‘Údar náire’ d’Fhianna Fáil gur scaip siad bileoga toghcháin i mBéarla sa Ghaeltacht – Ó Cuív

Bileoga Béarla na bpáirtithe ina ábhar conspóide le linn díospóireacht raidió

Toghchán Strap

Éamon Ó Cuív
Éamon Ó Cuív

Deir an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur  “mór an náire d’Fhianna Fáil” é gur scaipeadh sa Ghaeltacht bileog bholscaireachta a bhí i mBéarla amháin.

Seachas na focail ‘A chara’ is i mBéarla amháin atá an bhileog toghcháin a scaipeadh thar ceann Uí Chuív i gConamara.

Ag labhairt dó ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, thug an t-iar-aire Gaeltachta le fios go raibh sé féin “spréachtaí” nuair a chonaic sé gur i mBéarla amháin a bhí an bhileog agus go raibh a ainm féin litrithe mícheart inti.

Dúirt an Teachta Dála atá ag seasamh an athuair san olltoghchán i nGaillimh Thiar go raibh sé i dteagmháil “ar an bpointe” le ceannáras Fhianna Fáil faoin scéal agus go raibh leagan Gaeilge den bhileog le heisiúint gan mhoill.

Ar an gclár céanna, cuireadh i leith an Seanadóra Trevor Ó Clochartaigh ó Shinn Féin go raibh ábhar stocaireachta i mBéarla á scaipeadh ag a bpáirtí sa Ghaeltacht.

Dúirt an Seanadóir go raibh ábhar i nGaeilge scaipthe aige féin sa Ghaeltacht mar chuid dá fheachtas toghchánaíochta.

Shéan an Seanadóir go raibh na póstaeir dhátheangacha atá curtha in airde ag Sinn Féin sa Ghaeltacht ag teacht salach ar pholasaí a pháirtí maidir le comhionannas a thabhairt don Ghaeilge ar chomharthaí bóthair.

Dúirt an Teachta Dála Seán Kyne ó Fhine Gael go raibh ábhar i nGaeilge scaipthe aige féin mar chuid dá fheachtas, cé nach raibh de Ghaeilge ach ‘Litir um thoghcháin’ ar bhileog a scaip a pháirtí sa Ghaeltacht.

Tuairiscítear go bhfuil an bhileog sin á scaipeadh thar ceann an Aire Gaeltachta, Joe McHugh, i nDún na nGall chomh maith.

Dúirt Seán Ó hArgáin, a ghlac páirt sa díospóireacht toghcháin ar RnaG thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre, go raibh sé sásta go raibh bileoga dátheangacha á scaipeadh ag an Teachta Dála Derek Nolan sa Ghaeltacht. Bhí an rud céanna fíor faoi iarrthóir an pháirtí i gCiarraí, Arthur Spring, a dúirt Ó hArgáin.

Fág freagra ar '‘Údar náire’ d’Fhianna Fáil gur scaip siad bileoga toghcháin i mBéarla sa Ghaeltacht – Ó Cuív'

  • padraig

    O Cuiv ata freagrach as in ainm De! An amhlaidh na feadair se cen teanga ina scriobhtar a chuid billeoga fein? Neamh-mharbh eile de phrimpeallan polaiteora!