Tuilleadh sonraí iarrtha faoi chumas Seanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall a chuid fiacha a ghlanadh

I gcás a éisteadh i gCúirt Dúiche an Fháil Charraig inniu, dúirt an Breitheamh go gcaithfeadh an Seanadóir Brian Ó Domhnaill  ‘i bhfad níos mó eolais’ a thabhairt maidir lena chuid maoine

Tuilleadh sonraí iarrtha faoi chumas Seanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall a chuid fiacha a ghlanadh

Bhí an Seanadóir Gaeltachta Brian Ó Domhnaill os comhair na cúirte inniu mar gheall ar iarratas a rinneadh fáil amach cé mhéad d’fhiacha atá ar a chumas íoc.

D’iarr an Breitheamh i gCúirt Dúiche an Fháil Charraigh go gcuirfí ráiteas beacht faoi mhaoin an tSeanadóra ar fáil.

Aturnaetha A&L Goodbody a rinne an t-iarratas thar ceann an Choimisiúin Um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).
D’eascair an cás as cinneadh SIPO in 2016 go ndearna an Seanadóir
éilimh mhíchuí ar chostais nuair a bhí sé ina bhall tofa de bhord Údarás na Gaeltachta agus de Chomhairle Chontae Dhún na nGall.

Cuireadh naoi líomhain faoi éilimh dhúbailte i leith Uí Dhomhnaill agus cuireadh ina leith gur thuill sé costais de níos mó ná €2,000 ón gComhairle Contae agus ón Údarás le freastal ar ócáidí éagsúla a bhain leis an dá eagras le linn na tréimhse sin.

Ina mbreithiúnas dúirt an Coimisiún nach raibh siad ábalta a rá gur iompair Brian Ó Domhnaill é féin le dea-thoil maidir le ceann ar bith de na líomhaintí a bhí ina éadan.


Rialaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh ar an Seanadóir Ó Domhnaill na costais uilig a bhain leis an dá chás cúirte a bhí i gceist a íoc agus thug SIPO le fios go mbeidís ag dul sa tóir ar an Seanadóir maidir leis an mbille €372,000 a bhí i gceist lena bhfiosrúchán. Bheadh a chostais dlí féin le híoc ag an Seanadóir Ó Domhnaill anuas ar an mBille sin.


Mhaígh dlíodóir Uí Dhomhnaill inniu gur gníomh “bearránach” a bhí ann an cás a thabhairt ós comhair na cúirte ina cheantar dúchais féin agus go raibh an Seanadóir ag iarraidh go dtabharfaí tamall dó an cheist a réiteach le cabhair ó shaineolaí i gcúrsaí dócmhainneachta.

Dúirt dlíodóirí SIPO go raibh an cás á thabhairt san áit a raibh cónaí ar an Seanadóir ar ordú Ard-Chúirte.

Dúirt sé gur pléadh cheana an cás a chur ar athlá, gur diúltaíodh dó sin agus nach raibh SIPO sásta a leithéid a dhéanamh anois.

Tuairiscítear go raibh an Seanadóir Ó Domhnaill gar don Chúirt inniu ach nach ndeachaigh sé isteach sa chúirt féin.

Dúirt an Breitheamh Paul Kelly gur beag eolas a bhí i ráiteas maoine an tSeanadóra agus gur deacair a rá cé mhéad de na fiacha a bheadh ar a chumas ghlanadh cheal tuilleadh sonraí.

Tugadh le fios go raibh dhá theach ag an Seanadóir mar infheistíocht agus go bhféadfaí iadsan a úsáid chun na fiacha is mó a ghlanadh.


Dúirt an Breitheamh go gcaithfeadh an Seanadóir neamhspleách “i bhfad níos mó eolais” a thabhairt maidir leis na ráitis faoina chuid maoine.

Cuireadh an cás ar athlá go dtí an 25 Márta chun go mbeadh ráiteas cuimsitheach maoine ar fáil don Chúirt.

Fág freagra ar 'Tuilleadh sonraí iarrtha faoi chumas Seanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall a chuid fiacha a ghlanadh'