Trump a bhí ‘taobh thiar’ den ‘iarracht ar coup’ ar an gCaipeatól – éisteacht

Dúradh ag éisteacht faoin bhfiosrúchán de chuid na Comhdhála in eachtraí an 6 Eanáir 2021 gurb é Donald Trump ‘a d’adhain tine an ionsaí’

Trump a bhí ‘taobh thiar’ den ‘iarracht ar coup’ ar an gCaipeatól – éisteacht

Donald Trump, Iar-Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, a bhí taobh thiar den ruathar ar an gCaipeatól in Washington anuraidh, ruathar ar ‘iarracht ar coup’ a bhí ann.

B’in cuid dá raibh le rá ag tús na héisteachta faoin bhfiosrúchán de chuid na Comhdhála in eachtraí an 6 Eanáir 2021, nuair a rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól.

Dúirt Liz Cheney, leaschathaoirleach na bPoblachtánach ar an gcoiste atá i mbun na héisteachta, gurb é Trump “a d’adhain tine an ionsaí seo”.

Dúirt Bennie Thompson na nDaonlathach gur chuir an chíréib ar an gCaipeatól an daonlathas “i mbaol”.

“Ba é an 6 Eanáir toradh na hiarrachta a rinneadh coup a chur ar bun. Iarracht dhána a bhí ann, faoi mar a dúirt duine amháin den lucht círéibe go gairid i ndiaidh an 6 Eanáir, chun an rialtas a chur ó chumhacht.

“Ní de sheans a tharla an foréigean. Ba é seo Trump ag cur cos i bhfeac don uair dheireanach, ba é seo a iarracht ba bhaothdhána deireadh a chur le haistriú na cumhachta,” arsa Bennie Thompson.

Rinne lucht tacaíochta Trump ruathar faoin gComhdháil fad is a bhí na baill istigh tagtha le chéile chun a mbeannacht a thabhairt do bhua Joe Biden sa toghchán uachtaránachta.

Cé go gcloíonn Trump go docht i gcónaí leis an mbréag go raibh toradh an toghcháin mídhlisteanach, tugadh fianaise ag an éisteacht inné go raibh daoine ina champa féin ar mhalairt tuairim ó thús. Dúirt an t-iar-ard-aighne William Barr gur “cacamas” a bhí i maíomh Trump gur “goideadh” an toghchán uaidh. Dúirt Barr go ndúirt sé arís agus arís eile le Trump nach raibh aon bhunús leis an scéal faoi chalaois toghcháin.

Chualthas ag an éisteacht chomh maith fianaise thaifeadta ó Ivanka Trump, iníon an iar-uachtaráin, inar ndúirt sí gur ghlac sí le léamh Barr nach raibh bunús ar bith leis na líomhaintí.

Léigh Liz Cheney cuntas faoin méid a bhí le rá ag Trump nuair a dúradh leis go raibh na círéỉbeoirí ag béicigh gur chóir an leasuachtarán Mike Pence a chrochadh. De réir an chuntais, dúirt Trump go raibh an méid sin “tuillte” ag Pence.

Ba é seo an chéad éisteacht de shé cinn atá beartaithe don mhí seo. Mháigh Trump, a bhfuil leid tugtha aige go bhfuil sé ag cuimhneamh ar sheasamh arís don uachatránacht in 2024, gur “cur i gcéill” ar son na polaitíochta a bhí san fhiosrúchán.

Taispeánadh ag an éisteacht píosaí scannánaíochta ina raibh íomhánna glinne den fhoréigean in Washington ar an 6 Eanáir 2021.

Dúirt Caroline Edwards, póilín a bhí ar dualgas ar an gCaipeatól an lá sin, go raibh an áit mar a bheadh láthair chogaidh. Fad is a bhí sí ag iarraidh na círéibeoirí a chur di bhí sí ag sleamhnú ar fhuil daoine eile, a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Trump a bhí ‘taobh thiar’ den ‘iarracht ar coup’ ar an gCaipeatól – éisteacht'