Tús maith don Daingean, foirne Gaeltachta cáilithe i nDún na nGall agus Oileáin Árann le haghaidh a thabhairt ar Mhicheál Breathnach

Bhí foirne peile Gaeltachta ag imirt i gcluichí craoibhe i gCiarraí, i nDún na nGall, i nGaillimh agus i Maigh Eo ag an deireadh seachtaine

Tús maith don Daingean, foirne Gaeltachta cáilithe i nDún na nGall agus Oileáin Árann le haghaidh a thabhairt ar Mhicheál Breathnach

Ciarraí

Cé gur chuir an bua cumasach a bhí ag Ciarraí Thoir ar chumann Thá Lí, Ó Ceirín-Ó Rathaille, leis an tuairim gurb iad rogha láidir na coitiantachta do Chraobh Shinsir Peile Chiarraí i mbliana, léirigh foireann Dhaingean Uí Chúis a a mianach freisin agus bua maith ag fir na Gaeltachta ar An Spá, 4-10 in aghaidh 1-6.

Mar is iondúil, bhí taispeántais mhuintir Uí Gheibheannaigh cinniúnach agus cúl an duine faighte ag Mikey, Paul agus Niall. Ach ní gan dua a bhuaigh an Daingean an cluiche. Scóráil David Spillane cúl ó mharc chun an Spá a chur 1-2 in aghaidh 0-1 chun tosaigh leath bealaigh tríd an chéad leath ach tháinig an Daingean ar ais idir sin agus leath ama. Bhí na foirne ar comhscór agus 30 nóiméad imeartha ach bronnadh cic éirice ansin ar Paul Geaney, cic a sháraigh a chol ceathrair Mikey chun an Daingean a chur chun tosaigh. Trí phointe de bhearna a bhí idir na foirne leath bealaigh tríd an dara leath nuair a  chuir cúl ó Paul Geaney sé phointe eatarthu. D’aimisgh Billy O’Connor agus Niall Geaney cúil eile idir sin agus an deireadh chun an bua a chinntiú.

Ní raibh an rath céanna ar fhoireann eile Chorca Dhuibhne, Ciarraí Thiar, a chlis in aghaidh Chiarraí Láir Dé Sathairn. Bhí cuma na maitheasa ar Chiarraí Thiar ar feadh tamaill agus iad seacht bpointe chun tosaigh ag pointe amháin sa chéad leath ach tháinig a gcéilí comhraic ar ais go láidir sa dara leath agus cóir na gaoithe acu. D’fhág cúl ó Chian O’Grady Chaisleán Ghriaire agus pointí ó leithéidí Dhara Uí Shé, Roibeaird Uí Shé agus Choilm Uí Muircheartaigh na Gaeltachta go raibh Ciarraí Thiar 1-8 in aghaidh 0-4 chun cinn théis 27 nóiméad. Thit rudaí as a chéile ina dhiaidh sin, faraor. Scóráil Kieran Dennehy cúl do Chiarraí Láir roimh leath ama bhí rith an ráis leo sa dara leath.  Go deimhin, an t-am nach mór caite nuair a fuair Ciarraí Thiar a gcéad phointe sa dara leath. Bhí a ndeis caillte ag fir Chorca Dhuibhne faoin am sin agus bua 1-14 in aghaidh 1-10 bainte ag Ciarraí Láir.

Ba é Dylan O’Donoghue ó Phiarsaigh na Dromad laoch Chiarraí Theas. Cúig phointe ón imirt a fuair sé sa chluiche comhscóir in aghaidh an Teampaill Nua. Tháinig an scór deireanach díobh in am cúitimh a chun a chinntiú nach gcaillfeadh a fhoireann an cluiche seo sa chéad bhabhta. Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama, 0-5 an taobh, ach scóráil an Teampall Nua 1-2 in achar cúpla nóiméad chun ceannas a thógáil ar an gcluiche. Thosaigh fear eile ón nDromad, Graham O’Sullivan – a bhuaigh Craobh na hÉireann le Ciarraí i mbliana – ag bláthú go mór sa dara leath agus spreag sé féin agus O’Donoghue teacht aniar Chiarraí Theas a chinntigh gur cothrom a chríochnaigh na foirne ar deireadh, 1-11 in aghaidh 0-14.

Dún na nGall

Tá ceithre chumann Gaeltachta i mbabhtaí leathcheannais na Craoibhe Idirmheánaí i nDún na nGall agus a gcluichí buaite ag an gClochán Liath, Naomh Columba, Gaeil Fhánada agus An Tearmann ag an deireadh seachtaine.

Farasbarr ocht bpointe a bhí ag an gClochán Liath ar Naomh Muire, Íochtar na Rosann Dé Sathairn, 3-10 in aghaidh 0-11, ach coimhlint níos géire a bhí inti ná mar a thuigfeá ó chlár na scór. Thóg an Clochán Liath ceannas ar an gcluiche nuair a scóráil Oisín Bonner cic éirice théis ceathrú uaire agus bhíodar ocht bpointe chun tosaigh théis 25 nóiméad. D’aimsigh Naomh Muire ceithre phointe as a chéile roimh leath ama chun an bhearna a laghdú, áfach. Choinnigh siad orthu ag cur brú ar an gClochán Liath sa dara leath agus ní raibh ach pointe amháin idir na foirne théis 57 nóiméad. Scóráil an Clochán Liath dhá chúl idir sin agus an fheadóg dheireanach, áfach, chun stop a chur le teacht aniar Naomh Muire.

Cúl ó Alan McAteer ag deireadh an chluiche a chinntigh go mbeadh Gaeil Fhánada ag imirt sna babhtaí leathcheannais agus an ceann is fearr faighte acu ar a gcomharsana ó Na Dúnaibh, 1-10 in aghaidh 0-11. Bhí na Dúnaibh, buaiteoirí na Craoibhe Sóisir A anuraidh, chun tosaigh d’fhormhór an chluiche a bhuíochas de phointí ó Johnny McGroddy.  Ach, agus 58 nóiméad caite, bhí McAteer san áit cheart chun an cúl cinniúnach a fháil agus an cluiche a bhuachan do Ghaeil Fhánada.

Imreoidh buaiteoirí Chraobh Shóisir Chomórtas Peile na Gaeltachta 2022 in aghaidh Naomh Columba sna babhtaí leathcheannais tar éis d’fhir Ghleann Cholm Cille an ceann is fearr a fháil ar Bhun Cranncha Dé Domhnaigh, 3-13 in aghaidh 0-11. Thug Naomh Columba taispeántas cumasach uathu i bPáirc Uí Dhomhnaill agus iad chun tosaigh ó thús go deireadh. Scóráil an tosach óg Aaron Doherty 1-7 sa bhua agus fuair Christopher Byrne an dá chúl eile agus 2-2 san iomlán aige.

Pointe amháin a bhí le spáráil ag An Tearmann agus an ceann is fearr faighte acu ar Aodh Rua Cúil na gCuirdín, 1-8 in aghaidh 0-10. D’fhág cic éirice ó Dhaire McDaid an Tearmann cúig phointe chun tosaigh théis 15 nóiméad agus sé phointe a bhí eatarthu ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-2. Cé gur tháinig Aodh Rua ar ais go láidir sa dara leath, theip orthu an comhscór a fháil. Imreoidh an Tearmann in aghaidh na Clocháin Léith sna babhtaí leathcheannais.

Gaillimh

Chaill Naomh Anna, Leitir Móir amach ar dheis áit i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe don bhliain seo chugainn a chinntiú nuair a chríochnaigh siad ar comhscór le hUachtar Ard, 0-9 in aghaidh 1-6, i gcluiche i mBabhta 4 i Ros Muc Dé Domhnaigh.

Chuir cúl ó Chian Monaghan Uachtar Ard chun tosaigh théis 15 nóiméad ach chuir siad an-chuid iarrachtaí amú sa chluiche agus chinntigh Naomh Anna an comhscór le trí phointe as a chéile ó Chiarán Bairéad, Ferdia Breathnach agus Dylan Seoige sa 10 nóiméad deireanach.

Scóráil Peter Cooke ceithre phointe sa bhua cumasach a bhí ag Maigh Cuilinn ar Réalta Thuama, 0-15 in aghaidh 0-6, ach níor éirigh chomh maith céanna le foirne eile Chonamara sa Chraobh Shinsir. Bhuail An Creagán-Maigh Locha greadadh ar Bhearna, 1-16 in aghaidh 0-6, agus fuair Anach Cuain an ceann is fearr ar an gCeathrú Rua, 1-11 in aghaidh 0-10. Bhí na foirne ar comhscór ag leath ama ach scaoil fir na Ceathrún Rua cúl bog ó Frankie Burke isteach ag tús an dara leath agus bhíodar chun deiridh as sin go deireadh. Imreoidh An Spidéal in aghaidh Chora Finne anocht agus bua ag teastáil ó fhir Chois Farraige má tá aon seans acu na babhtaí dícháilithe a sheachaint.

Tabharfaidh an dá fhoireann Ghaeltachta atá fágtha sa Chraobh Idirmheánach aghaidh ar a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais agus Oileáin Árann agus Micheál Breathnach tarraingthe le chéile.

Bhuaigh Oileáin Árann trí chluiche as trí cinn i nGrúpa C tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Chill Chóirín-Cluain Bheirn Dé Sathairn, 1-14 in aghaidh 0-9. D’fhág cúl ó Tyler Ó Flaithearta, a scóráil 1-4, go raibh Oileáin Árann trí phointe chun tosaigh ag leath ama agus mhéadaigh siad an bhearna sin sa dara leath. Bhí Cillian Ó Conghaile i measc na n-imreoirí a bhain an sprioc amach agus dhá phointe den scoth aimsithe aige.

Ar éigean a d’éirigh le Micheál Breathnach na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus chlis orthu sa cheathrú uaire deireanach dá gcluiche in aghaidh na Cealtraí. Bhí an obair chrua déanta ag Micheál Breathnach agus iad cúig phointe chun tosaigh théis 45 nóiméad ach scaoil siad an Chealtrach ar ais sa chluiche. Nuair a scóráil fir Ghaillimh Thoir a ndara cúl in am cúitimh, bhí an chuma ar an scéal gurbh iad na babhtaí dícháilithe a bhí i ndán do Micheál Breathnach ach scóráil Dinny Ó hÉallaithe cúilín na cinniúna dóibh leis an gcic deireanach chun an cluiche a fhágáil ar comhscór, 2-8 in aghaidh 0-14, agus na Breathnaigh a chur tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais.

Maigh Eo

Caithfidh Béal an Mhuirthead an ceann is fearr a fháil ar Bhréachmhaigh sa bhabhta deireanach de Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo más leo na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach tar éis don chumann Gaeltachta cailliúint in aghaidh Chlár Chlainne Mhuiris ag an deireadh seachtaine, 0-13 in aghaidh 1-8. Scóráil Éamon McAndrew cúl do Bhéal an Mhuirthead luath sa chluiche Dé Domhnaigh ach bhíodar pointe chun deiridh ag leath ama agus, cé gur bheag a bhí idir na foirne, níor éirigh leo dul chun tosaigh ar a gcéilí comhraic agus Ryan O’Donoghue fós ar iarraidh le gortú.

Sa Chraobh Idirmheánach, chaill Cill tSéadhna don dara deireadh seachtaine as a chéile agus iad anois i mbaol na mbabhtaí dícháilithe. Fuair An Pháirc-Caológa-Cromghlinn an ceann is fearr ar Chill tSéadhna Dé Domhnaigh, 3-14 in aghaidh 2-11.

Fág freagra ar 'Tús maith don Daingean, foirne Gaeltachta cáilithe i nDún na nGall agus Oileáin Árann le haghaidh a thabhairt ar Mhicheál Breathnach'