TURAS TOGHCHÁIN: Flip fleapanna fioscacha agus (neamh)iontais eile an fheachtais…

Sa cholún toghcháin seo caithfear súil go heasurramach ar imeachtaí Olltoghchán 2016…

TURAS TOGHCHAIN 01

Caiticeasma na gcliché…

‘The Taoiseach took to twitter…’ B’shin an cur síos a rinne cuid mhaith tráchtairí ar chinneadh Enda Kenny dáta an toghcháin a fhógairt ar na meáin shóisialta. Tá leaganacha den nath céanna cloiste againn ag tráchtairí Gaeilge chomh maith – ‘Thug sé aghaidh ar Twitter’ nó ‘chuaigh sí i muinín Twitter’ agus a leithéid. Aontaímid le cleas leabhar stíle nuachtán an Guardian gur cliché faoin dtráth seo an ‘took to twitter’ sin:

…”took to Twitter” has become a cliché, conveying a slight air of astonishment at the wonders of such new technology. Just say “said on Twitter” or “tweeted”. The same applies to “took to social media” and similar phrases.

Cuir Gaeilge air…

Chuir Mary-Lou McDonald i leith Fhine Gael inniu go raibh an ‘fastest fiscal flip-flop ever’ déanta acu. Ach cén Ghaeilge a chuirfeá ar an méid sin? An flip fleap fioscach is mó fuadar riamh?

Cuir focail i mo bhéal…

Gluais Béarla-Gaeilge … (Pobalbhreitheanna)

1.‘The only opinion poll that counts is on election day’

‘Chríost, déanfar scrios orainn’

2. ‘I won’t be distracted by opinion polls’

‘Ní bheidh tada le rá agam faoi na pobalbhreitheanna seo nó go léiríonn ceann acu go bhfuilimid ag déanamh níos fearr ná mar atá faoi láthair’

3. ‘An opinion poll is only a snapshot in time’

‘Táimid suncáilte’

4. ‘I’m not going to get carried away by an opinion poll…’

‘Sín chugam an seaimpéin!’

4. ‘There are questions about the methodology in this particular poll…’

‘Cén fáth nach maith le héinne sinn?’

Ráiteas nár bhain siar as éinne…

  1. ‘Tá dianchoimhlint i ndán do gach aon duine atá ag seasamh do Pháirtí an Lucht Oibre sa toghchán seo’ (Joan Burton)
  2. ‘D’fhéadfadh gur éifeachtaí a bheadh an Comhaontas Glas san fhreasúra seachas sa Rialtas’ (Eamon Ryan)

Tvuít an lae…

I ngreim an toghcháin agus an dioscó…

Amhrán an lae…

Pictiúr an lae…

Caithfidh go bhfuil cuid den mhana toghcháin sin in easnamh?. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie
Caithfidh go bhfuil cuid den mhana toghcháin sin in easnamh? Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Fág freagra ar 'TURAS TOGHCHÁIN: Flip fleapanna fioscacha agus (neamh)iontais eile an fheachtais…'