Tá Údarás na Gaeltachta, i gcomhpháirt le Mozilla Common Voice, ag tabhairt cuireadh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta páirt a ghlacadh i bhforbairt corpais nó “bailiúchán mór” de thaifeadtaí Gaeilge. Deir an eagraíocht go gcuirfidh an corpas go mór le todhchaí dhigiteach na teanga.
Deir an tÚdarás go gcuideoidh an t-ábhar ar fad i nGaeilge le forbróirí aipeanna Gaeilge níos cliste a chruthú, an Ghaeilge a chur ar ghléasanna cliste agus córais “glór go téacs” a chruthú.
Deir an tÚdarás go bhfuil siad ag iarraidh glórtha a bhailiú ó gach “cuid” de phobal na Gaeilge sa dóigh is go dtuigfidh an AI “éagsúlacht shaibhir na Gaeilge” agus go mbeidh gach taifeadadh marcáilte (gan ainm) le heolas a bhaineann le canúint agus cúlra na rannpháirtithe.
Dúirt Ruairí Ó Neill, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha ag Údarás na Gaeltachta, gur “deis iontach í seo chun seasamh na Gaeilge sa domhan digiteach a neartú agus í a chur ar comhchéim leis na teangacha móra eile”.
“Faoi láthair, níl ach 15 uair an chloig d’ábhar Gaeilge labhartha ar fáil ar Common Voice, suim an-bheag i gcomparáid leis an 159 uair atá ag an mBreatnais nó na 713 uair atá ag an mBascais. Ach ag obair le chéile, is féidir linn an méid sin a mhéadú go suntasach.”
Dúirt An Dr. Neasa Ní Chiaráin ó Choláiste na Tríonóide go dtacaíonn foireann ABAIR leis an bhfeachtas seo.
“Braitheann córais nua-aimseartha teicneolaíochta AI ar shonraí cainte ar ardchaighdeán agus ar scála mór. Cuirfidh an bailiúchán seo le Mozilla Common Voice go mór leis an obair leanúnach atá ar siúl ag ABAIR i mbailiú corpais, i dtógáil na mbonnteicneolaíochtaí cainte agus i bhforbairt áiseanna don Ghaeilge,” a dúirt sí.
Beidh an corpas ar fáil faoi cheadúnas CC0 (Creative Commons Zero), rud a chiallaíonn go mbeidh an t-ábhar ar fáil do thaighdeoirí, forbróirí agus eagraíochtaí éagsúla gan aon chostas agus beidh cead ag duine ar bith úsáid a bhaint as an ábhar ag am ar bith.
Is féidir le duine ar bith cuntas a chruthú ar Common Voice, taifead a dhéanamh ar abairtí i nGaeilge ag úsáid a nglór féin, éisteacht siar le taifeadtaí a bhaineann le daoine eile agus iad a mheas. Go dtí seo, tá neart glórtha éagsúla le cluinstin ar an ardán anseo.
Aoife
Cén fáth a dtabharfainn mo ghlór do AI? Leis na fadhbanna atá ann le “deepfakes”!
Seanán Ó Coistín
A Aoife, is fiú go mór tacú leis na hiarrachtaí chun córais aithint chainte don Ghaeilge a chruthú. Mura ndéantar é, fágfar an Ghaeilge agus lucht labhartha na Gaeilge ar gcúl agus beidh orainn dul i muinín córais don Bhéarla. Tá an obair seo tábhachtach. Níl na comhlachtaí móra chun córais a chruthú do theangacha beaga amhail an Ghaeilge mar ní féidir leo airgead a thuilleamh ó mhargadh beag. Is cuma leo faoi theangacha beaga amhail an Ghaeilge, an Íoslainnis, an Eastóinis, an tSlóivéinis agus araile. Ní mór do na daoine a labhraíonn na teangacha sin beart a dhéanamh iad féin. Is fiú go mór míreanna a thaifeadadh agus an scéal a scaipeadh chun daoine eile a spreagadh chun míreanna a thaifeadadh freisin. Amach anseo, beidh tú féin agus do shliocht in ann labhairt os ard as Gaeilge le do ghuthán, do ríomhaire, le do ghluaisteán agus le gléasanna eile amhail Amazon Echo agus tuigfear thú agus déanfar rud ort. Mura gcruthófar na córais úd i nGaeilge, beidh ort agus ar dhaoine eile labhairt i mBéarla leis na gléasanna úd.
Seán Mac Bhriain
(1) Nach raibh sé chomh maith dhúinn an giorrúchán “IS” a úsáid? Déanaim féin gáire i gcónaí faoi “AI” a raibh a bhrí féin leis sna 1990aidí.
(2) Ní mórán d’fhorás a bheadh ar thaifeadadh den chéad abairt sa gcorpas: “Níor toghadh iarrthóir ó aon pháirtí seachas ó Fhianna Fáil agus Fine Gael ó bunaíodh an toghcheantar.” Is léir gur aistriúchán é sin seachas abairt a déarfadh duine go nádúrtha.