Tús maith ag teastáil ó Shasana chun lucht a gcáinte a chur ina dtost

Níl an oiread sin cainte déanta faoi Shasana ag Corn an Domhain na bliana seo i gcomparáid le blianta eile ach beidh sé ina raic má theipeann orthu i gcoinne na Túinéise anocht

Tús maith ag teastáil ó Shasana chun lucht a gcáinte a chur ina dtost

Raheem Sterling. Pictiúr: INPHO/Gary Carr

Inniu lá mór na Sasanach agus iad ag cur tús lena bhfeachtas ag Corn an Domhain i gcoinne na Túinéise i Volgograd. Ní hé an cluiche is iontaí é ó thaobh na hiomaíochta de, ach ní chuirfidh sé sin as do Gareth Southgate ná dá chuid imreoirí.

Cé go bhfuil An Bheilg leo i nGrúpa G, shamhlófá nach bhféadfadh Sasana féin praiseach a dhéanamh de na cluichí cáilithe seo. Níl an brú céanna á chur ag na meáin sa bhaile orthu agus a bhíodh roimhe seo ach, fós, bheadh sé ina raic mura n-éireodh le foireann Gareth Southgate áit a bhaint amach sa dara babhta.

Is iad Panama an fhoireann eile sa ghrúpa agus ba cheart go mbeadh an beart déanta ag Sasana agus áit bainte amach acu sa dara babhta roimh a gcluiche deireanach sa ghrúpa i gcoinne na mBeilgeach.

D’éirigh go maith le Southgate ó tháinig sé isteach ag deireadh 2016. Níl cluiche caillte ag Sasana ó tháinig sé i gceannas orthu agus níor ghéill siad ach trí chúl sa chomórtas cáilithe do Chorn an Domhain, níos lú ná aon fhoireann eile as an Eoraip.

Níor scóráil siad go leor cúl i rith an fheachtais cháilithe sin áfach agus fadhb amháin atá ag Southgate ná an easpa cruthaitheachta i measc a gcuid imreoirí. Níl mórán tosaithe ann faoi láthair atá chomh maith le Harry Kane ach ó tharla go mbíonn Sasana ag imirt le cúigear cosantóirí, ní chruthaítear an oiread sin deiseanna dó.

Beidh brú ar Raheem Sterling na deiseanna sin a chruthú agus é ag imirt taobh thiar de Kane agus cé gur imreoir iontach é, ní hé sin an cúram a bhíonn air agus é ag imirt do Manchester City.

Ina ainneoin sin, ba cheart go mbeadh Sasana róláidir don Túinéis. Ba throm an buille dóibh gortú a bpríomhscórálaí, Youssef Msakni, roimh an gcomórtas. D’fhéadfadh Wahbi Khazri agus Naim Sliti deacrachtaí a chruthú do Shasana, ach is beag seans atá acu anocht dáiríre.

Tuar Tuairisc.ie: Sasana

Fág freagra ar 'Tús maith ag teastáil ó Shasana chun lucht a gcáinte a chur ina dtost'