‘Údar bróid é go bhfuil an Ghaeilge tugtha go Broadway againn’

Beidh an Ghaeilge le cloisteáil ar Broadway inniu agus seó do pháistí de chuid Branar ag oscailt i Nua-Eabhrac

Beidh an Ghaeilge le cloisteáil ar stáitse ar Broadway inniu agus an dráma ilteangach do naíonáin á léiriú ag Branar Téatar i Nua-Eabhrac.

Grand Soft Day á léiriú ag an chompántas drámaíochta do pháistí atá lonnaithe i nGaillimh i gcomhpháirt le New International Encounter (NIE), comhlacht drámaíochta i Sasana.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir agus bunaitheoir Branar, gur “údar bróid ollmhór” dó agus d’fhoireann an chomhlachta go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil ar stáitse ar Broadway.

“Tá an Ghaeilge tugtha go Broadway againn agus tá muid ar bís faoi. Ní féidir liom smaoineamh ar aon dráma eile a raibh Gaeilge ann a rinne a bhealach go Broadway.”

Triúr carachtar atá sa dráma agus labhraíonn duine Gaeilge, duine eile Béarla agus an duine eile Iodáilis.

Dráma gan mórán cainte atá ann, cur chuige atá le feiceáil i ndrámaí Branar ó 2009, nuair a léirigh siad a gcéad dráma gan aon chaint do pháistí, An Seanfhear Beag, i gcomhpháirt le Teater Refleksion, as an Danmhairg.

Tá an chuid is mó den chaint sa dráma Grand Soft Day le cloisteáil sna hamhráin.

“Tá níos mó Gaeilge ann ná aon teanga eile mar gheall ar rap iontach i nGaeilge faoin ghrian a chum Jonathan Gunning, duine den triúr príomhcharachtar sa dráma.

“An chéad fhocal ar fad ná Pioggia, a chiallaíonn ‘báisteach’ san Iodáilis. Seachas a bheith ag comhrá faoi, cuireann siad lipéad ar an aimsir.”

Agus an dráma á fhorbairt, dúirt Mac Lochlainn gur thriail siad dráma “gan scéal” a chruthú.

“Nuair a bhí muid á dhéanamh, dúirt muid go dtriailfeadh muid dráma a dhéanamh gan aon scéal.“Tagann an triúr amach as puball sa choill, agus feicimid an tslí a dtéann cineálacha éagsúla aimsire i bhfeidhm orthu. Tosaíonn sé le báisteach, ansin bíonn gaoth mhór ann, tagann an ghrian amach, bíonn sé ina ghála agus ansin bíonn sé ag cur sneachta,” a dúirt sé.

Beidh Grand Soft Da,y a fuair maoiniú ó Culture Ireland, An Chomhairle Ealaíon agus Foras na Gaeilge, á thaispeáint sa New Victory Theatre, amharclann do pháistí in Broadway, go dtí an 21 Eanáir.

Seo an dara huair ar léiríodh seó le Branar sa New Victory Theatre. In 2017 léiríodh The Way Back Home san amharclann chéanna, seó a bhí bunaithe ar leabhar rathúil Oliver Jeffers agus a rinne Branar i gcomhpháirt le Teater Refleksion.

Rap na gréine

Grian ag Taitneamh

Siúl sa Ghaineamh

Ceol na Farraige

Linn na Carraige

Uachtar reoite

Craiceann dóite

A mhac go deo tá an lá seo gleoite

Fág freagra ar '‘Údar bróid é go bhfuil an Ghaeilge tugtha go Broadway againn’'

  • Brian Ó Broin

    Is ait agus is rí-ait liom mar Ghael i Nua Eabhrac nár chuala mé tada faoi seo go dtí inniu.