fiontraíochta atá sa gceantar seo agus leas a bhaint as a ngaireacht do Bhaile Átha Cliath,” a dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan aon Bhord, ach ‘súil’ acu go gceapfar bord nua roimh Nollaig'