Triúr ceaptha ina mbainisteoirí i nGlór na nGael

Ar dhuine de na daoine atá éirithe as tá Nora Welby a bhí 41 bliain ag obair le Glór na nGael agus aithne mhór uirthi i saol na teanga

Triúr ceaptha ina mbainisteoirí i nGlór na nGael

Áine Ní Churráin le Nóra Welby

Tá triúr ceaptha ina mbainisteoirí san eagraíocht teanga Glór na nGael.

Tá na ceapacháin déanta de bharr folúntais a bheith san eagraíocht le tamall anuas. Ar dhuine de na daoine a d’éirigh as bhí Nora Welby, as Ros Muc i gConamara, a bhí 41 bliain ag obair le Glór na nGael agus aithne mhór uirthi i saol na teanga.

Is é Frainc Mac Cionnaith, as contae an Dúin, atá ceaptha mar bhainisteoir i réimse na fiontraíochta agus an ghnó. Ag plé leis an bhforbairt pobail leis an eagraíocht a bhí sé roimhe seo.

Deirtear go mbeidh Mac Cionnaith ag díriú ina ról nua ar fhorbairt na scéime nua gnó ‘GRADAIM’ agus ar fhorbairt na seirbhísí a chuireann Glór na nGael ar fáil do Chumainn Ghaelacha na n-institiúidí tríú leibhéal.

Is í Caitríona Nic Seoin, arb as Gleann Cholm Cille i nGaeltacht Dhún na nGall di, a bheidh ag plé le forbairt pobail. I measc na gcúram a bheidh uirthi beidh Comórtas Ghlór na nGael, atá 60 bliain ar an bhfód i mbliana, agus Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha atá dírithe ar chlubanna CLG.

Áinín Uí Chasaide, arb as Ard Mhacha di, atá ceaptha mar Bhainisteoir Seirbhísí Riaracháin san eagraíocht.

Ghuigh Príomhfheidhmeannach Ghlór na nGael Lorcán Mac Gabhann “gach rathar an triúr atá ceaptha sna poist bhainistíochta.

“Is cinnte go bhfeicfear torthaí a saothar agus glúin nua de chainteoirí Gaeilge á forbairt,” arsa Lorcán Mac Gabhann.

Fág freagra ar 'Triúr ceaptha ina mbainisteoirí i nGlór na nGael'