TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Sheedy ag ceiliúradh arís agus stánáil tugtha ag Tiobraid Árann do na Cait

Tharla eachtraí cinniúnacha chluiche ceannais na hÉireann 2019 sa tréimhse 20 nóiméad roimh agus i ndiaidh leath ama.

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Sheedy ag ceiliúradh arís agus stánáil tugtha ag Tiobraid Árann do na Cait

Tiobraid Árann 3-25 Cill Chainnigh 0-20

Naoi mbliana tar éis dó cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan i gcoinne Chill Chainnigh, tá Liam Sheedy ag ceiliúradh bua eile ar na Cait agus stánáil tugtha ag Tiobraid Árann d’fhoireann Brian Cody i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna.

Theip ar Thiobraid Árann teacht amach as craobh na Mumhan anuraidh ach tá rudaí curtha ina gceart ag Sheedy ó d’fhill sé mar bhainisteoir ag tús na bliana. Bhí Tiobraid Árann níos fearr ná a gcéilí comhraic fud fad na páirce tráthnóna agus farasbarr ceithre phointe dhéag acu ar deireadh, 3-25 in aghaidh 0-20.

Tharla eachtraí cinniúnacha an chluiche ceannais sa tréimhse 20 nóiméad roimh agus i ndiaidh leath ama. Agus 20 nóiméad imeartha, bhí Cill Chainnigh cúig phointe chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 0-3, agus lucht tacaíochta Thiobraid Árann fós ag fanacht go ndúiseodh a bhfhoireann. Faoin am go raibh sé nóiméad imeartha sa dara leath, bhí na Tiobraid Árannaigh 3-12 in aghaidh 0-13 chun tosaigh agus na Cait nach mór curtha de dhroim seoil acu.

Tháinig an chéad phaiste imeartha cinniúnach tar éis 25 nóiméad. Rinne Pádraic Maher, a bhí ar fheabhas le linn na tréimhse sin, an-ghabháil san aer ó phoc amach Chill Chainnigh. Seachadadh an sliotar i dtreo Niall O’Meara ar thaobh clé na páirce, scinn an leatosaí isteach agus bhuail sé an sliotar isteach i gcúinne na heangaí chun na foirne a chur ar comhscór, 1-5 in aghaidh 0-8.

John O’Dwyer agus an tríú cúl á scóráil aige do Thiobraid Árann ©INPHO/James Crombie

Chuaigh Tiobraid Árann chun tosaigh go luath ina dhiaidh sin nuair a d’aimsigh Jason Forde buille 65 agus bhí siad fós pointe chun cinn, 1-8 in aghaidh 0-10 nuair a tharla móreachtra agus mórchonspóid an chluiche.

Bhí seilbh an tsliotair ag Cathal Barrett ar an taobhlíne ar thaobh Ardáin Uí Ógáin, tháinig Richie Hogan isteach chun gualainn a thabhairt dó ach bhuail fear Chill Chainnigh faoi cheann Barrett agus tar éis píosa cainte a dhéanamh lena mhaor taobhlíne, chinn an réiteoir cárta dearg a thaispeáint do Hogan.

Bhain an cárta dearg stangadh as Cill Chainnigh agus faoin am gur tháinig siad chucu féin arís, má tháinig ar chor ar bith, bhí an seans a bhí acu an cluiche a bhuachan imithe

Bhí Tiobraid Árann fós cúilín chun tosaigh ag leath ama, 1-9 in aghaidh 0-11, agus cé gur chuir TJ Reid na foirne ar comhscór arís luath sa dara leath, d’aimsigh na Muimhnigh 2-3 sna sé nóiméad i ndiaidh an tsosa chun ceannas iomlán a ghlacadh ar an gcluiche.

Richie Hogan á chur den pháirc ag James Owens  ©INPHO/Ryan Byrne

Chruthaigh Séamus Callanan stair tar éis 36 nóiméad nuair a scóráil sé an dara cúl sa chluiche. Thit an liathróid ina threo tar éis do John McGrath í a chailleadh agus chuir Callanan isteach san eangach í, Ba é an t-ochtú cúl i gcraobh na bliana seo aige, ceann i ngach chluiche.

Ba é Callanan a chruthaigh an tríú cúl tar éis 41 nóiméad, agus ba é seo buille maraithe na gCat. Phioc an lántosach an liathróid suas sa chúinne agus cé nár bhreathnaigh sé go raibh mórán roghanna aige, sheol sé pas iontach go John O’Dwyer i mbéal an chúil agus chuir ‘Bubbles’ críoch shlachtmhar leis an ngluaiseacht.

D’fhág an scór sin go raibh cúil ag teastáil ó Chill Chainnigh chun go mbeadh aon seans acu teacht ar ais ach theip orthu. Bhuail na Cait pas i ndiaidh pas isteach i dtreo TJ Reid agus Colin Fennelly sa líne lántosach ach bhí fear sa bhreis ag Tiobraid Árann thiar ansin agus bhí Ronan Maher agus Barry Heffernan, a bhí ar fheabhas beirt, in ann an liathróid a ghlanadh amach arís agus arís eile.

Bhí gaisce déanta ag Cody an fhoireann a thabhairt chomh fada seo ach léiríodh go soiléir na laigí atá iontu i bPáirc an Chrócaigh inniu. Taobh amuigh de TJ Reid, ba é John Donnelly, duine de chúigear a bhí ag tosú i gcluiche ceannais na hÉireann, an t-aon fhear a sheas an fód do Chill Chainnigh sa dara leath.

D’fhéadfadh gur scéal difriúil a bheadh ann mura mbeadh Hogan curtha den pháirc ach ní bheidh freagra na ceiste sin go deo againn agus is cinnte nach mbeidh sí ag déanamh tinnis d’imreoirí ná do lucht tacaíochta Thiobraid Árann agus Corn Mhic Cárthaigh tugtha leo acu den 28ú huair.

Cill Chainnigh: E. Murphy; P. Murphy, H. Lawlor, J. Holden; C. Fogarty, P. Walsh (0-1), P. Deegan; C. Browne, C. Buckley; J. Donnelly (0-3), TJ Reid (0-11, 10 bpoc saor), W. Walsh (0-1);  A. Mullen, C. Fennelly (0-1), R. Hogan (0-1). Fir Ionaid: B. Ryan in áit Richie Hogan (16-18 nóim), B. Ryan (0-2) in áit A. Mullen (39 nóim), R. Leahy in áit C. Buckley (47 nóim), J. Maher in áit C. Browne (53 nóim), C. Delaney in áit J. Holden (58 nóim),

Tiobraid Árann: B. Hogan; C. Barrett, B. Heffernan, R. Maher; B. Maher, P. Maher, S. Kennedy (0-2); N. McGrath (0-1), M. Breen (0-1); D. McCormack, J. O’Dwyer (1-3, 1 phoc saor), N. O’Meara (1-0); J. Forde (0-7, 4 phoc saor, 2 ‘65), S. Callanan (1-2, 1 phoc saor), J. McGrath (0-3) Fir Ionaid: M. Kehoe (0-1) in áit N. O’Meara (51 nóim), W. Connors (0-2) in áit D. McCormack (56 nóim), J. Morris (0-1) in áit J. Forde (60 nóim), S. O’Brien in áit C. Barrett (60 nóim), G. Browne (0-1) in áit M. Breen (63 nóim), J. Barry in áit P. Maher (66-67 nóim)

Réiteoir: James Owens

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Sheedy ag ceiliúradh arís agus stánáil tugtha ag Tiobraid Árann do na Cait'