Tuarascáil le foilsiú faoin scéim ‘dá mhéid an dó is mó sa phóca’

Díreoidh an tuarascáil faoin Scéim Fuinnimh Inathnuaite (RHI), i measc rudaí eile, ar cibé an raibh uisce faoi thalamh ar bun ag an DUP le moill a chur ar shrianta a chur ar an gcostas as cuimse a bhain leis an scéim

Tuarascáil le foilsiú faoin scéim ‘dá mhéid an dó is mó sa phóca’

Inniu a fhoilseofar an tuarascáil faoin Scéim Fuinnimh Inathnuaite (RHI), an chonspóid ba chionsiocair le teip an Tionóil in Stormont in 2017.

Déanfaidh cathaoirleach an bhinse fiosrúcháin, Sir Patrick Coghlin, ráiteas sa nGailearaí Fada, in Stormont, i mBéal Feirste tar éis am lóin.

Díreoidh an tuarascáil seo ar roinnt ábhar a bhaineann leis an RHI agus ceann acu sin cibé an raibh uisce faoi thalamh ar bun ag an DUP le moill a chur ar shrianta a chur ar an gcostas as cuimse a bhain leis an scéim. Pléifear inti chomh maith an raibh nó nach raibh Arlene Foster agus a cuid oifigeach sách airdeallach agus iad ag dearadh na scéime sin agus á riaradh. Meastar go sonróidh Coughlin sa tuarascáil seo na ceachtanna a d’fhéadfadh státseirbhísigh a fhoghlaim ón bpraiseach ar fad lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid go deo arís.

De bharr lochtanna móra a bhí ar bhunú agus ar fheidhmiú na scéime fuinnimh is amhlaidh a spreag sé daoine agus gnóthaí chun níos mó breosla a dhó toisc go raibh breis airgid le tuilleamh air sin. 

Baisteadh ‘scannal airgead na luaithe’ air agus bhí an baol ann go gcosnódh an scéim i bhfad Éireann níos mó ná mar a bhí ceaptha di sa bhuiséad. Bhí daoine ann a dúirt go gcosnódh an scéim  £700 milliún níos mó ná a bhí leagtha síos i dtréimhse 20 bliain.

Níl aon dabht ach go ndéanfar mionscrúdú ar an tuarascáil seo féachaint an bhfuil aon impleachtaí polaitiúla le haimsiú inti trí bliana tar éis na conspóide. 

Sa bhliain 2012 a tugadh isteach scéim an RHI, tráth a raibh an Chéad-Aire, Arlene Foster, ina hAire Fiontair, Trádála agus Infheistíochta. 

Bunaíodh an scéim chun daoine a spreagadh le foinsí fuinnimh inathnuaite a úsáid. Cuireadh deireadh le hiarratais nua ar an scéim in 2016 nuair a  léiríodh imní faoi easpa srianta ar a costas.

Bunaíodh fiosrúchán Coughlin in 2017.

Ba í an scéim an RHI creill bháis an Tionóil in Stormont mí Eanáir 2017 nuair a d’éirigh Martin McGuinness, feisire de chuid Shinn Féin, as a phost mar LeasChéad-Aire mar agóid in aghaidh an chaoi ar láimhseáil an DUP an scannal.

Ba í an Roinn Fiontair, Trádála agus Infheistíochta in Stormont a bhí i mbun na scéime. 

Ba iad beirt airí an DUP, Arlene Foster and Jonathan Bell, a bhí i gceannas na Roinne sin le linn don scéim seo a bheith á hullmhú agus á cur i bhfeidhm.

Níor glacadh le haon iarratais nua ó 2016 agus rinneadh na fóirdheontais a ghearradh go mór in 2017 agus in 2019 ionas nach sáródh an caiteachas ar an scéim an buiséad.

Dúirt státseirbhíseach sinsearach le feisirí parlaiminte ó shin gur beagán os cionn £33m de róchaiteachas a bhí déanta ar an scéim nuair a cuireadh bearta i bhfeidhm chun an costas a smachtú.

Ó cuireadh cosc ar aon iarratas nua, cuireadh airgead a bhí ar fáil don scéim ar ais chuig an státchiste. Go dtí seo in 2020, tá £25 milliún  aisíoctha agus mura mbunaítear scéim dá leithéid arís, beidh thart ar £400 milliún á chur ar ais chuig an státchiste.

Bunaíodh an scéim seo ar mhaithe leis an gcomhshaol, chun gnóthaí, comhlachtaí agus feirmeoirí a spreagadh le hathrú go dtí córas bithmhaise teasa, amhail coirí dóite adhmaid a úsáid, in áit córas teasa a bhí ag dó breosla iontaise.

Faoin scéim a cheap Stormont do Thuaisceart Éireann, £1.60 le fáil i bhfóirdheontas ar gach punt amháin a caitheadh ar an gcóras. Is beag an t-iontas gur bhain breis is  2,000 duine sa Tuaisceart leas as an scéim fhlaithiúil seo agus gur baisteadh ‘airgead na luaithe’ ar an scéim mar ‘dá mhéid an dó is mó sa phóca’.

Idir 2013 and 2015 rinne an bhean nochta scéil Janette O’Hagan roinnt iarrachtaí fainic a chur ar pholaiteoirí agus ar státseirbhísigh faoin bpraiseach a bhí déanta den scéim ach ba shaothar in aisce aici é mar nach bhfuair sí aon toradh. 

I gcás amháin, rinneadh amach go bhféadfadh feirmeoir suas le £1 milliún a shaothrú i dtréimhse 20 bliain agus gan á dhéanamh aige ach scioból folamh a théamh. 

Fág freagra ar 'Tuarascáil le foilsiú faoin scéim ‘dá mhéid an dó is mó sa phóca’'