Tuar, tomhas agus tairngreacht – scata ceisteanna faoin mbliain nua 

Seo cuid de na ceisteanna móra a fhreagrófar ar dhóigh éigin roimh dheireadh na bliana 

Tuar, tomhas agus tairngreacht – scata ceisteanna faoin mbliain nua 

Beidh roghanna móra polaitiúla á ndéanamh, tubaistí gan choinne ag tarlú agus athruithe móra á gcur chun cinn in 2024. 

Cuirfidh cuid acu iontas agus alltacht ar dhaoine ar dhóigh nach eol dúinn faoi láthair. Is féidir, áfach, tairngreacht réasúnta – nó buille faoi thuairim réasúnta ar a laghad – a thairiscint dár léitheoirí fiú agus an bhliain nua ina tús.  

Seo a leanas súil chun cinn ar scata ceisteanna a fhreagrófar ar dhóigh éigin roimh dheireadh na bliana.  

An mbeidh olltoghchán ann i mbliana? 

Ní bheidh. Tabharfaidh vótálaithe rabhadh do pháirtithe an chomhrialtais sna toghcháin Eorpacha agus áitiúla i mí an Mheithimh a neartóidh fonn na gceannairí fanacht go dtí Márta na bliana seo chugainn (an dáta deireanach ceadaithe de réir dlí). 

Ach nach léir an seans go bhfógróidh an Taoiseach olltoghchán sa bhfómhar? 

Is léir ar ndóigh. Agus cúrsaí polaitíochta á bplé, ní cóir féidearthacht ar bith a chur as an áireamh ar fad. Faoi láthair, áfach, is dóichí ná a mhalairt gur go luath in 2025, mar atá molta ag Micheál Martin agus Eamon Ryan araon, a fhógróidh Leo Varadkar dáta an olltoghcháin.  

An féidir a bheith cinnte nach n-éireoidh go maith le páirtithe an chomhrialtais sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha? 

B’fhéidir go mbeidh cúis réasúnta sásaimh acu, ach tá sé beagnach cinnte go mbeidh Sinn Féin ag maíomh gur éirigh go geal leosan sa dá thoghchán. An fáth: chaill leath de chomhairleoirí an pháirtí a suíocháin sna húdaráis áitiúla sa toghchán in 2019, agus níor toghadh ach feisire Eorpach amháin ón bpáirtí. 

 Déan talamh slán de nach mbeidh scéal Shinn Féin chomh dona an babhta seo.  

An rachaidh Páirtí an Lucht Oibre i mbun rialtais sa Bhreatain? 

Rachaidh. Caithfear olltoghchán a reáchtáil sa Ríocht Aontaithe uair éigin i mbliana de réir dlí. Léiríonn gach pobalbhreith tacaíocht a dheimhneodh bua don Lucht Oibre, cé nach féidir comhrialtas leis na Liobrálaigh a chur as an áireamh. 

An dtoghfar Donald Trump arís mar uachtarán ar na Stáit Aontaithe? 

Ní thoghfar. Beidh an feachtas toghcháin salach, gránna agus achrannach, b’fhéidir, ach ní éireoidh le Trump, má cheadaíonn na cúirteanna dó a bheith ina iarrthóir, filleadh ar an Teach Bán. 

 An phríomhchúis: toisc gur láidre an t-amhras a spreagann Trump ná Joe Biden. 

Ceist bhog anois. An atoghfar Vladimir Putin sa Rúis? 

Toghfar ar ndóigh toisc nach mbeidh aon rogha inchreidte eile ag muintir na Rúise sa ‘toghchán’ ina vótálfaidh siad ar an 17 Márta. 

An vótálfar i bhfabhar an dá leasú ar an mBunreacht, maidir le cúramóirí agus le ról na mban sa teaghlach, sa reifreann ar 8 Márta? 

Vótálfar ina bhfabhar, ach le móramh beag. Ní chuirfidh an móramh de stró orthu féin vótáil in aon chor. Ní nach ionadh tharla go bhfuil an rialtas ag moladh go gcuirfí forálacha siombalacha nua, nach léir a dtionchar praiticiúil, sa Bhunreacht in ionad na bhforálacha siombalacha gan téagar praiticiúil atá sa Bhunreacht faoi láthair. 

Aon scéal fós faoin dá reifreann eile atá geallta? 

Reáchtálfar reifreann uair éigin i mbliana, a deir an rialtas, ar leasú ar an mBunreacht a chuirfeadh rialú paitinní faoi smacht na cúirte nua a rialóidh paitinn san AE. 

 Níl socrú ar bith déanta fós faoi reáchtáil reifrinn eile (rud atá geallta i gclár an rialtais) ina molfar vóta i dtoghchán uachtaránachta a thabhairt do shaoránaigh atá ina gcónaí lasmuigh den stát. Ba chóir go mbeadh reáchtáil an reifrinn i mbliana dosheachanta, ach ní féidir a bheith cinnte fós.  

An rachaidh Micheál Martin chun na Bruiséile mar Coimisinéir Eorpach? 

Ní rachaidh. Admháil: níl sa bhfreagra seo ach buille faoi thuairim. Ní foláir cuimhneamh nach ndeir duine stuama focal faoi phost dá leithéid más mian leis glacadh leis.  

 Fainic: dúirt Micheál Martin le gairid gur faoi Fhianna Fáil a bheadh sé an Coimisinéir nua a ainmniú, ach dúirt Leo Varadkar nach raibh ‘comhaontú scríofa’ idir an dá pháirtí maidir leis an bpost. Bhí an bheirt ag caint tar éis don Choimisinéir reatha Mairéad McGuinness a rá gur mhaith léi téarma eile sa Bhruiséil. Ábhar aighnis sa rialtas go réiteofar é. 

An ardóidh teocht na cruinne arís i mbliana? 

Ardóidh nó, mura n-ardaíonn, ní athróidh ísliú beag an claonadh ná an riachtanas a bhaineann leis. D’fhógair Met Éireann le gairid go raibh meánteocht na hÉireann in 2023 níos airde ná mar a bhí sé bliain ar bith ó thosaigh taifead oifigiúil na haimsire abhus 124 bliain ó shin. 

 Deimhneoidh mór-stoirmeacha, tuilte agus tionchar leanúnach El Niño na bliana seo caite ar an aimsir i mbliana nach ndéanfar dearmad ar théamh na cruinne in 2024 

An ísleoidh rátaí úis ar mhorgáistí in 2024? 

Ísleoidh. Dea-scéal nach beag a thábhacht pholaitiúil. Ní féidir a bheith cinnte fós cén uair a thosóidh an t-ísliú ná cén tairbhe a bhainfear as ach deir na saineolaithe go bhfuil an claonadh soiléir. Faoiseamh d’iasachtaithe agus don rialtas sa dara leath den bhliain. 

An mbeidh easpa tithíochta agus soláthar dídine d’iarrthóirí tearmainn agus do theifigh ón Úcráin ag cur imní ar dhaoine chomh mór faoi dheireadh na bliana agus atá faoi láthair?

Beidh, faraor. 

Fág freagra ar 'Tuar, tomhas agus tairngreacht – scata ceisteanna faoin mbliain nua '