TUAIRISC: Bliain bhreise curtha ag an Rialtas lena bplean cúig bliana don Ghaeilge

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta ag an Oireachtas inniu an tríú tuairisc faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 

TUAIRISC: Bliain bhreise curtha ag an Rialtas lena bplean cúig bliana don Ghaeilge

Pictiúr: Twitter/@jackfchambers

Tá bliain bhreise curtha ag an Rialtas lena bplean cúig bliana don Ghaeilge agus beagnach leath de na gníomhartha ann a bhí le déanamh anuraidh fós le déanamh.

Sheol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers an tríú tuairisc bhliantúil ‘ar dhul chun cinn’ Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne inniu.

I mbliana a bhí deireadh le teacht leis an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022, ach d’fhógair an tAire Stáit go bhfuil bliain eile á thabhairt dó mar gheall ar “an mhoill” a chuir an phaindéim ar chúrsaí.

Níor éirigh leis an gCoiste Stiúrtha atá i bhfeighil an phlean ach cruinniú amháin a bheith acu in 2021. Ar líne a tharla an cruinniú sin ar an 29 Deireadh Fómhair 2021 agus ar líne a tharla an cruinniú roimhe sin chomh maith, ar an 27 Samhain 2020.

Seo an tríú tuairisc faoin bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 agus baineann sé leis an tréimhse 2018-2021. Roinn na Gaeltachta atá i bhfeighil an phlean agus an roinn sin leis a dhéanann monatóireacht ar conas atá ag éirí leis.

61 den 180 gníomh sa phlean a bhí le bheith déanta faoi dheireadh 2021, ach ní raibh ach beagán os cionn leath díobh déanta ag deireadh na bliana seo caite. 34 gníomh a bhí curtha i gcrích ag deireadh 2021, seacht gcinn níos mó ná mar a bhí déanta ag deireadh 2020.

‘Idir lámha’ a bhí 20 gníomh eile ag deireadh 2021, ceithre cinn níos mó ná mar a bhí ‘idir lámha’ ag deireadh 2020.

Tuairiscíodh moill a bheith le seacht gcinn de na beartais sa phlean ag deireadh 2021. Bhí moill le hocht gcinn ag deireadh 2020 ach cuireadh ceann acusan i gcrích nuair a achtaíodh an bille teanga anuraidh.

Baineann ceithre cinn de na gníomhartha eile a bhfuil moill orthu i gcónaí le réimse na meán agus na teicneolaíochta. Tá Plean Digiteach don Ghaeilge a bhí le foilsiú in 2018 le foilsiú roimh dheireadh na bliana seo agus níl aip do leanaí forbartha ag RTÉ fós. Níl tástáil déanta go fóill ag RTÉ ach oiread ar thionscadal a d’fhágfadh go mbeadh lucht éisteachta in ann craoladh Gaeilge a léamh. Tá forbairt le déanamh i gcónaí chomh ar thionscadal an ‘Róbóglór’ a bhainfidh leas as róbait “chun béim a chur ar chumarsáid agus ar idirghníomhaíocht i bhfoghlaim na Gaeilge”.

Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Bhí moill chomh maith le cruthú dhá phost sa Roinn Leanaí i réimse an luathoideachais agus bhí moill le feachtas turasóireachta a bhí le forbairt ag Údarás na Gaeltachta le hiarscoláirí na gcoláistí samhraidh a mhealladh ar ais chuig an Ghaeltacht.

Ba é an gníomh eile a raibh moill leis ag deireadh 2021 ná acht teanga don Tuaisceart.

Maítear sa tuarascáil go bhfuil “dul chun cinn suntasach” déanta maidir le spriocanna an Rialtais i leith na teanga a chur i bhfeidhm in ainneoin “na ndúshlán” a bhain le COVID-19 in 2020 agus 2021.

Mar chruthúnas air sin luaitear polasaí a bheith á fhorbairt don ghaeloideachas, achtú an bhille teanga i dTithe an Oireachtais, an córas pleanála teanga, líon na bpostanna a cruthaíodh sa Ghaeltacht, lánstádas don Ghaeilge san AE, an tacaíocht bhreise a tugadh d’earnáil na gcoláistí samhraidh agus an infheistíocht a rinneadh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht.

Ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne inniu a sheol Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chamber an tuairisc bhliantúil is déanaí ar an bPlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022.

“Is plean uaillmhianach dúshlánach é an Plean Gníomhaíochta é féin atá comhdhéanta d’os cionn 180 gníomh atá á gcur i bhfeidhm i gcomhar le 60 páirtí leasmhar ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.  Dúirt sé gur léirigh an tuarascáil “go bhfuil dul chun cinn déanta agus á dhéanamh i rith an ama” ar fheidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

“Ó ceapadh mé mar Aire Stáit na Gaeltachta is údar bróid dom a fheiceáil go bhfuil na spriocanna atá leagtha síos sa phlean seo á mbaint amach bliain i ndiaidh bliana, in ainneoin na ndeacrachtaí faoi leith a bhain le dhá bhliain anuas de thoradh na paindéime.”

Fág freagra ar 'TUAIRISC: Bliain bhreise curtha ag an Rialtas lena bplean cúig bliana don Ghaeilge'