FÉILTE
Rásaí bád, imeachtaí do ghasúir agus ceol beo ag Féile Mhic Dara i gCarna
Beidh Féile Mhic Dara ar bun ón Satharn, an 13 Iúil go dtí Dé Máirt 16 Iúil agus clár breá imeachtaí leagtha amach don fhéile bhliantúil. Titeann Lá Mhic Dara féin, an 16 Iúil, ar an Mháirt i mbliana. Cuirfear tús leis na himeachtaí ag a 1pm ar an Satharn, tráth a mbeidh Rása na nGleoiteoga Beaga ar bun ar An Más. Beidh ceol an oíche sin Tigh Leavy le Brian Terry.
Leanfar leis na himeachtaí ar an Domhnach agus beidh na rásaí curachaí ar bun ag 11:30am ar An Más maidin Dé Domhnaigh. Cuirfear Rásaí na nGleoiteoga Móra, Leath-Bháid agus Báid Mhóra ar bun ag 1:30 i.n. Beidh ceol an oíche sin le Ceann Gólaim Tigh Leavy.
Lá Mhic Dara, Dé Máirt, an 16 Iúil, beidh bus ag fágáil Charna ag a 9.00 r.n. le daoine a thabhairt go dtí an chéibh don turas amach go hOileán Mhic Dara. Déarfar aifreann ar Oileán Mhic Dara ag meán lae. Cuirfear imeachtaí do ghasúir ar bun ag 2:30 i.n., péinteáil éadain agus tóraíocht taisce ina gcuid den spraoi. Beidh rásaí curachaí adhmaid ar bun ag 3.00 i.n. Beidh ceol beo Tigh Mheaic sa tráthnóna le Don Stiffe agus na hIarnáin ag casadh ag 5.00 i.n. agus Brian Terry ag ceol ag a 10.00 i.n.
Tá húdaithe nó geansaithe deartha speisialta don fhéile agus beidh siad ar díol ag amanna éagsúla i rith na féile, ó GTeic Charna (H91 Y295) agus ar An Más.
Tá eolas le fáil ar leathanach Facebook Fhéile Mhic Dara.
TAISPEÁNTAS
Dá mbeadh caint ag na clocha … Taispeántas grianghrafadóireachta
Seolfar an taispeántas grianghrafadóireachta CLOCH ag Ionad Pobail Inis Meáin ar an Aoine, 12 Iúil ag 6pm. Taispeántas grianghrafadóireachta as Éirinn agus as an gCóiré Theas atá anseo ina ndéantar staidéar ar chlocha i gcomhthéacs an tírdhreacha agus stair an duine.
Choimisiúnaigh Áras Éanna an taispeántas seo anuraidh ó na grianghrafadóirí Cormac Coyne (Inis Oírr, Gaillimh), Jacqui Reed (Dún na nGall) agus Hwan Jin Jo (oileán Jeju, An Chóiré Theas) agus bhí sé ar taispeáint in Áras Éanna an samhradh seo caite.
Tháinig toscaireacht as Oileán Jeju go hInis Oírr arú anuraidh agus tá an taispeántas grianghrafadóireachta seo ar cheann de thorthaí na toscaireachta sin.
Tá an-chosúlacht idir ballaí bána cloiche oileán Jeju sa Chóiré Theas agus na ballaí cloiche in Inis Oírr.
Ceann de na rudaí a theastaigh uathu a scrúdú sa taispeántas ná na leideanna atá fágtha sna clocha ag na daoine a chuaigh romhainn, bíodh sin snoíodóireacht, struchtúir, ballaí nó foirgnimh. Ó sheomraí adhlactha, cairn chloch ar bharr sléibhe, na túir, na toibreacha beannaithe agus na crosanna arda Ceilteacha ornáideacha ón luath-Chríostaíocht, is iomaí leid atá fágtha a thugann tuiscint dúinn ar shaol agus ar shaothar na ndaoine a chuaigh romhainn.
Beidh an taispeántas ar bun i rith mhí Iúil agus Lúnasa in Ionad Pobail Inis Meáin.
CEARDLANN
Ceardlann i dTraidisiún na nAmhrán Saothair ag Féile Ealaíon an Sciobairín
Beidh ceardlann dhátheangach i dTraidisiún na nAmhrán Saothair á cur ar bun ag Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Maebh Ní Dhuinnín ar an gCéadaoin, an 31 Iúil ag a 3.00 i.n. mar chuid de chlár imeachtaí ‘Resonate’ ag Féile Ealaíon an Sciobairín i gContae Chorcaí. Beidh an cheardlann idirghníomhach seo ar bun san ionad ag 49 North St. agus beidh léargas le fáil ar amhráin saothair ón am a caitheadh chomh maith le saothair nua-scríofa.
Is as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí ó dhúchas iad Siobhán Ní Mhuimhneacháin agus Maebh Ní Dhuinnín. Tógadh iad beirt i dteaghlaigh ina raibh na hamhráin saothair ina gcuid den saol agus d’fhás siad aníos ag foghlaim is ag casadh na n-amhrán ó bhí siad an-óg. Chuir siad an-suim sna hamhráin agus is iomaí duais Oireachtais atá buaite acu ar amhráin saothair agus ar Lúibíní.
Beidh cur i láthair beo ag an gceardlann chomh maith le hábhar físe agus beidh deis ag an lucht freastail amhráin a fhoghlaim is a chasadh. Mar is dual d’amhrán saothair ní bheidh aon duine díomhaoin ag an gceardlann seo agus moltar do chuile dhuine a scuab féin a thabhairt leis.
Costas €5 atá ar na ticéid agus tá siad le fáil anseo.
CEOLCHOIRM

Pádraig Jack ag casadh in Inis Meáin agus in Inis Oírr
Beidh an t-amhránaí agus cumadóir Pádraig Jack le feiceáil in Inis Meáin agus in Inis Oírr an deireadh seachtaine seo. Tagann Pádraig Jack Ó Flaithearta ó chlann cheolmhór in Árainn. Mac é Pádraig Jack leis an amhránaí Barry Ronan agus nia leis na bhfile Mary O’Malley. Ní haon iontas é mar sin go bhfuil cumas amhránaíochta agus cumadóireachta go smior ann.
Scríobhann sé amhráin i nGaeilge agus i mBéarla don phianó agus don ghiotár. Ghnóthaigh a chéad albam Making Sand ardmholadh ó léirmheastóirí Hot Press, Rock’n’Reel agus The Alternate Route. Ainmníodh an t-albam sin mar albam raidió na seachtaine ar RTÉ Raidió 1 agus bhí an traic teidil ar ghearrliosta don traic nua is fearr ag Gradaim Cheol Tíre RTÉ in 2022. Tá sé ag obair ar a dhara albam faoi láthair leis an léiritheoir aitheanta John Reynolds.
Beidh sé le feiceáil i Halla Naomh Eoin in Inis Meáin ar an Aoine, 12 Iúil ag 8:30 i.n. agus beidh sé in Áras Éanna in Inis Oírr ar an Satharn, 13 Iúil ag 8:30pm.
Costas €15/20 ar na ticéid agus tá na ticéid don dá cheolchoirm le fáil ar shuíomh idirlín Áras Éanna anseo.
TEILIFÍS
Bogann The Bear ar luas níos moille ach ní bhaineann sin dá chumas
Níl aon dabht ná go bhfuil The Bear (Disney+) teann as féin. Is beag saothar eile a leomhfadh an chéad ghála de shéasúr nua a bhunú ar mhontáis d’iardhearcthaí beaga, go deimhin níl na míreanna in ord croineolaíoch fiú. Ina ainneoin sin chuamar le sruth mar go bhfuilimid chomh gafa leis na carachtair atá sa saothar teanntásach seo.
Bhí gála eile againn a bhí suite i mbarda máithreachais; Natalie (Abby Elliott) i dtinneas clainne agus a máthair Donna (Jamie Lee Curtis) lena taobh. Gaol achrannach eatarthu agus gach re sea acu lena chéile. Tá na gálaí ar fad, seachas trí cinn, 40 nóiméad ar fhad nó faoina bhun, rud a chabhraíonn leis an bhfócas ar aon ábhar nó carachtar amháin. Uaireanta eile mheasas gur laincis a bhí sa teorainn ama seo.
I ndeireadh an dara séasúr bhí Carmy (Jeremy Allen White), an cócaire cumasach buile, iata sa chuisneoir fad is a bhí an obair faoi lán seoil don chéad oíche custaiméirí. É ag spréachadh agus ag rámhaillí mar is dual dó, agus mar is dual do charachtair eile go deimhin.
Léigh ár léirmheas le Breandán M. Mac Gearailt anseo.
Fág freagra ar 'Féile Mhic Dara, The Bear, Pádraig Jack agus na leideanna atá sna clocha'