Údar misnigh don Uachtarán Ó hUigínn an ceangal ‘nádúrtha’ a dhéanann daoine óga idir an Ghaeilge agus ceisteanna móra eitice

Craolfar agallamh ar an gclár Bláthnaid Libh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin amárach le hUachtarán na hÉireann, Mícheál D Ó hUigínn

Údar misnigh don Uachtarán Ó hUigínn an ceangal ‘nádúrtha’ a dhéanann daoine óga idir an Ghaeilge agus ceisteanna móra eitice

An Michael D. Higgins le Bláthnaid Ní Chofaigh in Áras an Uachtaráin. The President was interviewed by Bláthnaid for a special Christmas edition of her radio programme Bláthnaid Libh . Pictiúr: Kinlan Photography.

Deir Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn gur údar misnigh dó an tsuim atá ag daoine óga sa teanga agus an ceangal “nádúrtha” a dhéanann siad idir an Ghaeilge agus ceisteanna móra eitice na linne.

Deir an tUachtarán an méid sin agus é faoi agallamh ag an gcraoltóir Bláthnaid Ní Chofaigh, agallamh a chraolfar ar eagrán speisialta den chlár Bláthnaid Libh a bheidh ar siúl ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin amárach.

“Rud a chuireann gliondar croí orm fhéin chomh báúil is atá na daoine óga don Ghaeilge agus rud níos tábhachtaí fós d’úsáid na Gaeilge.  Tá dul chun cinn beag déanta againn anseo in Áras an Uachtaráin agus labhraíonn daoine ar nós mé fhéin, Finín [Finín Ó Murchú oifigeach preasa san Áras] agus Conor [Conor Ó Raghallaigh, Leasrúnaí san Áras] Gaeilge beagnach gach lá. 

“Ach nuair a théim amach ag tabhairt cuairt ar na scoileanna éagsúla, ní hamháin go bhfuil an Ghaeilge ag na daoine óga ach chomh maith leis sin tá sí mar chuid den eitic atá acu. Tá suim acu i gcúrsaí timpeallachta, cúrsaí síochána, cúrsaí intleachtúla agus tagann an Ghaeilge ina lár sin go nádúrtha,” a deir Uachtarán na hÉireann.

Deir sé san agallamh chomh maith nach féidir glacadh leis an ngéarchéim tithíochta agus gur gá gníomh radacach chun an fhadhb a leigheas.

“Goilleann sé go mór orm an méid daoine a bhfuil easpa tithíochta orthu, iad sin atá ar na sráideanna, is ní féidir linn dul ar aghaidh ag glacadh le cúrsaí mar atá siad ó thaobh cúrsaí tithíochta de.  Caithfidh muid rud radacúil a dhéanamh i mo thuairimse…” a deir an tUachtarán.

Labhraíonn sé freisin faoi chearta na mban agus mar a géilleadh go mall iad i ndiaidh bhunú na Chéad Dála, ócáid a bheidh á comóradh an bhliain seo chugainn.

“Ag an am céanna nuair a smaoiníonn tú air, an coimeádachas a lean an Dáil sin agus na tréithe a bhí ag baint leis ar aghaidh tríd a 30idí deacra, na 30idí uafásacha. Mar shampla, fiú phós Saidhbhín is mé fhéin i 1974 agus bhí an ‘marriage ban’ ann. Bhí uirthi éirí as.  Lean na constaicí seo ar mhná na hÉireann ar aghaidh an-fhada ar fad. “

Deir an tUachtarán go raibh “áthas” air comóradh a dhéanamh in 2018 ar na mná a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse agus béim a leagan ar a n-áit sa stair.

Tá an tUachtarán ag súil go mór leis an Nollaig a chaitheamh i dteannta a chlainne. 

“Tá an chlann ar fad againn an lá roimh an Nollaig féin. Beidh Mícheál tagtha ar ais ó na Stáit Aontaithe, bhí sé ann go sealadach.  Tá Eoin Peadar agus a bhean chéile Aoife linn, Dónall ag teacht suas ó Ghaillimh agus beidh Eilís Mháire linn agus Ken, a páirtnéir.”

Beidh sé gnóthach chomh maith sna laethanta amach romhainn ag léamh agus ag síniú píosaí reachtaíochta. Beidh sin á dhéanamh aige Lá Nollag féin mar go gcaithfidh sé billí a shíniú taobh istigh de 5-7 lá ón uair a sheoltar iad agus cuireadh 16 Bille faoina bhráid sular chríochnaigh an Dáil agus an Seanad don Nollaig.

“Ceapaim féin go bhfuil bealach i bhfad níos ciallmhaire le seo a dhéanamh ach sin an chaoi ina bhfuil cúrsaí faoi láthair agus [an chaoi] a bhí sé ó tháinig mé anseo agus mar a bhí sé dos na huachtaráin eile a bhí romham … só tarlaíonn sin.”

Agus é ag féachaint roimhe ar 2019, deir an tUachtarán gurb é an rud is tábhachtaí ná go mbeifí ag obair i gcomhar lena chéile chun rudaí a bhaint amach.

“Caithfidh muid nithe a dhéanamh le chéile má tá muid chun an fhíorphoblacht a bhaint amach le cothromaíocht cheart, sin an rud atá tábhachtach. Caithfidh muid oibriú as lámha a chéile,” a deir Uachtarán na hÉireann Mícheál D Ó hUigínn.

Craolfar agallamh an Uachtaráin ar eagrán speisialta Nollag Bláthnaid Libh amárach, Dé Sathairn. Beidh an banna rap as Béal Feirste faoi agallamh ar an gclár chomh maith agus beidh ceol beo ann ó cheoltóirí amhail Moya Brennan, Cormac de Barra, JJ Ó Dochartaigh agus Máire Úna Ní Bheaglaoich.  Ag 10.15 am a thosóidh an clár.

Fág freagra ar 'Údar misnigh don Uachtarán Ó hUigínn an ceangal ‘nádúrtha’ a dhéanann daoine óga idir an Ghaeilge agus ceisteanna móra eitice'