Údair mhisnigh ag Cúige Mumhan ach an leor iad?

Tá na Laighnigh, na hUltaigh agus na Muimhnigh ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais an Pro 14

Údair mhisnigh ag Cúige Mumhan ach an leor iad?

Pictiúr: Billy Stickland

Cé gur imir foirne an Pro 14 réamhbhabhtaí 14 agus 15 de shéasúr 2019/20 le coicís anuas, níor tháinig aon athrú ar sheasamh na foirne ón am ar chuir Covid-19 stop tobann leis an gcomórtas i mí an Mhárta.

Ag an am sin bhí na ceithre chúige i measc na bhfoirne ar bharr an dá ghrúpa sa gcomórtas. Bhí Cúige Laighean agus Cúige Uladh sa gcéad dhá áit i nGrúpa A, bhí na Muimhnigh sa dara háit i nGrúpa B agus na Connachtaigh sa gceathrú háit sa ngrúpa céanna.

Tá na Laighnigh, na hUltaigh agus na Muimhnigh ag dul chun páirce i gcluichí leathcheannais an chomórtais an deireadh seachtaine seo. Cé go bhfuil na Connachtaigh imithe as comórtas na bliana seo tar éis taispeántas náireach an Domhnaigh seo caite nuair a fuair beirt dá gcuid imreoirí cártaí dearga, beidh siadsan breá sásta go mbeidh áit acu i gcomórtas na gCuradh an bhliain seo chugainn.

Ach roimhe sin tá seans fós ag na cúigí eile greim a fháil ar chorn an Pro 14.

Anocht i Staid Aviva tabharfaidh Cúige Laighean, a chríochnaigh ar bharr Ghrúpa A, faoi Chúige Mumhan, foireann a bhí sa dara háit i nGrúpa B. Seo é an dara babhta ag na foirne seo casadh lena chéile le coicís. Cuimhnigh go raibh bua dhá phointe (27-25) ag Cúige Laighean, curaidh an chomórtais faoi láthair, an uair sin.

Is fiú a mheabhrú freisin gur chas na foirne seo ar a chéile i mbabhtaí leathcheannais an Pro 14 anuraidh agus arú anuraidh, ócáidí arbh iad foireann Átha Cliath a thug an lá leo.

Is cinnte gur cúis imní torthaí na gcluichí sin do lucht leanta agus d’imreoirí na Mumhan agus iad ag réiteach do chluiche na hoíche anocht, ach seans go mbeidh lucht bainistíochta na foirne ag cur neart béime ar thoradh na gcluichí céanna. Ní raibh ach dhá phointe idir na foirne coicís ó shin. Ní raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne sa gcluiche leathcheannais anuraidh.

Níor cheart go mbeadh aon fhaitíos ar na Muimhnigh roimh na curaidh anocht. Coicís ó shin bhí na Muimhnigh gob ar ghob le Cúige Laighean ar feadh ochtó nóiméad agus bhí mí-ádh orthu nár chríochnaigh na foirne ar comhscór. Ní hamháin sin ach thug na Muimhnigh deis imeartha dá gcéad rogha imreoirí an deireadh seachtaine seo caite fad is a thug Leo Cullen scíth dá chéad rogha foirne féin.

Seans go seasfaidh sé sin go mór le himreoirí an Airm Dheirg. Mar is iondúil, beidh coimhlint iontach fisiciúil agus thar a bheith crua idir na foirne seo.

Seo é an t-aon deis amháin atá ag Cúige Mumhan greim a fháil ar aon chraobh, rud nach bhfuil déanta acu le fada an lá. Má theipeann orthu arís i mbliana seans go mbeidh aird a lucht leanta ag díriú ar an bhfoireann bhainistíochta.

Ní haon iontas gurb iad na Laighnigh rogha na coitiantachta don chluiche seo. Deis eile í seo dóibh chuile iarracht a dhéanamh an lámh in uachtar a fháil arís ar an tsean-namhaid. Seans go mbeidh siad ag baint leas as an gcluiche mar réiteach do chluiche ceathrú ceannais Chorn na gCuradh faoi cheann coicíse. Ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne seo ach caithfear a rá gur le Cúige Laighean atá na buntáistí roimh thús an chluiche. Bheadh drogall orm toradh a thuar ach bheadh an drogall céanna orm mórán airgid a chur ar Chúige Mumhan. Níl an stair ar a son.

Beidh na hUltaigh thall i nDún Éideann amárach sa dara cluiche leathcheannais. Seo é an chéad uair ag na foirne seo casadh ar a chéile sa gcomórtas seo, rud a fhágann nach bhfuil sé éasca iad a mheas.

Mar sin féin, bhí aon bhua dhéag ag Dún Éideann as cúig iarracht déag i gcomparáid leis na hocht mbua a bhí ag na hUltaigh as an líon céanna cluichí. Ní haon iontas dá bhrí sin gurb iad Dún Éideann rogha na coitiantachta don choimhlint seo. Is acu freisin atá buntáiste an bhaile mar faoi rialacha Chovid-19 na hAlban beidh cead ag 500 de lucht féachana freastal ar an gcluiche seo. Ní dóigh go mbeidh mórán acu sin ag tacú le Cúige Uladh! Ach an oiread le cluiche an lae inniu ní bheidh mórán idir na foirne seo ach mura n-éiríonn leis an bhfoireann bhaile aon leas a bhaint as na buntáistí atá acu. Tá dúshlán ollmhór roimhe na hUltaigh.

Fág freagra ar 'Údair mhisnigh ag Cúige Mumhan ach an leor iad?'