‘Uair na cinniúna’ buailte leis an nGaeilge, a deir Renua ina gcéad fhorógra toghcháin

Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhorógra an pháirtí nua ina luaitear athbheochan na Breatnaise mar eiseamláir don Ghaeilge

4/1/2016 RENUA Ireland party leader Lucinda Creighton TD, centre, is pictured at RENUA Ireland general election 2016 manifesto launch today at Smock Alley Theatre in Dublin. RENUA Ireland annouced it will field 18 candidates in the upcoming general election. Photo: RollingNews.ie
Ceannaire Renua Lucinda Creighton ag seoladh forógra RENUA do thoghchán 2016 ag amharclann Smock Alley inniu. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag an bpáirtí polaitíochta nua, Renua, a bheidh ag cur iarrthóirí chun cinn d’olltoghchán den chéad uair i mbliana, go bhféadfaí foghlaim ó chur chuige na Breataine Bige maidir le hathbheochan na Gaeilge.

D’fhoilsigh Renua a bhforógra d’olltoghchán 2016 inniu, an chéad pháirtí lena leithéid a dhéanamh, cáipéis ina bhfuil aon tagairt amháin inti don ‘“teanga náisiúnta”, a bhfuil “uair na cinniúna” buailte léi.

Luaitear i bhforógra an pháirtí nua athbheochan na Breatnaise mar eiseamláir don Ghaeilge agus maítear go bhféadfaí bród a mhúscailt in Éirinn sa teanga agus sa “stair mhór chultúrtha agus ealaíonta” a bhaineann léi ach sampla na Breataine Bige a leanacht.

“Either we allow it to continue its slow downward trend towards extinction, or as a nation, we collectively decide to arrest its decline and embrace the most fundamental aspect of our national identity,” a deirtear san fhorógra toghcháin.

Dar le Renua, is í an chéad chéim a chaithfear a thabhairt chun an teanga a thabhairt slán ná athrú bunúsach a dhéanamh ar mhodh múinte na Gaeilge sna scoileanna. Deir siad gur náire shaolta é go bhfágann glúin i ndiaidh glúine de dhaltaí scoile na hÉireann an córas oideachais gan ach cleatráil bheag Ghaeilge acu.

“To achieve real change, we must blend the traditional and immersive ‘living language’ elements of education with a renewed focus on grammar and accuracy,” a deirtear i bhforógra toghcháin an pháirtí.

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh na rudaí atá ‘dearfach agus tábhachtach’ i gcáipéis Renua. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie go bhfuil an t-eagras ag súil le bualadh leis an bpáirtí go luath “le héilimh phobal na Gaeilge agus Gaeltachta don olltoghchán a phlé leo”.

“Tá cúpla rud dearfach agus tábhachtach ráite ag Renua ina fhorógra, go háirithe go n-aithníonn siad an Ghaeilge mar an ghné is bunúsaí dár bhféiniúlacht Éireannach, go gcuireann athbheochan na Breatnaise treoir ar fáil d’athbheochan na Gaeilge, go bhfuil siad den tuairim gur féidir agus go n-éireoidh le hÉirinn bród don teanga a athmhúscailt agus gur chóir an tumoideachas a chur chun cinn sa chóras oideachais,” a dúirt de Spáinn inniu.

Tá tacaíocht oifigiúil á lorg ag Conradh na Gaeilge ó na hiarrthóirí toghcháin ar fad d’éilimh teanga na heagraíochta agus tá sé i gceist ag an gConradh an pobal a choinneáil ar an eolas faoi na hiarrthóirí toghcháin atá ‘báúil’ don teanga.

Fág freagra ar '‘Uair na cinniúna’ buailte leis an nGaeilge, a deir Renua ina gcéad fhorógra toghcháin'

  • grudaire

    Ní cóir dóibh phlean don teanga a foilsiú as Béarla, is masla é don teanga, agus dúinn mar phobal.

    Tá iarracht I bfhad níos mó á dhéanamh ag phairtí níos lú..

  • Gabriel Rosenstock

    An gcloisfear ag labhairt Gaeilge sa Dáil iad nó eatarthu féin i mbeár na Dála?

    Ní féidir brath ar an Rialtas.
    NÍ féidir brath ar an Rialtas.
    Ní FÉIDIR brath ar an Rialtas.
    Ní féidir BRATH ar an Rialtas.
    Ní féidir brath ar an RIALTAS.
    NI FÉIDIR BRATH AR AN RIALTAS!