Tuilleadh eolais tugtha ag Údarás na Gaeltachta faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara

I litir a scríobh Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha an Údaráis, Gearóid Breathnach, chuig an Teachta Dála Martin Kenny séantar as éadan go raibh aon rud as bealach ag baint le díol an chomhlachta

Tuilleadh eolais tugtha ag Údarás na Gaeltachta faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara

Tá a thuilleadh eolais tugtha ag Údarás na Gaeltachta faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara agus faoi líomhaintí go bhféadfadh coimhlint leasa a bheith i gceist. I litir a scríobh Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha an Údaráis, Gearóid Breathnach, chuig an Teachta Dála Martin Kenny (Sinn Féin) séantar as éadan go raibh aon rud as bealach ag baint le díol an chomhlachta chuig an chomhlacht ilnáisiúnta as Ceanada Acadian Seaplants sa bhliain 2015.

Coicís ó shin, d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin Martin Kenny d’Aire Stáit na Gaeltachta an raibh sé ar an eolas faoin scéal go raibh beirt iarfheidhmeannach le hÚdarás na Gaeltachta a raibh baint acu le díol Arramara Teoranta le Acadian Seaplants Ltd fostaithe ag an gcomhlacht feamainne. 

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt an tAire Stáit Seán Kyne gur bhain an ghné sin den scéal le cúrsaí bainistíochta in Údarás na Gaeltachta agus go raibh iarrtha aige ar Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Steve Ó Cúláin, ceist an Teachta Dála a fhreagairt.

Tá an litir sin faighte ag an Teachta Kenny anois.

Déantar tagairt sa litir do na ceisteanna a bhaineann le beirt iarfhostaithe de chuid an Údaráis. Bhí Jim Keogh iarBhainisteoir Fiontraíochta agus Fostaíochta an Údaráis, i measc na ndaoine a bhí ag plé leis an bpróiseas díolacháin ar son an Údaráis. Chuaigh an tUasal Keogh ar scor ón Údarás in 2014 ach bhí sé fostaithe ar chonradh ag an eagraíocht go dtí Aibreán 2015. Trí mhí ina dhiaidh sin ceapadh é mar Stiúrthóir Straitéise Eorpach le Acadian Seaplants. Sa fhreagra atá tugtha ag an Údarás chuig an Teachta Kenny an tseachtain seo deirtear go raibh baint ag an Uasal Keogh le díol Arramara ach gurbh é Bord an Údaráis a rinne an cinneadh ar deireadh go ndíolfaí an comhlacht:

“The decision in turn was subject to the approval of The Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht, which approval was received on 29 July 2013. We understand that the Minister had sought and received the advice and assurance from The Attorney General in respect of the propriety of the sales process as conducted by Údarás.”  

Sa litir deirtear nár sáraíodh aon chód cleachtais: “Údarás were advised, in response to clarifications sought at that time, that there were no contractual restrictions in his contract which obliged him to seek permission from Údarás na Gaeltachta in regard to him taking up employment after his retirement.”

Ní luaitear sa litir cé a chuir an chomhairle seo ar an eagraíocht, ach deir Gearóid Breathnach nach raibh aon chead de dhíth ar an Uasal Keogh chun glacadh le post le Acadian Seaplants trí mhí tar éis díol Arramara: “We are satisfied that there were no contractual obligations on him to either report this formally to Údarás na Gaeltachta or to seek formal permission from Údarás to enter such a contract…Údarás also draws comfort from the fact that a reasonable period of time had elapsed between Ministerial approval in July 2013 of the sale in which he was involved and his taking up employment with the company in August 2015.”

Cuireadh bailchríoch le díol Arramara i mBealtaine 2015.

Deir Gearóid Breathnach go raibh go leor taithí ag Jim Keogh in earnáil na feamainne agus go gcreideann an tÚdarás go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh comhlachtaí Gaeltachta in ann teacht ar shaineolas cuí le tacú leo a ngnólachtaí a fhorbairt le fostaíocht nua a chruthú sa Ghaeltacht.

Maidir leis an dara hiarfhostaí dá gcuid atá ag obair leis an gcomhlacht feamainne, dúirt an tÚdarás nach raibh Dónal Mac Giolla Bhríde ag obair leis an Údarás nuair a díoladh Arramara agus go raibh sé ar scor ar phinsean faoin am sin. Bhí sé ina bhainisteoir ar Arramara nuair a díoladh é.

Tá clásal rúndachta deich mbliana ag baint le sonraí díolacháin Arramara.

Fág freagra ar 'Tuilleadh eolais tugtha ag Údarás na Gaeltachta faoi dhíol an chomhlachta feamainne Arramara'