TUAIRISC Ó VILNIUS: Fréamhaíonn Nuacht na mBréag mar choinceap, líonann an folús

Ar cuairt di ar Vilnius mar ar fhreastail sí ar chomhdháil iriseoireachta, fuair ár gcomhfhreagraí léargas ar an ngéarghá atá le hiriseoirí cróga chun dul i ngleic leis an gcníopaireacht chealgach atá á himirt orainn go léir

TUAIRISC Ó VILNIUS: Fréamhaíonn Nuacht na mBréag mar choinceap, líonann an folús

Ar cuairt dom le díorma iriseoirí ar an gcathair álainn sin Vilnius, le fíordhéanaí, ní gan eolas ar Éirinn a bhí formhór na Liotuánach a bhuail liom.

Ní haon iontas é sin, is dócha, mar tá cuid mhaith dá muintir ag baint slí bheatha amach in Éirinn le blianta beaga anuas, ag cur pinginí abhaile mar a dhein ár muintir féin romhainn leis na cianta.

Tá cuid mhaith den chine sin lonnaithe timpeall bhaile an Daingin i gCorca Dhuibhne. Oibríonn a bhformhór i dtionscal na próiseála éisc agus ag comhlachtaí níocháin is glantóireachta.

Ní leasc leo lá oibre a dhéanamh, bail orthu.

‘An iompraíonn siad iad féin?’ a fiafraíodh díom i Vilnius agus sinn ag caint ar chomh hiomadúil agus atá lucht na Liotuáine in Éirinn. ‘Cloisimid scéalta…’

‘Tá fuílleach scéalta faoi mo dhream fhéin in áiteanna éagsúla ar fud an domhain,’ arsa mise leis, ‘dá mbeimis macánta.’

Daoine a bhí cáiréiseach, foirmeálta ab ea formhór na ndaoine a casadh orm.

Cúirtéiseach, tuisceanach agus fiosrach nuair a chuirfeá aithne orthu.

Ní róbhuíoch dá gcomharsa mhór béal dorais atá siad, na créatúirí.

Fada a ndóthain a bhíodar faoi ansmacht acu. Iad ag crith ina mbróga go dtarlódh sé arís, aon lá.

Ba chuid d’impireacht na Rúise an Liotuáin siar amach sa naoú haois déag. Ina dhiaidh sin bhí na Boilséivigh i réim ar feadh tamaill, bhíodar ina gcuid den Pholainn, gan trácht ar a bheith faoi smacht an Naitsíochais agus an KGB.

Níl rócheanúil atá siad ar na Polannaigh ach an oiread. ‘Tagann siad anseo, ag labhairt Polainnise linn go sotalach, amhail is dá mbeidís i gceannas orainn i gcónaí,’ arsa duine amháin liom.

Níl cúinne dá gcasann tú ná buaileann gnéithe dá stair chasta idir an dá shúil tú.

I  músaem mór i lár an bhaile, ar a mbaisteann siad iarsmalann an KGB, ní  spáráiltear a ngníomhartha barbartha, sa chur síos agus sa léiriú a dhéanann siad orthu.

Deineadh léirscrios ar Ghiúdaigh sa chathair chomh maith. Bí ag caint ar chinedhíothú. Mo ghraidhin go dealbh iad.

Bímid féin ag gearán faoinár n-ocht gcéad bliain faoi dhaorsmacht Sheáin Bhuí.

Tuigimid dóibh.

Ag an gcomhdháil seo d’iriseoirí ar a raibh mé ag freastal, chualamar go leor faoi na dúshláin atá ann anois – níos mó ná riamh – eolas cruinn neamhchlaonta a chur ar fáil don phobal.

Ní hamháin sa Liotuáin agus i dtíortha na hEorpa ach sa domhan mór uile.

Conas atá ag éirí leis na fórsaí dorcha seo ar fad, trí imreas idirlín, greim a fháil ar ár meáin agus iad a chur de dhroim seoil lena mbréaga bladartha?

Tíortha an Iarthair ag ceistiú cá bhfuil a dtreo.

Iad ar mhíthreoir. Iad soiniciúil, amhrasach faoina ndream féin. Folús cruthaithe.

Sin é an uair a thagann fórsaí an éithigh aniar aduaidh orthu.

Préamhaíonn Nuacht na mBréag mar choinceap, líonann an folús.

Dúradh linn nach bhfuil aon staonadh ar an Rúis ach í ag síorchruthú bréagnuachta agus imreas idirlín.

Is mar a chéile acu tréimhse na cogaíochta agus tréimhse na síochána, a mhaígh iriseoir Liotuánach amháin. Ní dhéanann siad aon idirdhealú eatarthu.

Modhanna oibre an KGB á n-úsáid leis chun an claoneolas a leathadh, a dúradh.

B’fhéidir gur uathu a d’fhoghlaim Trumpaire an Tí Bháin, na mórscileanna sin go léir atá aige mí-eolas a chruthú is a scaipeadh agus a chur siar síos scornach lucht a leanta.

Caithfimid fanacht tamaillín eile chun é sin a fháil amach. Ach b’fhéidir nach fada eile é tar éis a bhfuil tarlaithe dá iarchomhairleoir slándála Mike Flynn le cúpla lá anuas.

Ní hí an Rúis amháin atá i mbun an imris seo ar an idirlíon. Tuairiscítear Iosrael, an Iaráin, an Chóiré Thuaidh, gan trácht ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bheith gníomhach ag cur eolais agus fíricí as a riocht.

Sa lá atá inniu ann, níos mó ná riamh, tá géarghá le hiriseoirí agus iriseoireacht chróga chun dul i ngleic leis an gcníopaireacht chealgach atá á himirt ag fórsaí fealltacha gan phrionsabal orainn go léir.

Agus ní gá duit aistear mór fada go hoirthear na hEorpa a chur ort féin ná dul sall go Meiriceá. Nach bhfuil siad ar leac an dorais againn?

Olagarcaí breátha beathaithe dár gcuid féin agus nuachtáin agus stáisiúin raidió ina seilbh acu agus pócaí teanna acu.

Eagla ar na meáin faic a rá ná a scríobh eagla dlí.

Dúnmharaíodh iriseoir i dtír Eorpach, Málta, toisc í a bheith ag nochtadh scéalta nár thaitin le daoine áirithe, de réir dealraimh.

Feisirí Eorpacha ar thuras bailithe eolais faoi mharú Daphne Caruana Galizia ag tabhairt le fios gur beag é a muinín i riar na córa ar oileán Mhálta. Póilín i mbun fiosrú na heachtra fuiltí pósta le polaiteoir a bhí á fiosrú ag an iriseoir.

Bí ag caint ar fhórsaí dorcha ag feidhmiú leo gan spleáchas ar oileáinín beag beannaithe sa Mheánmhuir.

Agus an méid sin go léir ráite, is maith is fiú cuairt a thabhairt ar chathair ársa Vilnius sa Liotuáin.

Seachain comhdháil iriseoireachta, áfach, má theastaíonn codladh na hoíche uait.

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó VILNIUS: Fréamhaíonn Nuacht na mBréag mar choinceap, líonann an folús'

  • Roddy

    Alt íontach. Ní sa Rúis agus i Meirceá amháin atá Big Brother.

  • Victor

    Is bocht an scéal é scéal na hiriseoireacta sa lá atá inniu ann ceart go leor agus ní léir cé as a dtagann faoiseamh air agus na meáin i seilbh lucht na bréagnuachta.
    Is beag tír ná náisiún a bhfuil a stair gan eachtra náireach. Nóta amháin ar scriosadh na nGiúdach sa Liotuáin – níl trácht ar seo san alt – gur tharla sé aimsir na Naitsíoch agus gur tharla sé ar luas fíorsciobtha mar gheall gur thug na Liotuáinigh iad féin tacaíocht dó agus ghlac siad féin páirt an-ghníomhach sa scriosadh céanna agus é mar luach acu stát aon-náisiúnach a bheith acu. Bí ag caint ar chinedhíothú i ndáiríre.

  • Steve Ryan

    Ní thuigim cén fath gach alt da leirim as Gaeilge ar an suíomh seo agus nos.ie, scríobhann siad as thaobh pro-liobrálaigh. Tá iriseoirí uaibh fríthcummanaí, nó pro an eite dheis mhalartach ar an laghad. Tá mé tuirseach den claonbhá in aghaidh Trump agus na chaomhnaigh gan stad. Is ár Uachtarán é, agus aontaíonn 60 milliúin Meiriceánaigh leis – tá sé níos fearr ar bhád i gcomórtas le Hitlery!