Tús á chur le ‘Coláiste Samhraidh’ nua d’aos óg na Gaeltachta

Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó dhéagóirí óga Gaeltachta ar mian leo freastal ar chúrsa nua

Tús á chur le ‘Coláiste Samhraidh’ nua d’aos óg na Gaeltachta

Cuirfear tús le cúrsa samhraidh nua d’aos óg na Gaeltachta i gCorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí an samhradh seo.

Comharchumann Chorca Dhuibhne atá ag reáchtáil an chúrsa, a mhairfidh seachtain ón 11-19 Lúnasa.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt John Prendergast, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, go bhfuil sé “ríthábhachtach” go dtabharfaí “deis do dhéagóirí óga na Gaeltachta teacht le chéile chun an Ghaelainn a labhairt”. 

“Cé go bhfuil an-chuid imeachtaí ann cheana féin, ar nós An tOireachtas agus Comórtas Peile na Gaeltachta tá gá le himeachtaí spraíúla taitneamhacha a chur ar fáil do dhéagóirí óga idir 12-15 bliain d’aois toisc go mbíonn leisce ar an aoisghrúpa áirithe seo Gaelainn a labhairt le chéile,” arsa an t-oifigeach pleanála teanga.

Dúirt Prendergast gurb é aidhm an chúrsa daoine óga a spreagadh agus cur lena saibhreas Gaeilge.

Cuirfear béim chomh maith ar imeachtaí a chothaíonn “féiniúlacht Ghaeltachta” agus a fhorbraíonn “scileanna ceannaireachta agus comhoibrithe”.

I mbliana ‘Cuideachta Dhuibhne’ atá á thabhairt ar an chúrsa ach dúirt Prendergast go bhfuil pleananna sa tsiúl chun “a leithéid de chúrsa a reáchtáil sna ceantair Ghaeltachta eile”.

“An chéad bhliain táimid ag iarraidh é [an cúrsa] a dhéanamh go cúramach agus i gceart ach tá caint ann i measc na n-oifigeach pleanála teanga an cúrsa a thabhairt chuig na ceantair Ghaeltachta eile. Cá bhfios, b’fhéidir go mbeidh ‘Cuideachta Chonamara’ á thabhairt air amach anseo nó ‘Cuideachta Ráth Chairn’,” a dúirt sé.

Dúirt Prendergast, a ceapadh ina Oifigeach Pleanálaí Teanga d’iarthar Chiarraí i mí Feabhra seo caite, go bhfuil “fuílleach rudaí eagraithe” don chúrsa a leagfaidh béim “ar rannpháirtíocht na ndéagóirí” agus “ar ghníomhaíochtaí faoin aer”.

I measc na n-imeachtaí atá luaite leis an chlár go dtí seo, tá ‘turas go dtí an mBlascaod Mór’, ‘picnic ar an dtrá i measc na rónta’, ‘cadhcáil’, ‘iascaireacht’, ‘spaisteoireacht cois faille’, ‘siúlóidí dúshlánacha go barr na gcnoc is áille sa tír’, ‘tóraíocht taisce’, ‘turais timpeall cheantair stairiúla’ agus ‘marcaíocht capall’.

Tá sé i gceist chomh maith go mbeidh deis ag na déagóirí óga bualadh le daoine atá “eolach faoi dhúchas na háite” agus “daoine a bhfuil éachtaí déanta acu”, ina measc an rothaí aitheanta Tomás Mac an tSaoir, as Ciarraí, a thug faoi thuras rothaíochta ó Chaireo go Cape Town.

Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair ó dhéagóirí óga na Gaeltachta ar mian leo freastal ar an chúrsa. Beidh agallamh le déanamh ag iarrthóirí chun áit a fháil ar an chúrsa agus deis ann scoláireachtaí nó leathscoláireachtaí a fháil.

€200 an costas iomlán atá ar an chúrsa seachtaine agus tá lóistín san áireamh.

Moladh go mbunófaí Coláistí Samhraidh d’aos óg na Gaeltachta i bplean teanga teanga Chorca Dhuibhne lena saibhreas teanga a neartú agus chun cur le tuiscint an aosa óig sa Ghaeltacht ar a ndúchas. 

Tá an sochtheangeolaí aitheanta Conchúr Ó Giollagáin ar aon tuairim le lucht na pleanála teanga i gCorca Dhuibhne maidir le coincheap na gcoláistí samhraidh d’óige na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Tús á chur le ‘Coláiste Samhraidh’ nua d’aos óg na Gaeltachta'

  • John Prendergast

    Tá tuilleadh eolais maidir le clárú do Chuideachta Dhuibhneach ar https://tobardhuibhne.ie/cuideachta-dhuibhneach/ – táimid ag súil le fáilte a chur roimh na daoine óga iontacha seo i gceann dhá mí!

  • Deirdre Dillon

    Bheadh suim agam i níos mó eolas