Turas tiomána i nGaeilge forbartha in Ard Mhacha chun daoine a mhealladh chuig an gceantar

Tugann an turas nua 14 stad eolas do chuairteoirí ar oidhreacht, cultúr  is áilleacht cheantar Shliabh Fuaid i ndeisceart Ard Mhacha

Turas tiomána i nGaeilge forbartha in Ard Mhacha chun daoine a mhealladh chuig an gceantar

Pictiúr: sliabhfuait.com

Tá turas tiomána i nGaeilge seolta ag grúpa pobail in Ard Mhacha chun stair agus áilleacht an cheantair a chur chun cinn.

Tá suíomh gréasáin nua agus turas tiomána féintreoraithe forbartha ag Cairde Shliabh Fuait, sliabhraon i ndeisceart an chontae ar an teorainn le contae Mhuineacháin.

Tá an turas tiomána, le treoracha i nGaeilge nó i mBéarla, á chur ar fáil chun eolas a thabhairt do chuairteoirí ar oidhreacht an cheantair ó thaobh na réamhChríostaíochta, na Críostaíochta, na tionsclaíochta agus an chultúir.

Déantar cur síos freisin ar cheoltóirí agus lucht léinn na háite agus ar na radhairc áille atá ann.

Tabharfaidh an turas 14 stad seo daoine ó Eaglais Naomh Maolmhaodhóg i gcathair Ard Mhacha trí cheantar Shliabh Fuaid agus beidh deis acu cuairt a thabhairt ar áiteanna tábhachtacha ó thaobh an thaobh an chultúir agus na staire.

Sliabhraon i gcontae Ard Mhacha é Sliabh Fuaid a chlúdaíonn an mórcheantar ó Lios na Daille go Doire Núis agus a shíneann isteach go contae Mhuineacháin. Is é Carraig an tSeabhaic an pointe is airde sa sliabhraon seo.

In 2018 a bunaíodh an coiste deonach Cairde Shliabh Fuait chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhí cruthaithe sa cheantar ag iompar frithshóisialta. Thart ar Charraig an tSeabhaic go háirithe bhí fadhbanna le bruscar, dumpáil mhídhleathach agus daoine óga faoi aois ag ól.

Ó shin i leith tá an coiste gnóthach agus iad ag iarraidh clú agus íomhá an cheantair a fheabhsú. Ghlanadar an bruscar agus d’eagraíodar imeachtaí agus féilte agus chuireadar an ceantar chun cinn sna meáin agus ar na meáin shóisialta.

Tá an turas tiomána agus an suíomh gréasáin forbartha anois chun cuairteoirí a mhealladh go dtí an ceantar, agus eolas le fáil air faoi obair an choiste, imeachtaí áitiúla agus tá bailiúcháin álainn de ghrianghraif ghalánta den cheantar air fosta.

Fág freagra ar 'Turas tiomána i nGaeilge forbartha in Ard Mhacha chun daoine a mhealladh chuig an gceantar'