Tá athbhreithniú seachtrach ordaithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar ghnéithe den mháinliacht ortaipéideach in Ospidéal Ollscoile na Leanaí, Sráid an Teampaill i mBaile Átha Cliath.
Déanfaidh saineolaí as an Ríocht Aontaithe athbhreithniú ar obráidí droma a rinne comhairleoir san ospidéal sin toisc gur thug athbhreithniú inmheánach a rinneadh san ospidéal faoi deara gur tharla “eachtraí tromchúiseacha a bhain le hobráidí droma” ansin.
Dúirt FSS nach raibh aon obráidí á ndéanamh ag an dochtúir sin faoi láthair agus go bhfuil an scéal curtha faoi bhráid Chomhairle Dhochtúirí Leighis na hÉireann.
I ráiteas an FSS, dúradh: “Tá an t-athbhreithniú seo á chur ar bun de bharr na húdair mhóra imní a tháinig chun solais in Ospidéal na Leanaí an bhliain seo caite ó thaobh na ndrochthorthaí a bhí ar obráidí droma ansin, an cur chuige máinliachta droma agus fearais ionphlandaithe a bhí in úsáid gan chead.”
I ndeireadh na bliana seo caite, léiríodh imní faoi shábháilteacht othar maidir le roinnt bheag leanaí a raibh spina bifida orthu agus a chuaigh faoi scian in Ospidéal na Leanaí. Cothaíodh amhras nuair nár éirigh go maith le leanaí ar cuireadh obráidí casta droma orthu agus a raibh deacrachtaí agus ionfhabhtuithe go leor acu tar éis na hobráide. Tharla dhá chás máinliachta a bhí an-tromchúiseach go deo i mí Iúil agus mí Mheán an Fhómhair 2022, a deir an FSS.
Choimisiúnaigh Sláinte Leanaí Éireann dhá athbhreithniú – athbhreithniú inmheánach agus ceann eile ag saineolaithe as ospidéal na leanaí i mBostún. Iarradh orthu an cúram a thug an comhairleoir sin do 17 leanbh a scrúdú.
“Ar an drochuair bhásaigh leanbh amháin den seachtar déag sin ó shin agus bhí fadhbanna tromchúiseacha ag leanaí eile tar éis a n-obráide,” a dúirt an FSS.
“Bhí dúshláin mhóra ag na hothair sin agus ag a dteaghlaigh roimhe sin de bharr an ghalair a bhí orthu agus tá an-aiféala ar Shláinte Leanaí Éireann faoi na heasnaimh a bhí ina gcúram anseo. Tá Sláinte Leanaí Éireann i dteagmháil leanúnach leis an teaghlaigh agus leanfaimid orainn ag cur aon tacaíocht atá ag teastáil uathu ar fáil dóibh.”
Le déanaí a fuair ospidéal na leanaí amach gur úsáideadh “fearais neamhúdaraithe” i gcuid bheag de na hobráidí droma sin.
Bhí cruinniú ag feidhmeannaigh ón ospidéal le dhá theaghlach eile lenar bhain an scéal sin, rud a fhágann go bhfuil 19 teaghlach ar fad a raibh Ospidéal na Leanaí ag plé leo faoin gcás seo le roinnt seachtainí.
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil FSS, go mbeadh an t-athbhreithniú curtha i gcrích chomh luath in Éirinn agus a d’fhéadfaí agus roimh dheireadh na bliana seo.
“D’fhéadfadh go mbeadh torthaí agus moltaí ón athbhreithniú seo a chuirfear i bhfeidhm i ngach ospidéal de chuid Sláinte Leanaí Éireann agus in ospidéal nua na leanaí. Foilseofar na torthaí chomh maith.”
Fág freagra ar '‘Údar mór imní’ – athbhreithniú le déanamh ar chás 19 páiste a raibh obráid droma acu in Ospidéal Leanaí Shráid an Teampaill'