Tá tús curtha le himeachtaí dlí in éadan comhairle áitiúil a dhiúltaigh d’iarratas go gcuirfí comhartha sráide dátheangach in airde.
Tá athbhreithniú breithiúnach á lorg in aghaidh Chomhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon a dhiúltaigh d’iarratas go gcuirfí comhartha Gaeilge agus Béarla in airde i gCnoc Chois Coille i bPort an Dúnáin.
Deirtear gur diúltaíodh don iarratas in ainneoin gur sháraigh sé an líon cónaitheoirí a dteastaíonn a gcuid tacaíochta chun go gceadófaí comhartha dá leithéid.
De réir rialacha na Comhairle maidir lena bpolasaí sráidainmneacha, is gá go bhfaighfí achainí ó 33% de chónaitheoirí chun go ndéanfaí suirbhé sráide faoi chomhartha sráide dátheangach a chur in airde.
I gcás an iarratais i bPort an Dúnáin, cuireadh an achainí 33% faoi bhráid na Comhairle i Meán Fómhair 2022. Sé mhí ina dhiaidh sin, i mí Eanáir 2023, a rinneadh an suirbhé sráide.
Deirtear gur thacaigh breis is 66% de mhuintir na háite a ghlac páirt sa suirbhé sráide le crochadh an chomhartha.
64 cónaitheoir a chaith vóta ar son an iarratais agus triúr a vótáil ina éadan, a deirtear. Glacadh leis go raibh na daoine nár chaith vóta in aghaidh an iarratais.
I mí Dheireadh Fómhair seo caite dhiúltaigh Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon don iarratas.
Dúirt duine den dream a rinne iarratas ar an gcomhartha dátheangach, Iris Hagan, go raibh “díomá an domhain” orthu nuair a dhiúltaigh an Chomhairle dó.
“Mar sheantuismitheoir le garpháistí atá líofa sa Ghaeilge agus atá ag freastal ar an Ghaelscoil áitiúil, ní fheicim sa chomharthaíocht dhátheangach ach deis chun ár bpobal éagsúil a shaibhriú.”
“D’oibrigh muid go crua ar an iarratas seo, ag dul ó dhoras go doras, ag cur ar chónaitheoirí freagra a thabhairt ar an suirbhé.
“Bhí muid dóchasach ó na comhráite a bhí againn ar na doirse go n-éireodh leis an iarratas agus go mbeadh muid ar an chéad sráid sa cheantar comhairle le comhartha dátheangach a bhaint amach. Ar an drochuair, tá an chuma ar an scéal gur obair in aisce a bhí i gceist.”
Dúirt Gavin Booth ó Phoenix Law, atá ag plé leis an gcás, go raibh cinneadh na Comhairle “ag teacht salach go hiomlán ar bharúlacha thromlach na gcónaitheoirí”.
“Ag an staid seo, níor tugadh aon mhíniú maidir leis an fháth ar ghlac comhairleoirí an cinneadh na cruinnithe seo a reáchtáil faoi rún, nó cad chuige nár chomhlíon siad an dlí agus mianta na gcónaitheoirí,” arsa an dlíodóir.
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga le Conradh na Gaeilge go raibh “ról lárnach” ag comhairlí áitiúla i gcosaint agus i gcur chun cinn na Gaeilge agus gur “údar mór frustrachais” é go ndearna Comhairle Buirge Ard Mhacha, Droichead na Banna agus Craigavon “neamhaird ar a bhfreagrachtaí” trí “bac leanúnach” a chur ar “iarratas bailí” ó chónaitheoirí Chnoc Chois Coille.
“Chaith tromlach na gcónaitheoirí vóta ar son an iarratais, ag sárú gach tairseach agus constaic a bhain leis. Bhí seo ar an chéad iarratas bailí i gComhairle ADC agus níl sa diúltú seo ach sampla eile den stair fhada den mhoill, diúltú agus séanadh ó na páirtithe sin, go háirithe an DUP agus UUP, a leanann orthu ag cur bac ar chearta teanga,” arsa Cuisle Nic Liam.
Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé réasúnta a bheith ag súil go gcomhlíonfadh comhairlí áitiúla “a bpolasaithe féin”.
Fág freagra ar 'Tús curtha le himeachtaí dlí in aghaidh comhairle áitiúil a dhiúltaigh do chomhartha dátheangach'