Tá an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan ag teannadh linn ar an 25 Samhain. Tá tábhacht ar leith le feachtas na bliana seo mar go bhfuil géarchéim an fhoréigin inscne níos measa ná riamh: fuair os cionn 62 bean bás go foréigneach in Éirinn le cúig bliana anuas, 37 ó dheas agus 29 ó thuaidh.
In agallamh a rinne an tUachtarán Catherine Connolly le Joe.ie an mhí seo caite, rinne sí nasc díreach idir stádas na Gaeilge agus stádas na mban sa tsochaí: ‘The Irish language has been diminished. It has been reduced. It is something symbolic. And if you look at the history of women, it’s the exact same.’
Ní hamháin sin, ach d’áitigh an tUachtarán go raibh ról tábhachtach ag an dá rud – tuiscint ar an teanga agus tuiscint ar chóras na patrarcacha – i réiteach na ndúshlán againn sa tsochaí. Cén ról, más ea, atá ag an nGaeilge sa chur in éadan an fhoréigin inscne?
Cuireann ráiteas an Uachtaráin aiste le Nuala Ní Dhomhnaill ón mbliain 1989 i gcuimhne inar áitigh sí gur ‘uirlis theoiriciúil agus phraiticiúil thar na bearta í an Ghaeilge ar mhórán leibhéal i gcoinne na heigeiméine patriarchal’. Is léir go bhfuil an tuiscint sin coitianta fós i measc scríbhneoirí na Gaeilge. In eagrán speisialta d’iris Comhar ar litríocht chomhaimseartha na mban a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2024, d’aithin na criticeoirí an foréigean inscne ar na téamaí is suntasaí a bhíonn á gcíoradh ag banscríbhneoirí na linne seo.
Cá bhfios nach dtagann spéis na scríbhneoirí i gceisteanna sóisialta le bunargóint an Phiarsaigh gur gá don nualitríocht dul i ngleic go neamheaglach le fadhbanna móra an lae. D’fhéadfaí a rá freisin go bhfuil an cultúr Gaelach níos oscailte maidir le cúrsaí collaíochta agus feidhmeanna na colainne mar gur tháinig sí slán, cuid mhór, ón bpiúratánachas Victeoiriach.
Go deimhin, bhain aistriúchán Béarla le Ellen Corbett ar an dán ‘Scrúdú’ le Laoighseach Ní Choistealbha – dán faoin sárú a shamhlaítear leis an tástáil smearaidh – duais mhór idirnáisiúnta anuraidh, Duais Stephen Spender, don aistriúchán filíochta. B’fhéidir go bhfuil cumhacht ar leith ag baint leis an bhforéigean inscne a léiriú i dteanga a d’fhulaing an coilíneachas agus a shamhlaítear go minic, i bhfocail an fhile Ailbhe Ní Ghearbhuigh, mar ‘t[h]eanga éignithe’ í féin.
Ina dhiaidh sin féin, bíonn imní ar lucht critice gur féidir le léirithe ar an bhforéigean – nó ar an leatrom inscne – normalú a dhéanamh air seachas dúshlán a thabhairt dó. Níl sé deacair teacht ar sheanfhocail sa Ghaeilge a dhéanann beag is fiú d’intleacht na mban, a thugann le fios nach féidir muinín a chur iontu, agus a shamhlaíonn dualgais na mban le dualgais an tí (ní gá ach smaoineamh ar an sampla seo as Seanfhocla Chonnacht, ‘ná lig do rún le bean ná le hamadán’). Agus cé go dtugann foinsí béaloidis agus miotaseolaíochta spreagadh don scríbhneoireacht chomhaimseartha, tugann insintí béaloidis áirithe – seanchas na murúch, mar shampla – le fios go raibh glacadh éigin sa tsochaí leis an smachtú gnéis agus le sáinniú na mban.
Go minic, is iad na léirithe is fearr ar an bhforéigean gnéis ná na léirithe sin nach bhfágann freagra simplí ag an léitheoir. Tóg, mar shampla, an scéal ‘Gabhal na gCloch’ (1997) le Mícheál Ó Conghaile a fhágann doiléir an líne idir an ghnéasacht faoi chois agus an t-éigniú homaighnéasach. Meabhraíonn saothar Uí Chonghaile nach féidir taithí na bhfear a fhágáil amach as na comhráite seo ar an bhforéigean inscne.
De bharr go bhfuil lucht léitheoireachta na Gaeilge níos lú, b’fhéidir gur furasta ceisteanna íogaire mar seo a spíonadh amach as Gaeilge ná as Béarla. Tá an tuiscint seo ar rúndacht na teanga taobh thiar den tionscnamh Fuath Ban, arna stiúradh ag Dearcán Media, atá ag bailiú teistiméireachtaí faoi láthair ar an ngnéasachas laethúil.
An taobh eile den rúndacht seo, áfach, ná go ndéantar neamhaird go minic ar shaothair Ghaeilge sna mórmheáin chumarsáide. Tá teistiméireacht chumhachtach Pheadair Uí Mháille, Sáinnithe: Scéal Íobartaigh (Cló Iar-Chonnacht), i measc na leabhar is fearr a cuireadh amach sa Ghaeilge i mbliana, dar le hÉilis Ní Dhuibhne in alt léi san Irish Times. Cuireann an t-údar síos ar ionsaí gnéis a rinne duine den chléir air agus é ar scoil ag tús na seascaidí. Beidh le feiceáil an saothróidh an leabhar fíorthábhachtach seo an aird atá tuillte aige sna díospóireachtaí atá ag dul ar aghaidh faoi láthair ar an mí-úsáid ghnéis stairiúil sna scoileanna.
Tugann an Ghaeilge súil eile, más ea, ar cheisteanna a bhaineann leis an bhforéigean inscne agus na nascanna a shamhlaítear idir an cur in aghaidh na héagóra, an streachailt ar son na teanga, agus an t-éileamh ar son na féinrialach colainne. Má tá straitéis chuimsitheach agus iltaobhach de dhíth chun dul i ngleic leis an bhforéigean inscne, bíodh an Ghaeilge mar chuid den phlé sin.
Tá siompóisiam lae ar an bhforéigean inscne á reáchtáil ag an Dr Síobhra Aiken (QUB) agus an Dr Seán Mac Risteaird (DCU) i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste ar Dé Máirt 25 Samhain 2025 do Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan
https://www.qub.ac.uk/Research/GRI/mitchell-institute/events/SymposiumUnderstandingGenderedViolenceinIrishLanguageStudies.html
Fág freagra ar 'Tugann an Ghaeilge súil eile dúinn ar cheisteanna a bhaineann leis an bhforéigean inscne'