Triúr as gach cúigear i bhfabhar stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga – pobalbhreith

Tá an plean chun stáisiún Gaeilge don óige a bhunú le fiosrú ag Coimisiún na Meán ach léiríonn torthaí pobalbhreithe nua go mbeadh tromlach an phobail sa stát i bhfabhar an tseirbhís a chur ar fáil

Triúr as gach cúigear i bhfabhar stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga – pobalbhreith

Deir triúr as gach cúigear ó dheas gur chóir stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil agus a mhaoiniú tríd an gcóras ceadúnais teilifíse reatha.

Tá an plean chun a leithéid de stáisiún a bhunú le fiosrú ag Coimisiún na Meán ach léiríonn torthaí pobalbhreithe nua go mbeadh tromlach an phobail sa stát i bhfabhar an tseirbhís a chur ar fáil.

De réir torthaí na pobalbhreithe a rinne Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge, deir 60% den phobal gur cheart stáisiún raidió Gaeilge at bheadh dírithe ar dhaoine óga agus ar fáil ar FM a mhaoiniú trí tháillí an cheadúnais reatha. Duine as gach cúigear nár aontaigh leis an ráiteas sin agus 20% eile a bhí gan tuairim faoi.

Gheall Coimisiún na Meán ina gcéad phlean oibre, a foilsíodh mí an Mheithimh, go bhféachfaí ar cheist an stáisiúin Ghaeilge nua.

Dúradh i dtuarascáil taighde a foilsíodh níos luaithe i mbliana nach raibh “aon chinnteacht” ann go n-éireodh le seirbhís raidió nua Gaeilge a bheadh dírithe ar an aos óg ach nár ghá go mbeadh an teanga ina bac roimh sheirbhís nua.

Sa taighde a rinne Foras na Gaeilge agus an BAI, an t-údarás ar cuireadh deireadh leis chun Coimisiún na Meán a bhunú, dúradh go léirigh torthaí an taighde go mbeadh daoine “oscailte” do choincheap an stáisiúin nua Ghaeilge do dhaoine óga agus go mbeadh “toilteanas éigin” ann “triail a bhaint” as a leithéid.

Díríonn an stáisiún Raidió Rí-Rá ar chainteoirí óga Gaeilge, ach ar líne amháin a chraoltar cláracha an stáisiúin i láthair na huaire. Tá Conradh na Gaeilge, a thugann tacaíocht do Raidió Rí-Rá ag éileamh le fada go mbunófaí an tseirbhís mar stáisiún náisiúnta FM.

Deir Emma Ní Chearúil, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, go mbíonn an stáisiún ag craoladh seacht lá na seachtaine ar líne ach gur mhaith leo go mbeidís ar FM go lánaimseartha amach anseo.

“Taispeánann na figiúirí is déanaí anseo go bhfuil tromlach mór den phobal i bhfabhar stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga a bheadh maoinithe tríd an gceadúnas teilifíse reatha. Tá flúirse stáisiún fá láthair ag craoladh go príomha i mBéarla, agus tá a mhúnla féin ag Raidió na Gaeltachta go náisiúnta mar stáisiún don Ghaeltacht agus do phobal na Gaeilge.

“Is céim chun cinn mór a bheadh ann – mar atá leagtha amach ag Coimisiún na Meán mar cheann dá mianta don todhchaí – go mbeadh stáisiún ar FM go lánaimseartha ag freastal ar an aos óg i nGaeilge.”

Deir Ní Chearúil gur “cinneadh nádúrtha” a bheadh ann infheistíocht a dhéanamh i Raidió Rí-Rá dá mbeadh stáisiún Gaeilge do dhaoine óga le bunú toisc go bhfuiltear ag craoladh don spriocphobal sin cheana féin.

“Rachadh maoiniú ón gceadúnas teilifíse i bhfad le Raidió Rí-Rá a fhorbairt níos mó le seirbhís ríthábhachtach Ghaeilge a chur ar fáil d’aos-óg na tíre ar FM go lánaimseartha,” ar sí.

Tá príomhthorthaí phobalbhreith Ireland Thinks do Chonradh na Gaeilge á bhfoilsiú go heisiach ag Tuairisc mar shraith scéalta le seachtain.

I measc na gceisteanna a cíoradh sa taighde bhí dearcadh an phobail ar úsáid na teanga, an Ghaelscolaíocht, seirbhísí stáit trí Ghaeilge, cearta teanga ó thuaidh agus maoiniú na teanga ó dheas.

Roghnaíodh rannpháirtithe don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagan síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Is é +/- 2.5% an corrlach earráide don phobalbhreith ó dheas agus +/- 3.0% ó thuaidh.

 

Fág freagra ar 'Triúr as gach cúigear i bhfabhar stáisiún raidió Gaeilge do dhaoine óga – pobalbhreith'

  • Rossa Ó Snodaigh

    An deactacht atá le Stáisiún Raidió don Óige ná gur sa tSasanais a bheidh tromlach na hamhráin. Ar bhealach sílim go bhfuil deis fós le tapú ag Anocht FM, Raidió Rí Rá, Raidió na Life agus Raidió Fáilte ardán a thabhairt d’amhráin i nGaeilge.
    Samhlaigh go raibh cinnteidil i nGaeilge ag Tuaraisc ach go raibh na haltanna go léir i nGaeilge.
    Samhlaigh dá mba rud é fo raibh na stáisiúin sin théis infheistiú a dhéanamh i bheith ag déanamh taifead d’ard chaighdeán ar buíon ag cannadh amhráin i nGaeilge i chuile stíl ceoil dá bhfuil ann nuair a thosaigh siad- bheadh chuile stáisiún daofa in ann cláracha a líonadh le hamhráin i nGaeilge agus bheadh raidhse buíon ag seinnt i nGaeilge.